Thuill iarmhéara ar Aontroim agus Baile na Mainistreach a fuair bás an tseachtain seo ardmholadh cúpla bliain ó shin as an nGaeilge a labhairt.
Bhásaigh Paul Hamill, iarchomhairleoir de chuid an DUP, i ndiaidh tréimhse fhada a chaitheamh san ospidéal.
An Covid-19 a thug bás Hamill a bhí ar aerálaí le seachtain.
In 2018, agus é ina mhéara ar Aontroim agus Baile na Mainistreach, labhair Paul Hamill Gaeilge agus fáilte á cur aige roimh dhaoine chuig ócáid le linn Sheachtain na Gaeilge.
“Dia daoibh agus fáilte mhór chugaibh go Mossley Mill chun an ceiliúradh speisialta seo, Seachtain na Gaeilge,” a dúirt sé agus thuill a chuid cainte bualadh bos mór.
Irish may be one of the issues at the heart of the political stalemate at Stormont, but DUP Mayor Paul Hamill has demonstrated to @utv how he will be speaking the language to open an event for young Irish speakers https://t.co/3nr7zfdwu9 pic.twitter.com/OezIPfY6Wz
— UTV (@utv) March 14, 2018
Moladh Hamill ag an am as an nGaeilge a labhairt in ainneoin doicheall a pháirtí roimh an teanga.
Dúirt ceannaire an DUP Jeffrey Donaldson an tseachtain seo go mbraithfeadh daoine go mór uathu Hamill. Dúirt sé gur ionadaí poiblí “díograiseach dúthrachtach” a bhí ann a raibh “aithne agus meas” ag daoine ó gach cuid den phobal air.
Maireann a bhean Ruth agus a n-iníonacha Grace agus Sarah.
Fág freagra ar 'Thuill comhairleoir de chuid an DUP a bhásaigh den choróinvíreas moladh tráth as Gaeilge a labhairt'