Thug mé vóta don aon duine a d’aithin gur thug siad masla don Ghaeltacht…

Rinne ár gcolúnaí gearán leis na páirtithe faoi bhileoga i mBéarla amháin a sheoladh chuici sa Ghaeltacht. Fuair sí freagra amháin…

Thug mé vóta don aon duine a d’aithin gur thug siad masla don Ghaeltacht…

LÉARÁID: CÓS/TUAIRISC.IE

Tá na toghcháin thart, tá an comhaireamh fada beagnach déanta agus beidh an dáréag is píobaire a thiocfaidh slán ón súnámaí páipéar ar a mbealach chun na Bruiséile agus Strasbourg go dtí parlaimint ar mó an chaint ná an gníomh a dhéantar inti.

Beidh fuireach calaidh ar bheirt acu go dtabharfaidh an Captaen Farage cead ar bord dóibh.

Ní bheadh mórán de bharúil agat de dhream ar bith ar chinn orthu aontú faoi cá mbeidís ag obair – ach tar éis na cainte, chuimhnigh siad ar sheift – an chreach a roinnt idir dhá chathair agus dhá thír ina labhraítear cúpla teanga.

Trí theanga oifigiúla atá sa mBeilg – Pléimeannais, Fraincis agus Gearmáinis. Ní mé cén líofacht atá ag an triúr déag atá á seoladh anonn againn in aon cheann de na teangacha sin.

Tá dhá theanga oifigiúla sa tírín seo freisin agus ní iarrtar ar aon fheidhmeannach poiblí a chruthú go bhfuil mo cheannsa aige le labhairt liom ná ní chuirtear ar a shúile dó nó di go mb’fhéidir go mbeinnse ag súil leis an gcúirtéis sin agus go bhfuil an ceart sin agam.

Íocann an rialtas suas le €8 milliún sa mbliain le páirtithe polaitiúla sa tír seo agus seoltar eolas ar an bpost faoi na hiarrthóirí agus a bhfeachtas toghcháin chuig gach duine atá cláraithe le vótáil – an Litir Um Thoghchán.

B’amhlaidh sna toghcháin seo agus ba é sin a spréach ar fad mé.

Chugam ar an bpost tháinig cual litreacha a d’inis dom faoi chumas, éachtaí agus éirim na n-iarrthóirí a raibh de thírghrá iontu seasamh i dtoghchán na hEorpa ar mo shonsa.

Fianna Fáil, Fine Gael, Páirtí an Lucht Oibre, Comhaontas Glas, Neamhspleách – ag seoladh bileoga chugam ar íoc mé féin agus cáiníocóirí eile astu – i mBéarla.

Aineolas, dímheas, forlámhas, neamhshuim, oilbhéas, sotal, nó drochmhúineadh?

Nó iad go léir in éineacht, b’fhéidir?

‘Fillfidh an feall ar na feallairí,’ a dúirt liom féin nuair a bhí slabhra mallachtaí curtha agam leo ar fad. ‘Diabhal vóta a thabharfas mise d’aon duine a mhaslaíonn mé féin agus mo theanga’.

Chuir mé an t-iomlán bréan sa mbosca.

Nuair a d’fhuaraigh an fhuil de bheagán thug mé liom arís iad agus chuir mé ríomhphost ag na Béarlóirí breátha uilig ag cur ar a súile dóibh go bhfuil Gaeltacht sa tír seo agus gur fánach acu a bheith ag súil go vótálfadh Gaeilgeoir do dhuine a mhaslaíonn a teanga.

An bhfuair mé freagra?

Fuair mé freagra aonair amháin ó Shaoirse McHugh a bhí ag seasamh do Chomhaontas Glas. A leithscéal ‘bacach’, mar a d’admhaigh sí féin – go ndearna sí dearmad glan ar an nGaeilge agus d’admhaigh sí freisin gurbh ‘uafásach’ an rud é sin le rá.

Mhaígh sí chomh maith gur cheap sí go raibh an Ghaeilge agus an Ghaeltacht tábhachtach, d’ainneoin a díchuimhne féin. ‘Ní tú an chéad duine ná an duine deireanach a mheabhraigh mo shiléig dom,’ a deir Saoirse McHugh agus rún aici an ceacht sin a fhoghlaim go binn.

D’admhaigh sí chomh maith gur seó aonair a bhí á rith aici sa bhfeachtas, agus más amhlaidh a bhí, is maith a chruthaigh sí, agus b’iontach mar a cuireadh lena criú nuair a léirigh sí a cumas agus a misneach sa díospóireacht teilifíse. An bhfuil aon duine beo nach mil ar a chroí an gobán a chuir sí i Casey agus i McCullagh féin ar Prime Time?

An ceacht polaitiúil? Ná maslaigh vótóir ná a theanga agus má dhéanann, admhaigh an peaca, iarr maithiúnas agus déan aithrí.

Ionracas Shaoirse McHugh agus cur i gcéill agus mí-ionracas na dtrí pháirtí mhóra an chuimhne ba láidre i mo chloigeann agus an peann luaidhe i mo lámh agam lá na vótála.

Tá an chloch fós á muirniú i mo mhuinchille agam don dream eile, fiú más ar Dancing With the Stars a bheifear ag vótáil do chuid acu!

Fág freagra ar 'Thug mé vóta don aon duine a d’aithin gur thug siad masla don Ghaeltacht…'

  • Iarla Mac Aodha Bhuí

    Sin é, tá an Ghaeilge dearmadta.

  • Béarla Teanga an Stáit

    Is é an t-airgead atá goidte uainne thar na blianta atá dearmadta.
    Is le hairgead an cáiníocóra a bhrúnn páirtithe polaitíochta na “litreacha um thoghcháin” lánBhéarla ar Ghaeilgeoirí na 26 contae. Ní thugtar aitheantas ar bith don 5% den phobail a labhrann an Ghaeilge go laethúil nó ar a laghad go seachtainiúil.

    Tá polaiteoirí ag goid airgid uainne na Gaeilgeoirí gníomhacha.
    Is sinne an 5% a choinníonn teanga ár sinsir beo taobh amuigh den seomra ranga.

    Ní tharlódh sin sa Bheilg toisc go bhfuil fhios ag an Stát ód uimhir Seirbhísí Poiblí cén teanga-ghrúpa len mbaineann tú.

  • Tomás de Buitléir

    Fuair mé bileog ildhaite 8 leathanach, i mBéarla amháin, ó Shéan Kelly. Freagra ar bith uaidh nuair a sheol mé gearán. Ach, fuair sé vóta maith in ainneoin seo – ar an drochuair tá cuma ar an scéal nach bhfuil vótaí sa Ghaeilge

  • Pól Ó Collata

    Tomás: Agus is mór an trua é, mar tá Gaeilge maith aige, a léirigh sé ina théarma mar Uachtarán an CLG.