Tine mhór Chonamara ‘faoi smacht’ ag na seirbhísí éigeandála ach baol fós ann

Dúradh tráthnóna inné gur mhór an chabhair an aimsir chiúin a bhí ann do na hiarrachtaí an tine a cheansú agus gur cuireadh stop le scaipeadh na lasracha nuair a lagaigh an ghaoth sa cheantar

Tine mhór Chonamara ‘faoi smacht’ ag na seirbhísí éigeandála ach baol fós ann

Tá ráite ag seirbhísí éigeandála i gContae na Gaillimhe go bhfuil an tine mhór ar an gClochbhaile i gConamara “faoi smacht” anois ach go mbeidh laethanta ann sula mbeidh an tine múchta ar fad.

Dúradh gur chabhraigh an aimsir chiúin a bhí ann leis na hiarrachtaí an tine a cheansú agus gur cuireadh stop le scaipeadh na lasracha nuair a lagaigh an ghaoth sa cheantar.

Mar sin féin, dúirt Coillte, a chaill aon trian den choill is mó atá acu, go mbeidh laethanta ann sula múchfar an tine ar fad agus go bhfuil an baol ann i gcónaí go n-ardódh an ghaoth arís agus go scaipfeadh an tine athuair.

Tá oibrithe ó Coillte féin, Briogáid Dóiteáin na Gaillimhe agus an tAerchór ag obair ar an láthair go fóill agus iarrachtaí ar bun an tine a cheansú.

Tá Coillte den tuairim gur tine a lasadh d’aon ghnó ba shiocair leis an loscadh mór millteach — an tine is measa dá shórt le 40 bliain anuas — cé nach bhfuil údar na tine deimhnithe fós.

Tá os cionn 3,500 heicteár coillte agus talamh portaigh scriosta ag an tine faoin tráth seo agus bhíothas buartha ar maidin go raibh 2,000 heicteár eile i mbaol a loiscthe. Bhí na seirbhísí dóiteáin ag obair ar an láthair óna 5.30 maidin inné leis an tine a chur a cheansú.

Meastar go bhfuil idir 20 agus 30 tine shléibhe ar lasadh ar fud na tíre faoi láthair, ach dúirt Coillte gurbh í tine Conamara an ceann “ba thromchúisí” acu.

Fág freagra ar 'Tine mhór Chonamara ‘faoi smacht’ ag na seirbhísí éigeandála ach baol fós ann'