Tiobraid Árann agus Gaillimh ag dul sa bhearna bhaoil arís i gcluiche ceannais na sraithe

Casfaidh na foirne seo ar a chéile i gcluiche ceannais sraithe den seachtú huair le 30 bliain anuas Dé Domhnaigh, agus trí chluiche an taobh atá buaite acu go dtí seo

Tiobraid Árann agus Gaillimh ag dul sa bhearna bhaoil arís i gcluiche ceannais na sraithe

Nicky English agus Peter Finnerty (1989) Pictiúr: INPHO/James Meehan

Is beag a bhí idir Gaillimh agus Tiobraid Árann sa chraobh le cúpla bliain anuas. Bhuaigh Tiobraid Árann cluiche leathcheannais na hÉireann an bhliain seo caite le haon phointe amháin, agus an farasbarr céanna a bhí ag Gaillimh orthusan i gcluiche leathcheannais 2015.

An Domhnach seo, casfaidh siad ar a chéile i gcluiche ceannais na sraithe, cluiche ina mbíonn an choimhlint chomh dian céanna eatarthu is a bhíonn sa chraobh de ghnáth.

Casfaidh na foirne seo ar a chéile i gcluiche ceannais sraithe den seachtú huair ó 1989 Dé Domhnaigh, agus trí chluiche an taobh atá buaite acu go dtí seo

I measc na gcoimhlintí sin, tá cuid de na cluichí ceannais sraithe is fearr atá feicthe againn le tríocha bliain anuas.

1989 – Gaillimh 2-16 Tiobraid Árann 4-8

Nuair a chas Gaillimh agus Tiobraid Árann ar a chéile i gcluiche ceannais na sraithe 1989, ba iad an dá fhoireann ab fhearr sa tír iad. Bhí Gaillimh tar éis Craobh na hÉireann a bhuachan dhá bhliain as a chéile agus na Tiobraid Árannaigh sáraithe acu i gcluiche leathcheannais 1987 agus arís sa chluiche ceannais i 1988.

Bhí fonn díoltais ar na Muimhnigh sa chluiche sraithe seo agus bhí luas dochreidte faoin imirt ann. Cúig chúl a scóráladh sa chéad 20 nóiméad, agus sé cinn a bhí i gceist san iomlán. Fuair Joe Cooney agus Pat McGrath cúl an duine an lá sin agus beidh mic leo beirt ag imirt Dé Domhnaigh, Joseph Cooney do Ghaillimh agus Noel agus John McGrath do Thiobraid Árann.

Bhí Gaillimh pointe amháin chun cinn ag leath ama, 2-8 in aghaidh 3-4, agus mar a chéile a bhí an bhearna eatarthu agus gan ach cúig nóiméad fágtha sa chluiche. D’éirigh le na Gaillimhigh an lá a thabhairt leo, ach ní raibh i bhfad ar Thiobraid Árann gur bhain siad díoltas. Fuair siad an ceann is fearr ar Ghaillimh i gcluiche leathcheannais na hÉireann na bliana sin, cluiche a luaitear ‘eachtra Tony Keady’ leis i gcónaí.

1994 – Tiobraid Árann 2-14 Gaillimh 0-12

Chaill foireann Babs Keating in aghaidh na Gaillimhe i gcluiche leathcheannais na hÉireann i 1993 ach nuair a chas siad ar a chéile arís i gcluiche ceannais na sraithe i 1994, bhí na Tiobradaigh i bhfad róláidir dá gcéilí comhraic, d’ainneoin Nicky English a bheith gortaithe.

An bhearna is lú a bhí eatarthu ag leath ama agus Tiobraid Árann chun cinn. Rinneadh tosaithe Thiobraid Árann scrios sa dara leath, áfach. D’aimsigh na mórlaochra acu, John Leahy agus Declan Ryan, an dá chúl dóibh.

1996 – Gaillimh 2-10 Tiobraid Árann 2-8

Is maith an chuimhne a bheidh ag beirt bhainisteoirí an lae inniu ar an gcluiche seo. Bhí Michael Ryan agus Micheál Donoghue i measc na gcúlaithe dá gcuid foirne an lá sin.

Chéas John Leahy Gaillimh arís agus ba é a scóráil gach cúilín a d’aimsigh Tiobraid Árann. Níor aimsigh Gaillimh ach dhá phointe sa chéad leath ach spreag cúl Joe Cooney iad agus gan ach sé nóiméad fágtha. Comhscór a bhí ann agus an cluiche ag teannadh le ham cúitimh. Cúilín an duine ó Liam Forde agus Joe Rabbitte a chinntigh gur ag fir an iarthair a bheadh an bua agus a gcéad chorn ó bhuaigh siad ar Thiobraid Árann i gcluiche ceannais na sraithe i 1989.

1999 – Tiobraid Árann 1-14 Gaillimh 1-10

Bhí cuma na maitheasa ar Ghaillimh ag tús chluiche ceannais 1999 agus Kevin Broderick ag déanamh an diabhail ar chosantóirí Thiobraid Árann nach raibh ábalta don choisíocht ann. D’éirigh, áfach, leis na Tiobraid Árannaigh teacht timpeall ar an tosach beag faoi dheireadh, agus bhí Gaillimh réidh dá bharr.

Don tríú cluiche ceannais as a chéile idir na foirne, ba é John Leahy a stiúir an imirt agus fuair sé cúl freisin sa chéad leath. Fuair sé cúnamh maith ó chaptaen na foirne Tommy Dunne, fear a d’aimsigh deich bpointe.

2000 – Gaillimh 2-18 Tiobraid Árann 2-13

Dé Domhnaigh beag seo, beidh súil ghéar ag cosantóirí Thiobraid Árann ar Joe Canning. Deartháir le Joe a rinne slad ar na Muimhnigh i mbliain na mílaoise. Agus é ag imirt sa líne lántosach, d’aimsigh Ollie Canning dhá chúl na Gaillimhe agus cé go raibh cúig phointe idir na foirne ag deireadh an chluiche, ba cheart go mbeadh níos mó de bhearna ná sin ann.

2008 – Tiobraid Árann 3-18 Gaillimh 3-16

Cé nach raibh ach cluiche amháin eile imeartha ag Joe Canning d’fhoireann shinsir na Gaillimhe roimh an gcluiche seo, ba léir faoi dheireadh na himeartha go mbeadh a chontae ag brath go mór ar fhear Phort Omna go ceann i bhfad. Cé gur aimsigh Canning agus Damien Hayes, fear eile as Port Omna, 1-10 eatarthu, chinn orthu an ceann is fearr a fháil ar Thiobraid Árann..

Ní raibh ach pointe amháin idir na foirne ag leath ama, agus b’amhlaidh an scéal agus gan ach deich nóiméad fágtha, ach ba iad Tiobraid Árann ab fhearr as sin go deireadh.