Thuig gach éinne go raibh Uachtarán nua i gcumhacht i Stáit Aontaithe Mheiriceá…

Agus an t-aistriú cumhachta i mbéal an phobail, tá cumhacht ag baint i gcónaí le scéal bhás John F Kennedy agus insealbhú Lyndon Baines Johnson

Thuig gach éinne go raibh Uachtarán nua i gcumhacht i Stáit Aontaithe Mheiriceá…

Deirtear go bhfuil a fhios ag gach éinne a bhí beo ag an am, cá raibh siad nuair a chuala siad go raibh Uachtarán Mheiriceá Jack Kennedy básaithe. Tugadh amach an drochscéala ar Theilifís Éireann nuair a bhris an léitheoir Nuachta Charles Mitchel isteach ar na cláracha agus ba é an phearsa mhór spóirt Micheál Ó hEithir a rinne an tráchtaireacht dúinn ag an tsochraid.

Is cuimhin liom gur chuir cara pinn le mo mháthair, leabhar deas pictiúr chugainn: The Torch Has  Passed – nath cainte a d’úsáid Kennedy ina óráid  Uachtaránachta – (‘The torch has passed to a new generation…’) Ba iad Associated Press a chuir an leabhar amach mar chuimhneachán ar na laethanta brónacha stairiúla sin idir an 22 agus an 25 Samhain, 1963.

Beathaisnéisí Lyndon Baines Johnson is ea an scríbhneoir Robert Caro. Thug sé cuntas an-mhion ar an aistriú cumhachta a tharla an oíche sin, an 22 Samhain, in alt a scríobh sé sa New Yorker in 2012. Toisc go bhfuilimid ag féachaint ar aistriú cumhachta eile na laethanta seo a tháinig an t-alt chun cuimhne dom.

Bhí an tUachtarán Kennedy agus a Leas-Uachtarán Lyndon Baines Johnson i mbun toghchánaíochta don olltoghchán a bheadh ann an chéad bhliain eile, 1964.

Bhí Kennedy ar thuras timpeall na tíre ag réiteach chuige sin agus an lá áirithe sin, an 22 Samhain, bhí sé in Dallas, Texas. Ba é Texas stát dúchais a Leas-Uachtaráin, LBJ, mar a tugadh air.

Faoin am sin i 1963, bhí Johnson faoi bhrú. Dúirt gach éinne a chonaic é ag an am go mbíodh strainc air – chomh maith le cuma an éadóchais agus gach comhartha air go raibh sé ar a bhealach amach.

Ghlac sé leis an bpost mar Leas-Uachtarán i 1960, toisc go mbeadh sé gar do lárionad na cumhachta agus seans aige, b’fhéidir ar an Uachtaránacht an chéad gheábh eile.

Ach bhí deartháir óg an Uachtaráin, Bobby Kennedy, an tArd-Aighne, ag déanamh an-dul chun cinn sa Rialtas agus gach cosúlacht air go ngabhfadh seisean ar aghaidh don Uachtaránacht i 1968 – rud a rinne sé.

An lá sin in Dallas ní raibh cuma rómhaith ar LBJ. Nuair a shroich Air Force One an t-aerfort in Dallas, bhí na sluaite amuigh roimh an Uachtarán. Gach duine ag scréachaíl agus ag béicíl ag cur fáilte roimhe agus go háirithe roimh a bhean chéile álainn, Jackie. Bhí gach dara scread dírithe uirthi siúd.

De réir tuairiscí nuachta ag an am, bhí drochscéalta ag scaipeadh faoi LBJ. Bhí fiosrúcháin ar bun ag iriseoirí san iris cháiliúil Life agus ag coiste Seanaid na ‘Rialacha’ in Washington, faoina chuid airgid. Fear a bhí ann a chaith a shaol ar fad beagnach sa bpolaitíocht – sa tseirbhís phoiblí.  Cén chaoi an raibh sé in ann na milliúin dollar a chruinniú chuige féin? Bhí cuid de na fiosrúcháin dírithe ar a chuid gnólachtaí teilifíse agus raidió.

Ní hamhlaidh a bhí ag Kennedy agus a bhean, iad ag breathnú folláin agus fuinniúil an lá sin in Dallas. Ní dhéanfar dearmad go deo ar chulaith álainn bhándearg Jackie Kennedy agus í ar cuairt ar an gcathair. Bhí hata beag dúnáin, pillbox sa mbándearg céanna uirthi agus lámhainní á gcaitheamh aici, mar a bhíodh go hiondúil.

Agus an líne carranna – an ‘motorcade’ ag dul trí Dallas, bhí carr an Leas-Uachtaráin taobh thiar – faoin am ar shroich a charr siúd na sluaite bhí siad fós ag béicíl ar charr an Uachtaráin agus dearmad déanta acu ar an bhfear áitiúil – LBJ.

In imeacht cúpla soicind d’athraigh chuile rud. Nuair a chualathas torann an raidhfil ag scaoileadh leis an Uachtarán, chuaigh na póilíní agus an tSeirbhís Rúnda a bhí in éineacht leo, i mbun gnímh ar an bpointe. D’iompaigh na carranna i dtreo an ospidéil faoi luas. Léim duine de na póilíní sa mullach ar Johnson agus bhrúigh síos ar urlár an chairr é.

Ar feadh roinnt uaireanta an chloig ní raibh a fhios ag daoine céard a bhí tarlaithe seachas go raibh an tUachtarán caite le hurchar. Sin an méid a d’inis Charles Mitchel don náisiún s’againne an tráthnóna sin.

Nuair a fógraíodh go raibh sé ar lár, chuathas i mbun oibre chun Johnson a thabhairt ar ais go Washington. Ceapadh go ngabhfadh Mrs Kennedy ar ais in eitleán eile, ag tionlacan corp a fir.

Ach tháinig claochlú ar Johnson in achar gearr. Dúirt daoine a bhí ann gur éirigh sé údarásach, calma. Shocraigh seisean go bhfanfadh an t-eitleán ar an rúidbhealach in Dallas go mbeadh corp an Uachtaráin agus Mrs Kennedy ar bord. Ní ghabhfadh seisean ar ais go Washington gan iad, a dúirt sé.

Cé go raibh Johnson anois ina Uachtarán, gan aon mhóid ná tada eile ag teastáil go hoifigiúil, shocraigh Johnson go dtógfadh sé an mhóid – ar an eitleán, fiú sula bhfágfadh sé an talamh.

Bhí gach duine eile trína chéile ar fad – bhí daoine ag ceapadh go mb’fhéidir go raibh comhcheilg ar bun in aghaidh an Rialtais; bhí faitíos faoi céard a dhéanfadh na Sóivéadaigh agus an Cogadh Fuar i mbarr a réime; bhí ráflaí ag dul thart faoi ionsaí i mBeirlín; bhí faitíos ar na seirbhísí cosanta go raibh Johnson féin i mbaol.

Ach bhí gach duine aontaithe faoi rud amháin, nuair a labhair siad faoi i ndiaidh na n-eachtraí sin. Ba é Lyndon Baines Johnson an tUachtarán anois agus ní fhéadfadh aon duine a bheith in amhras faoi sin.

Fear ard téagartha as Texas a bhí ann. Chomh luath agus a shiúil seisean isteach i seomra bhí a fhios agat go raibh LBJ i láthair.

Ach bhí straitéis ag baint lena cheapadh – thabharfadh fear as Stát Deisceartach go leor tacaíochta ó dheisceart na Stát Aontaithe leis chuig Uachtarán nua, rud a rinne sé i 1960.

Ach ó shin bhí sé tugtha, lagaithe agus gan mórán cuma air. Bhí sé cinnte go raibh a ré caite.

In Air Force a hAon an lá sin an 22 Samhain, d’fhás sé arís. Bhreathnaigh sé níb airde ná mar a bhreathnaigh sé riamh, a dúirt daoine a bhí i láthair.

Ar ordú ó Johnson, tugadh breitheamh áitiúil ar bord. Brúdh an oiread daoine isteach i seomra Stáit an eitleáin agus a d’fhéadfaí a chur ann. Thug Johnson na horduithe faoi cá seasfadh daoine timpeall air agus é ag glacadh na móide. Rinne sé cinnte de gur tugadh iriseoirí isteach ar bord.

Rinne sé cinnte de freisin gur tugadh áit do rúnaí pearsanta Kennedy, ionas go raibh deis aici an searmanas a fheiceáil i gceart.

Bhí sos ann. Ní raibh Mrs Kennedy tagtha fós. D’iarr Johnson orthu ar fad fanacht go dtiocfadh sí.

D’aontaigh sí a bheith i láthair ‘ar son na staire’. Is ag cuimhneamh ar an stair a bhí sí freisin nuair a d’fhág sí uirthi a culaith bhándearg agus í smeartha le fuil a fir chéile,  – ‘go bhfeicfeadh daoine cad a rinne siad ar Jack’.

Frítheadh leabhar beag Aifrinn agus thóg Johnson an mhóid an oíche sin agus an t-eitleán fós ar an talamh. Bhí laethanta fada roimh gach éinne, roimh an tír, agus go deimhin roimh an domhan ar fad, a bhí faoi bhrón.

Ní raibh a fhios ar feadh i bhfad cé nó cé hiad a bhí taobh thiar den mharú. Bhíothas in amhras faoi thíortha eile – go háirithe na tíortha Cumannacha; go deimhin bhí scanradh ar dhaoine roimh chogadh domhanda.

Ach bhí a fhios ag gach éinne go raibh Uachtarán nua i gcumhacht i Stáit Aontaithe Mheiriceá.

Fág freagra ar 'Thuig gach éinne go raibh Uachtarán nua i gcumhacht i Stáit Aontaithe Mheiriceá…'