Thug Dee Forbes a beannacht d’íocaíochtaí breise Ryan Tubridy – ráiteas RTÉ

Deir RTÉ gurbh í an t-iar-ardstiúrthóir Dee Forbes an t-aon bhall d’fheidhmeannas RTÉ a raibh a dóthain eolais aici le go dtuigfeadh sí go raibh na sonraí faoi phá Ryan Tubridy a tuairiscíodh go poiblí míchruinn

Thug Dee Forbes a beannacht d’íocaíochtaí breise Ryan Tubridy – ráiteas RTÉ

Dee Forbes agus Ryan Tubridy. Pictiúr: Sam Boal / RollingNews.ie

Deir RTÉ gur thug iar-ardstiúrthóir RTÉ Dee Forbes, a d’éirigh as an tseachtain seo,  a beannacht d’íocaíochtaí conspóideacha a rinneadh leis an gcraoltóir Ryan Tubridy.

Chuir RTÉ ráiteas naoi leathanach amach tráthnóna faoin gconspóid mhór a bhfuil siad buailte go dona aici ó d’admhaigh bord na heagraíochta an tseachtain seo caite go bhfuair Ryan Tubridy €345,000 níos mó ná mar a tuairiscíodh go poiblí idir 2017-2022.

Sa ráiteas, dúirt Adrian Lynch, ardstiúrthóir eatramhach RTÉ, gurb í Dee Forbes an t-aon bhall d’fheidhmeannas RTÉ a raibh dóthain eolais aici le go mbeadh a fhios aici go raibh na sonraí faoi phá Ryan Tubridy a tuairiscíodh go poiblí míchruinn.

D’fhógair Forbes Dé Luain go raibh sí ag éirí as mar Ardstiúrthóir RTÉ i bhfianaise na conspóide. Ní bheidh sí i láthair amárach ag an gcruinniú atá le bheith ag Coiste Oireachtais na Meán faoin gconspóid. Dúirt Dee Forbes tráthnóna nach mbeadh ar a cumas freastal ar an gcruinniú toisc go raibh sí tinn.

Dúirt Adrian Lynch go raibh “baint dhíreach” ag Forbes le gnéithe den idirbheartaíocht faoi phá Ryan Tubridy.

Dúradh sa ráiteas go raibh comhairle dlí faighte ag RTÉ a thug le fios nach raibh aon rud mídhleathach faoin socrú maidir le pá an chraoltóra.

Mar sin féin ghabh Adrian Lynch leithscéal gan agús as an scéal.

Dúradh gur chinn an comhlacht a rinne athbhreithniú ar na híocaíochtaí, Grant Thornton, nach raibh aon fhianaise ann go ndearna Ryan Tubridy aon rud mícheart.

Iar-ardstiúrthóir RTÉ Dee Forbes, iar-phríomhoifigeach airgeadais RTÉ, Breda O’Keefe, agus dlíodóir de chuid RTÉ a rinne an idirbheartaíocht faoi shocruithe pá agus conradh Ryan Tubridy don tréimhse 2020-2025.

Thug an t-iar-ardstiúrthóir a beannacht do na socruithe agus d’aontaigh sí ó bhéal i gcruinniú físe go seasfadh RTÉ an costas a bhainfeadh leis na híocaíochtaí breise a bhí le déanamh ag an gcomhlacht tráchtála agus urraitheoir, Renault.

Gníomhaire Ryan Tubridy a lorg an socrú sin mar chuid den idirbheartaíocht agus ní raibh aon chur ina choinne mór ag RTÉ, a dúradh sa ráiteas a cuireadh amach tráthnóna.

Deir an Stiúrthóir Tráchtála nach raibh aon eolas aici faoi na híocaíochtaí seachas na treoracha a fuair sí ón ard-stiúrthóir.

Cuireadh an Ceannasaí Ábhar ar an eolas faoin idirbheartaíocht agus bhí sé ar an eolas faoi ghnéithe den socrú tráchtála. Ní raibh sé ar an eolas faoin ghealltanas go seasfadh RTÉ na costais. Bhí feidhmeannaigh shinsearacha eile ar an eolas faoi ghnéithe den socrú chomh maith ach ní raibh an t-eolas go léir ag aon duine acu, de réir an ráitis.

Ní raibh Ryan Tubridy féin ar an eolas faoin nóta creidmheasa a chuir RTÉ ar fáil don chomhlacht tráchtála.

Dúradh sa ráiteas nach raibh deis ag Dee Forbes freagra a thabhairt ar an méid atá ráite fúithi ann.

Fág freagra ar 'Thug Dee Forbes a beannacht d’íocaíochtaí breise Ryan Tubridy – ráiteas RTÉ'

  • Gerry Sóna

    Nach cóir go mbeadh sé riachtanach ag Ceannaire an ‘Craoltóir Naisiúnta’ a bheith in ann Gaeilge a labhairt.Tá RTÉ cosúil le craobh den BBC le blianta beaga anuas leis an méid cláracha ó Sasana atá a gcraoladh acu.

  • Pádraig O'hEipicín

    Gerry Sóna.
    Ráite go maith.