Go dtí gur tharla an Comhaontú níor chreid mé go bhfeicfinn an tsíocháin anseo go deo. Bhíothas ag súil go bhfeicfeadh mo pháistí í ach níor cheap mé go dtarlódh sé le mo bheo-sa.
Seacht mbliana d’aois a bhí mise nuair a thosaigh an Trioblóidí agus is beag cuimhne atá agam ar an saol roimh 1969. Ní raibh mé ábalta sochaí a shamhlú nach raibh deighilte nó i mbun cogaíochta léi féin.
Nuair a fheicim íomhánna de Bhéal Feirste ón am sin roimh Chomhaontú Aoine an Chéasta, bíonn cuma ghruama dhearóil ar an gcathair agus sin díreach an chuimhne atá agamsa ar an áit.
Agus ansin go tobann d’athraigh cúrsaí, bhí Comhaontú againn. Is maith is cuimhin liom an lá sin, an ríméad ar aghaidh na ndaoine ar an teilifís, an gliondar is an fonn ceiliúrtha. Dúradar linn go raibh sé thart, go raibh an tsíocháin tagtha, agus cé gur vótálamar ar a shon ba dhoiligh a chreidbheáil go bhféadfadh sé tarlú.
Sna míonna agus sna blianta ina dhiaidh sin, chonaic mé na foirgnimh nua a dtógáil ar fud Bhéal Feirste. Is grinn is cuimhin liom an taispeántas tinte ealaíne ag Halla an Waterfront agus an crann Nollag á lasadh ag Halla na Cathrach nuair a tháinig Bill Clinton anall. Bhí cathair Bhéal Feirste lonrach soilseach agus lán le dóchas.
Ní raibh an t-arm chomh feiceálach ar na sráideanna agus ní raibh lár na cathrach ina dhún daingean feasta. Tráthnóna amháin i mí Dheireadh Fómhair, chonaic mé buíon dochtúirí agus altraí ag rith trasna Dhroichead Albert. An chéad rud a rith liom go raibh trioblóid áit éigin, gur dócha gur buama nó lámhach a bhí tarlaithe agus is ansin a chuimhnigh mé gur féile na Samhna a bhí ann agus gur gléasta don ócáid a bhí na reathaithe.
Bhí an chathair sin againne ag filleadh ar ghnáthshaol na sochaí fiú má bhí cuid mhaith dá muintir fós ag maireachtáil sa tseanré.
D’athraigh Comhaontú Aoine an Chéasta mo shaol, ní hamháin gur thug sé síocháin chugainn ach chruthaigh sé spás dom le tús a chur le m’aistear foghlama chun na Gaeilge. Turas cneasaithe agus athmhuintearais i sochaí nach bhfuil i mbun cogaíochta níos mó agus atá fós ar a slí chun na síochána.
Fág freagra ar '‘Thug an tsíocháin deis dom tús a chur le m’aistear foghlama chun na Gaeilge’'