Thuas seal thíos seal a bhí Tiobraid Árann i mbliana, ach dianiomaíocht i gcraobh na gclubanna

Beidh na cluichí i mbabhta a trí de chraobh Thiobraid Árann ar siúl amárach agus an club is rathúla sa chontae Sáirséalaigh Dhurlas Éile ag dul chun páirce i gcoinne Bhuireas Uí Luíoch

Thuas seal thíos seal a bhí Tiobraid Árann i mbliana, ach dianiomaíocht i gcraobh na gclubanna

Thug Naomh Éanna leo corn sinsir iomána Loch Garman an Domhnach seo caite agus an captaen Conor McDonald ina laoch i mbua a bhí tuillte acu.

Bhí an cluiche sin ar TG4 agus an deireadh seachtaine seo tá cluiche mór iomána eile acu ó Thiobraid Árann.

Is deacair a rá cá bhfuil Tiobraid Árann sa mhórphictiúr ó thaobh na hiománaíochta náisiúnta agus séasúr eile críochnaithe. Go dtí gur bhuadar ar an gClár i mbliana bhí cúig cinn de cluichí i ndiaidh a chéile caillte acu i gcraobh na Mumhan. I mbliana bhíodar idir an-mhaith agus measartha ach ag deireadh an lae níor bhuaigh siad aon duais agus chuir siad críoch lag go leor leis an séasúr i gcoinne na Gaillimhe sa chluiche ceathrú ceannais, cé nach raibh ach dhá chúilín eatarthu ag an deireadh.

Is deacair a chreidiúint ach oiread nár bhuaigh aon chlub ón gcontae craobh na hÉireann ó dhein Buireas Uí Luíoch an beart i 1987.

Beidh na cluichí i mbabhta a trí ar siúl amárach agus an club is rathúla sa chontae Sáirséalaigh Durlas Éile (36 craobh buaite acu ) ag dul chun páirce i gcoinne Bhuireas Uí Luíoch a bhfuil seacht gcinn buaite acu,  an ceann deireanach in 2019.

Chaill na Sáirséalaigh an chraobh in 2021 in athimirt i gcoinne Luachma Caisleán Laighnigh. Agus dar ndóigh bhuadar ceithre chraobh i ndiaidh a chéile idir 2014-2017. Ó bunaíodh iad bhuadar cúig chraobh i ndiaidh a chéile dhá uair.

Tá siad ag tabhairt faoi chluiche an lae amárach agus cluiche amháin buaite acu agus cluiche amháin caillte acu.

Nuair a deineadh an tarraingt do na grúpaí i mí Aibreáin, bhí cuid mhaith daoine ar aon fhocal gurb é Grúpa a Ceathair an grúpa is deacra, grúpa inar tarraingíodh: Na Sáirséalaigh, seaimpíní 2017, Cluain Ultaigh-Ros Mór, buaiteoirí 2018, Buireas Uí Luíoch, seaimpíní an chontae agus na Mumhan in 2019, agus Cill an Daingin, seaimpíní an chontae in 2020. Níl aon dabht ach gur grúpa fíor-iomaíoch atá ann .

Tá freasúra na Sáirséalach amárach , Buireas Uí Luíoch, ar an bhfód ó 1886 agus an-chuid buaite acu ó shin. Tá cáil speisialta ar an gclub mar gur ardaigh ceathrar dá n-imreoirí Corn Liam Mhic Cárthaigh mar chaptaein ar fhoirne  buacacha Tiobraid Árann, Paddy Kenny i 1947, Seán Kenny i 1950, Jimmy Finn i 1951 agus Brendan Maher in 2010.

Dar ndóigh, an uair dheireanach roimh 2019 ar bhuadar craobh an chontae, i 1986, bhí feachtas iontach acu. Bhuaigh  siad craobh na Mumhan ina dhiaidh sin, agus ar Lá le Pádraig 1987 bhuaigh siad  craobh na hÉireann.

Bua amháin agus comhscór a bhí acu go dtí seo i mbliana agus iad ar bharr an ghrúpa leis na trí phointe sin. Tá dhá phointe ag na Sáirséalaigh agus ag Cill an Daingin agus pointe amháin ag Cluain Ultaigh, rud a chiallaíonn go mbeidh an dá chluiche amárach tábhachtach. Tá Brendan Maher fós ina laoch ag Buireas Uí Luíoch mar atá Dan McCormack agus scata leads eile a bhfuil taithí idirchontae acu.

Ach tá laochra agus imreoirí a bhfuil an-chuid taithí acu ag na Sáirséalaigh chomh maith, imreoirí amhail Ronan agus Denis Maher agus Conor Stakelum mar aon le scata maith iar-imreoirí contae.

Dar ndóigh i ndiaidh chluichí an deireadh seachtaine seo, beidh níos mó eolais againn faoi cé hiad na clubanna a bheidh ag bogadh ar aghaidh agus cé a bheidh ag dul chuig na cluichí dícháilithe .

Fág freagra ar 'Thuas seal thíos seal a bhí Tiobraid Árann i mbliana, ach dianiomaíocht i gcraobh na gclubanna'