‘Céard faoi eitilt in ionad turas fada a dhéanamh sa gcarr?’ a d’fhiafraigh mé féin den chomhluadar. Turas go Ciarraí a bhí beartaithe againn i gcomhair roinnt cruinnithe. Ní raibh mé ag súil leis an turas sa gcarr. Agus gach seans, b’fhéidir, go mbeadh orainn fanacht thar oíche toisc go mbeadh an turas fillte in aon lá amháin iomarcach.
Smaoinigh mo chomhthaistealaithe ar feadh tamaillín agus thángadar ar chinneadh. Sea, gheobhadh muid an t-eitleán go dtí an Fearann Fuar agus bheadh síob ag teastáil uainn ansin chun muid a thabhairt go Trá Lí agus ar ais go dtí an t-aerfort.
Bhí go maith. Céard a d’fhéadfadh imeacht in aimhréidh leis an bplean sin?
De réir na Aipe, bhí chuile rud go breá. ‘Eitilt in Am’ a d’fhógair sé aon uair a bhreathnaigh mé air. Ach bhí na greimlíní ag obair thar oíche. Cibé rud a chuaigh mícheart leis an gcóras aerthaistil i Sasana an lá roimhe, bhí sé fós ag imirt tionchair ar an amchlár an lá ina dhiaidh.
Bhí sé sách dona nuair a cuireadh an eitilt siar cúpla babhta, ach gach uair a fógraíodh é, tugadh geata difriúil dúinn.
‘An bhfuil sibhse ag dul go Ciarraí?’ ‘Níl, táimid ag dul go Turin.’ ‘Cá bhfuil an fógra le haghaidh Malaga bailithe?’ ‘Táimidne ag dul go dtí an Róimh agus táimid anseo óna ceathair a chlog ar maidin.’ Bhí a scéal féin ag gach duine.
Labhair mé leis an lánúin óg a bhí ag dul chun na Róimhe. ‘Ní ag dul chun na Róimhe atáimid i ndáiríre,’ a d’admhaigh an fear óg. ‘Ní raibh mé in ann eitilt a fháil go Napoli, mar sin cheannaigh mé ticéid chuig an Róimh; bhíomar chun dul as sin ar thraein chuig Napoli agus as sin ar bhád fartha chuig oileán mara. Táimid ag brath ar amchláir éagsúla,’ a dúirt sé go brónach agus tuairim mhaith aige nach bhfeicfeadh sé bád nó traein an lá sin.
Nuair a chlis ar an gcóras ríomhaireachta a úsáidtear i Sasana chun na turais aeir a stiúradh, dúradh go mb’éigean don fhoireann thall dul i muinín an phinn luaidhe agus an pháipéir.
Chuir an íomhá sin Bertie Ahern i gcuimhne dhom. Nuair a bhí caint faoi chóras vótála leictreonach a thabhairt isteach agus nuair ab éigean é a chaitheamh i dtraipisí, labhair Bertie go tarcaisneach faoi ‘stubby pencils’. Bhuel, amanta bíonn gá leis an bpeann luaidhe céanna.
Bhí gach cosúlacht ar fhoireann Ryanair san aerfort i mBaile Átha Cliath go raibh córas bunúsach mar sin á úsáid acu chun na heitiltí agus na geataí a fhógairt.
‘An Róimh – Geata 111,’ bhéic duine acu. ‘Turin – geata 109,’ bhéic duine eile. D’fhéach siad ar a gcuid fón póca agus d’athraigh siad a n-intinn. ‘Ciarraí,’ a d’fhógair duine eile. D’fhanamar socair. ‘Geata 109,’ a fógraíodh. Rith gach duine i dtreo an gheata sula n-athróidís a n-intinn arís. Ba chuma faoin té a raibh táille breise íoctha aige ar son tosaíochta. Ba ‘priority’ muid ar fad faoin tráth seo.
D’fháiltigh an t-aeróstach romhainn ar bord. ‘Níl mise in ainm is a bheith ag eitilt inniu ar chor ar bith,’ a dúirt sí linn. ‘Is ball den fhoireann ar talamh mé, ach glaodh isteach orainne.’
Tháinig sé chun solais de réir a chéile gur mar sin a cuireadh an criú le chéile – ní raibh duine ar bith acu (ná an t-eitleán féin) in ainm is a bheith ag dul go Ciarraí. B’éigean dom a admháil go raibh mé buíoch do lucht Ryanair – ar a laghad rinne siad iarracht déileáil leis an bpraiseach a rinneadh thall i Sasana agus a raibh tionchar aige ar aerlínte ar fud na hEorpa.
Maidir leis an turas féin – bhí sé thar barr agus d’éirigh leis an bpíolóta beagán ama a shábháil agus ní rabhamar deireanach don chruinniú.
B’éigean dom gáire a dhéanamh agus muid ar tí leaindeála, nuair a d’fhógair an t-aeróstach go rabhamar anois i gCiarraí agus gurb é 12.15 ‘an t-am áitiúil’.
Ní raibh an t-eitleán leathlán fiú – cén fhad eile a mhairfeas an tseirbhís seo mura n-úsáidfear é? Agus bhí an t -ádh linne, bhí síob socraithe againn ón bhFearann Fuar agus ar ais. Cé go bhfuil an t-aerfort suite in áit álainn ar fad, is léir go bhfuil sé an-scoite amach agus gan mórán bealaí taistil as.
Ach meabhraíodh dom go mbíonn muintir Chiarraí an-seiftiúil i gcónaí. D’inis ár dtiománaí dúinn gur chuala sé scéal a bhí go hiomlán fíor. ‘Tá a fhios agam go bhfuil sé fíor toisc gur breitheamh as an gceantar a d’inis dhom é.’
‘Bhí an léiritheoir cáiliúil scannán David Puttnam le bheith i láthair ag ócáid mhór thábhachtach sa Gleneagle i gCill Airne,’ a dúirt sé.
‘Tugadh chomh fada le Cill Airne i héileacaptar é agus leaindeáil siad i bpáirc taobh amuigh den bhaile. D’imigh an héileacaptar leis agus fágadh David Puttnam ina chadhain aonraic i lár na páirce. Chonaic feirmeoir áitiúil é agus d’fhiosraigh sé a chruachás. D’inis Puttnam dó nach raibh aon bhealach taistil aige.
Bhí réiteach na faidhbe ag an bhfeirmeoir. Chuir sé suas ar an tarracóir é agus thiomáin sé léiritheoir cáiliúil Chariots of Fire agus an iliomad scannán eile – The Mission, Midnight Express agus go tráthúil, b’fhéidir The Killing Fields, chomh fada leis an óstán.
Caithfidh sé nár ghoill an eachtra rómhór ar Phuttnam, fear atá ina chónaí in iarthar Chorcaí le fada an lá. Le gairid fógraíodh go raibh sé thar a bheith sásta a bheith i láthair ag searmanas bronnta saoránachta ar shlua mór ‘eachtrannach’ anuraidh. Seans gur éirigh leis sa ‘scrúdú’ saoránachta an lá sin sa bpáirc.
D’éirigh linn an turas ar ais go dtí an phríomhchathair a dhéanamh gan stró. Ní hé amháin nach raibh aon mhoill ar an eitilt, ach d’éirigh leis an bpíolóta am a spáráil arís agus bhíomar ar ais i mBaile Átha Cliath agus sa teach ag a leathuair tar éis a seacht. Bhí an spéir geal i gcónaí.
Agus ar an Nuacht an oíche sin, chonaic mé daoine fós ag fanacht in aerfoirt éagsúla agus cuid acu ag iarraidh a gcuid turas a chur ar ceal go hiomlán.
Labhair mo chompánach ar an bhfón póca lena tuismitheoirí a bhí sáinnithe le cúpla lá sa nGearmáin ach a bhí sa mbaile slán sábháilte anois ó Dusseldorf. Cé go raibh go leor scéalta cruacháis a d’fhéadfaidís a insint, ní raibh ach scéal mór amháin ag a máthair. Thug Johnny Logan suas a shuíochán di ar an mbus ón aerfort.
Fág freagra ar 'Thug Johnny Logan suas a shuíochán di ar an mbus ón aerfort…'