Tá iarrtha ag lucht lóiste Oráisteach in Ollscoil na Banríona, Béal Feirste, ar ‘phobal aontachtach’ an Tuaiscirt “gníomhú láithreach” agus “teachtaireacht láidir” a chur amach nach nglacfar le hacht Gaeilge ar aon chúinse.
I dteachtaireacht a chuir Queens LOL 1845 amach ar a leathanach Facebook aréir, dúradh go mbeadh “impleachtaí forleathana don tsochaí shibhialta” ann dá dtabharfaí isteach acht Gaeilge. Maítear, mar shampla, go dtógfaí airgead ó na hospidéal chun “glúin i ndiaidh glúine de dhaltaí scoile a shíolteagasc”.
“Ní foláir don phobal aontachtach, é a dhéanamh an-shoiléir nach nglacfar le haon mhaoiniú, dá mhéid é, don Ultais, do bhannaí ná d’aon ghníomhaíocht chultúir eile, mar chúiteamh as glacadh leis an acht seo [acht Gaeilge]. Gan fiacail a chur ann, níl féidir acht Gaeilge a thabhairt isteach sa dlí ar aon phraghas,” a dúradh i dteachtaireacht Queens LOL 1845.
Maítear sa teachtaireacht gur “forlámhas cultúrtha faoi chlóca an chomhionannais” an toradh a bheadh ar reachtaíocht Ghaeilge. Deirtear nach bhfuil sé “rómhall” fós gníomhú agus iarrtar ar gach ball den DUP labhairt amach go poiblí i gcoinne an achta Ghaeilge. Iarrtar chomh maith ar ghnáthbhaill an DUP teagmháil a dhéanamh lena n-ionadaithe poiblí chun a chur ar a súile dóibh nach nglacfar le haon réiteach maidir le hacht Gaeilge.
“Cuimhneofar ar na laethanta amach romhainn ar cheann de dhá bhealach nuair a scríobhfar na leabhair staire. Cuimhneofar orthu mar an uair a sheas an tAontachtas an fód chun acht a chloí, acht a réiteodh an bealach do stát Poblachtánach, bheadh sé chomh maith agat a rá.
“Nó, a mhalairt, cuimhneofar ar na polaiteoirí atá suas sa DUP faoi láthair, agus ar ghnáthbhaill an pháirtí, mar an dream a loic ar Ulaidh in uair a ghátair; an dream a roghnaigh an réiteach réidh polaitiúil agus iad féin a thabhairt slán seachas riachtanais na ndaoine ar toghadh iad chun seasamh ar a son,” a dúradh sa phostáil a d’fhoilsigh Queens LOL 1845 aréir.
De réir leathanach Facebook LOL 1845 is lóiste a bhfuil de chuspóir acu freastal ar mhic léinn, baill foirne agus alumni Ollscoil na Banríona, Béal Feirste agus leas na nOráisteach óg ar an ollscoil a dhéanamh fad is a bhíonn siad as baile óna gcuid lóistí féin. Deirtear gurb é aidhm an lóiste an tOráisteachas a chur chun cinn san ollscoil agus deiseanna a thabhairt d’Oráisitgh aithne a chur ar a chéile agus tacú lena chéile i spiorad “an “bhráithreachais”.
Tuairiscítear anois go bhféadfadh gurbh é an leigheas a bheadh ar an easaontas maidir le ceist an achta Ghaeilge ná go ngeallfaí go dtabharfaí trí phíosa reachtaíochta éagsúla isteach – reachtaíocht don Ghaeilge amháin, reachtaíocht don Ultais agus reachtaíocht cultúir. D’fhéadfadh, a tuairiscítear, go mbeadh socrú casta i gceist a thabharfadh na píosaí éagsúla reachtaíochta le chéile.
Tá ráite ag an DUP agus ag Sinn Féin araon go bhfuil dul chun cinn déanta sna cainteanna maidir le hathbhunú Stormont.
Des O Murchu
Raiteas Racist Oraisteach Ollscoil Bheal Feirste? Gearan laithreach chuig PSNI agus gearr amach maionu poibli don Ard Loiste Oraisteach. Des O Murchu
An Teanga Bheo
Teanga na tire faoi choisc ag Impireacht na Breataine sna criocha gafa ????????????
go fhóire Dia orainn.