‘Thugamar aghaidh ar an dúshlán seo cheana’ – tús curtha leis an dara tréimhse dianghlasála

Mairfidh na srianta a tháinig isteach aréir ar feadh sé seachtaine go dtí an 1 Nollaig

‘Thugamar aghaidh ar an dúshlán seo cheana’ – tús curtha leis an dara tréimhse dianghlasála

Tá tús curtha ar maidin leis an dara tréimhse dianghlasála sa Stát agus srianta taistil agus eile i bhfeidhm ó mheán oíche aréir.

Dúirt an Dr Tony Holohan, Príomhoifigeach Leighis na Roinne Sláinte, go bhféadfaí an galar a chur faoi chois athuair.

“Is mór an dúshlán atá romhainn, ach thugamar aghaidh ar an dúshlán seo cheana, agus mar sin tá a fhios againn conas an víreas seo a chur faoi chois – cloí go docht leis an gcomhairle sláinte phoiblí i ngach rud a dhéanaimid,” arsa an Dr Tony Holohan.

Mairfidh na srianta a tháinig isteach aréir ar feadh sé seachtaine go dtí an 1 Nollaig. Déanfar athbhreithniú orthu tar éis ceithre seachtaine.

Murab ionann agus tréimhse dhianchuibhrithe an earraigh, coinneofar na scoileanna agus na hionaid cúram leanaí oscailte an babhta seo. Tá cead chomh maith craobhchomórtais shinsir CLG a imirt.

Táthar ag súil go gciallóidh na srianta go mbeifear in ann an tír a oscailt cuid mhór do mhí na Nollag.

Tá an Fhoireann Náisiúnta um Éigeandáil sa tSláinte Phoiblí ag súil go mbeidh níos lú ná 100 cás sa lá sa tír faoi thús mhí na Nollag nuair atá sé i gceist srianta leibhéal a 5 a scaoileadh.

Dúradh go bhféadfaí na srianta a scaoileadh dá n-éireodh linn ráta scaipthe an ghalair nó an uimhir R a ísliú faoi 0.5. Meastar gur ag 1.4 atá sí faoi láthair.

Tá srianta taistil i bhfeidhm ón lá inniu agus níl cead ag daoine taisteal níos faide ná cúig chiliméadar óna dteach, seachas i gcás eisceachtaí ar leith.

Faoi na srianta Leibhéal 5 tá gach siopa agus gnó nach bhfuil riachtanach dúnta. Tá cead oscailte ag tithe tábhairne, caiféanna agus bialanna do sheirbhís beir leat amháin as seo go ceann sé seachtaine.

Níl cead ag daoine cuairt a thabhairt ar dhaoine eile ina dtithe ná ina ngairdín agus níl cead aon teacht le chéile sóisialta.

Tá cead ag daoine bualadh le teaghlach amháin eile taobh amuigh chun aclaíocht a dhéanamh.

Níl cead aon imeacht sóisialta a eagrú laistigh ná lasmuigh.

Tá córas grúpa nó cuasnóige nua á thabhairt isteach lena chinntiú nach bhfágfar daoine scoite ón saol agus ón gcomhluadar le linn na dianghlasála. Bhí córas dá leithéid i bhfeidhm sa Nua-Shéalainn faoina gcomhairfeadh teaghlach daoine eile mar chuid dá gcuasnóg nó dá dteaghlach féin – cúramóirí nó daoine a bhí ina gcónaí astu féin.

Tá cead 25 duine a bheith ag bainis agus 25 ag sochraid.

Dúnadh maidin inniu chomh ionaid aclaíochta agus fóillíochta agus linnte snámha agus tá cosc ar thraenáil spóirt.

Níl cead aon chluichí ná imeachtaí spóirt a eagrú ach tá eisceacht déanta i gcás na scothspórt, amhail CLG, agus tá traenáil do pháistí ceadaithe chomh maith.

Tá cumhachtaí breise tugtha don Gharda Síochána le go bhféadfar fíneáil a ghearradh ar dhaoine a eagraíonn cóisirí tí agus tá fíneálacha nua ann do dhaoine a dhiúltaíonn cloí leis na srianta nua taistil.

Fág freagra ar '‘Thugamar aghaidh ar an dúshlán seo cheana’ – tús curtha leis an dara tréimhse dianghlasála'