Thuigfeadh bádóirí stuama Árann an teachtaireacht is déanaí ón Rialtas…

Is ar stuaim an phobail a bheidh maolú na mbeartas in aghaidh an choróinvíris ag brath

Thuigfeadh bádóirí stuama Árann an teachtaireacht is déanaí ón Rialtas…

An Taoiseach, Leo Varadkar. Pictiúr: Leon Farrell/Photocall Ireland

‘Seachain!’ Chloiseadh scríbhneoir an cholúin seo an focal sin go minic gach uair a mbíodh sé d’ádh air fadó dul ar thuras gairid i gcurach in Árainn. Mar is eol do gach bádóir stuama is fearr rabhadh a thabhairt do dhaoine roimh ré ná iad a tharrtháil i gcás timpiste.

Tá ‘Seachain’ oiriúnach freisin mar chur síos gonta ar theachtaireacht an rialtais agus maolú breise ar na srianta in aghaidh an choróinvíris á cheadú acu ón Luan. Ní foláir do gach duine, a dúirt Leo Varadkar le linn chomhdháil nuachta an rialtais Dé hAoine, na rudaí ciallmhara a rinneadar go dtí seo a dhéanamh i gcónaí. Is tábhachtaí anois ná riamh, dar leis, dea-nósanna ar nós an scartha sóisialta, an níochán lámh agus na dea-bhéasa riospráide.

Thug an tAire Gnó Heather Humphreys “lá an dóchais” ar fhógairt mhaolú na srianta ach d’iarr sí ar an bpobal gan na maidí a ligean le sruth. Maidir le hoscailt siopaí ón Luan, dúirt sí go mbeadh dualgas ar úinéirí a gcustaiméirí agus a bhfoirne a choinneáil slán de réir na rialacha nuafhoilsithe.

Ba léir ónar dúradh ag an nuachtócáid go raibh cor suntasach á chur i straitéis an stáit in aghaidh Covid-19. Ní hamháin toisc beartais áirithe i bplean an rialtais a bheith á gcur i bhfeidhm níos luaithe ná mar a fógraíodh i dtús báire, ach toisc gur léiríodh freisin bearna idir beartais an rialtais agus na beartais a mhol an Fhoireann Éigeandála Náisiúnta um Sláinte an Phobail.

Beidh cead ag ionaid siopadóireachta (nó ‘shopping malls’ mar a thug an Taoiseach orthu agus an leagan Meiriceánach á úsáid aige) oscailt ó 15 Meitheamh, cé gur mhol an Fhoireann Náisiúnta um Éigeandáil sa tSláinte Phoiblí (NPHET) nach n-osclófaí iad go ceann trí seachtaine ina dhiaidh sin.

Ní cóir béim rómhór a chur ar easaontas dá leithéid idir NPHET agus an Rialtas, in ainneoin a thábhachta. Mar a dúirt an Taoiseach, baineann an chomhairle a chuireann an Dr Tony Holohan agus saineolaithe eile ar fáil don rialtas leis an tsláinte phoiblí amháin. Is faoin rialtas atá sé cúinsí sóisialta agus eacnamaíochta a mheá chomh maith sula ndéanann siadsan cinneadh.

Mhol an Taoiseach do dhaoine gan eitiltí a chur in áirithe, mar atá molta go láidir agus go leanúnach ag Michael O’Leary. Dúirt Heather Humphreys nach mbeadh daoine ábalta smaoineamh níos mó ar thuras go dtí ionad siopadóireachta mar thuras pléisiúrtha ná mar dheis chun bualadh le cairde. Faraor, níl na laethanta deasa gan bhuairt linn fós.

Is léir, mar sin féin, cúis dóchais an rialtais sa chuntas ar líon na marbh a fhoilsíonn an Roinn Sláinte gach lá. Fuair 41 duine bás agus cláraíodh 382 duine a tholg an víreas an tseachtain dar críoch 4 Meitheamh. Mí go leith roimhe sin, an tseachtain dar críoch 23 Aibreán, d’éag 337 duine agus cláraíodh 4,020 duine a raibh an galar orthu.

Níor fhógair an Taoiseach neartú ar mholadh an rialtais go gcaithfí clúdaigh aghaidhe i siopaí, ar bhusanna, ar thraenacha agus ar thramanna, cé go dtuairiscítear i mórán áiteanna go bhfuil an nós níos neamhchoitianta ná mar a bhí mí ó shin – ainneoin chomhairle an rialtais.

Is deacair dearcadh bog an rialtais ar an ábhar seo a thuiscint – más cosaint éifeachtach in aghaidh an víris é béal agus srón a chlúdach, mar a deir scata saineolaithe, cén fáth nach bhfuil an nós á mholadh go láidir ag an rialtas, nó á chur i bhfeidhm go héigeantach mar a bheidh i Sasana go luath?

Nó an amhlaidh go nglactar leis gur ar bhonn uile-Éireann amháin a fhéadfaí polasaí dá leithéid a chur i bhfeidhm go héifeachtach?

Focal scoir: Mar atá ráite ag an gCeann Comhairle Seán Ó Fearghaíl go soiléir agus go minic, ní féidir gnáthdhíospóireachtaí Dála a reáchtáil faoi láthair mar gheall ar chontúirt an choróinvíris.

Cuirtear uasteorann 21Teachta Dála ar thinreamh le linn cruinnithe, agus cuirtear deireadh le gach díospóireacht tar éis dhá uair an chloig ionas gur féidir seomra na Dála a ghlanadh. Tugann an Ceann Comhairle rabhadh gach lá beagnach nach mbeidh am ag airí ceisteanna a fhreagairt mura labhraíonn na Teachtaí Dála go beacht.

Faraor, ba léir arís i rith na seachtaine nach freagra a theastaigh ó mhórán Teachtaí Dála dáiríre ach a bheith ag labhairt ionas go mbeidís ábalta a rá gur tharraing siad ábhar anuas a bhaineann lena ndáilcheantair fhéin. Cuirtear am na Dála amú, ceiltear deis freagartha ar airí, agus coimeádtar eolas siar ón bpobal mar gheall ar sheafóid dá leithéid.

Fág freagra ar 'Thuigfeadh bádóirí stuama Árann an teachtaireacht is déanaí ón Rialtas…'