Thit mé i ngrá le bean ar an mbus inné…

Bhí ár gcolúnaí in ísle brí an lá eile ach fuair sé ábhar misnigh ar an mbus

Thit mé i ngrá le bean ar an mbus inné…

Thit mé i ngrá le bean ar an mbus inné.

Ná bí buartha, níor athraigh mo chlaonadh gnéis. Tá dúil agam fós sna fir.

Ach ní gnáthbhean a bhí inti seo.

Léaráid ba ea í, ar chúl clár miotail bhuí a bhféadfadh paisinéir a bheadh ina sheasamh taca a bhaint as.

Craiceann donn, súile caola, línte timpeall ar an mbéal mór deargdhonn a thug orm a cheapadh go raibh sí i dtús na dtríochaidí.

Bláthanna ildaite san áit a mbeifeá ag súil le gruaig, dordéan ag faoileáil os a cionn agus frog ina shuí ar a gualainn.

Thar aon rud eile ba é an dearcadh ina cuid súl a mheall mé. Ba léir uathu – agus ó na línte timpeall ar a béal – go raibh a sáith de chruatan an tsaoil feicthe aici, ach bhí dóchas iontu, iontaoibh i bhfórsa osnádúrtha éigin, seans, ach go deimhin inti féin agus, cá bhfios, sa chine daonna ar fad.

Dá mhéad an dul amú a bheadh uirthi faoin gcine céanna, thug sí misneach dom a bhí ag teastáil go géar.

Tharla go raibh dhá channa beorach faoin bhfiacail agam agus nach raibh mé thar mholadh beirte; bhí mo mháthair atá ag fáil bháis go mall ó ghalar Alzheimer ar m’aigne, bhí mé ar mo bhealach ar ais ó choinne díomách eile le fear a bhfuil dúil agam ann le blianta ach atá patuar faoin gcaidreamh eadrainn, agus bhí an domhan curtha as a riocht ag an gcoróinvíreas agus tá sé á théamh ag fir bhána nach gcreideann san eolaíocht sa tslí is go mbeidh ollchliseadh aeráide ann.

Ach b’in romham bean láidir nár chaill a dóchas, in ainneoin an víris (ba léir ó úire na ndathanna gur le linn na paindéime a dearadh í) agus in ainneoin na bhfear bán.

Ó, is ea, bean dhéthoiseach fhicseanúil ba ea í, léaráid, péinteáil. Ach thóg ealaíontóir éigin an trioblóid uirthi nó air féin í a chruthú – obair achrannach, shamhlóinn, i mbus a bheadh ag síorluascadh ó thaobh go taobh (níor éirigh liom féin grianghraf sásúil a ghlacadh den saothar go dtí go raibh an bus stoptha ag solas tráchta.)

Chreid an t-ealaíontóir sin sa chine daonna nuair a dhear sí nó sé an bhean, agus gan aon súil aici nó aige le cúiteamh, thug sí nó sé misneach don té a bheadh ina ghátar. (Rud nach ionann is a rá, ar ndóigh, nár chóir go mbeadh lucht ealaíon ag súil le luach saothair. A mhalairt.)

Fág freagra ar 'Thit mé i ngrá le bean ar an mbus inné…'