‘Theastaigh sí agus tá oiread grá againn di’ – imní ar údar Motherfoclóir faoi ábhar reifrinn maidir le leanaí a bhfuil siondróm Down orthu

Deir an t-údar Darach Ó Séaghdha, a bhfuil iníon aige a bhfuil siondróm Down uirthi, go bhfuil an baol ann go dtabharfadh ábhar atá á scaipeadh le tuiscint do leanaí nach bhfuil grá ag a dtuismitheoirí dóibh

‘Theastaigh sí agus tá oiread grá againn di’ – imní ar údar Motherfoclóir faoi ábhar reifrinn maidir le leanaí a bhfuil siondróm Down orthu

Tá údar Motherfoclóir, an leabhar sárdhíola faoi fhocail Ghaeilge, buartha go ndéanfaidh ábhar atá á scaipeadh i dtaobh reifreann an ghinmhillte dochar mór do leanaí a bhfuil siondróm Down orthu.

Deir an t-údar Darach Ó Séaghdha, a bhfuil iníon aige, Lasairfhíona, a bhfuil siondróm Down uirthi go bhfuil an baol ann go dtabharfadh ábhar atá á scaipeadh ag an ngrúpa Love Both, atá i mbun feachais in aghaidh aisghairm an ochtú leasú ar an mBunreacht, le tuiscint do leanaí nach bhfuil grá ag a dtuismitheoirí dóibh.

Agus é faoi agallamh ar an gclár Opinion Line ar Cork 96FM, dúirt Ó Séaghdha gur masla gránna é a thabhairt le fios nach ann do leanaí áirithe ach toisc nach raibh cead ginmhilleadh a fháil.

Ar chlúdach na bileoige atá á scaipeadh ag Love Both tá pictiúr de mháthair agus leanbh agus placard ag an máthair a deir ‘Life doesn’t have to be ‘Perfect’ to be beautiful’. Ag tagairt don phictiúr sin, dúirt Love Both ar a leathanach Facebook: “Some people are suggesting that photos of children with Down syndrome should not be used in the debate on the 8th Amendment. When legislation in other countries has led to over 90% of babies diagnosed with Down syndrome being aborted, I don’t believe as a society we can afford to censor this reality.”

Dar le Darach Ó Séaghdha nár cheart go dtarraingeofaí leanaí beaga isteach sa scéal ar chor ar bith.

“Tá sé de cheart ag leanaí beaga gan aon suim a chur go fóill i gcúrsaí polaitíochta, ach beidh ormsa é seo a mhíniú di [a iníon] agus í fós ag aois nár chóir di a bheith ag déanamh imní faoi na nithe seo.

“Goillfidh sé go mór uirthi má thagann sí ar an tuairim ó bheith ag éisteacht le daoine ar an raidió, nó ó ábhar mar seo, nach rabhthas á hiarraidh. Theasatigh sí uainn. Tá an oiread sin grá againn di.”

Dúirt Ó Séaghdha go mbíonn dóthain mórdhúshlán roimh thuismitheoirí a bhfuil leanaí acu a bhfuil siondróm Down orthu gan a bheith buartha chomh maith go mbeidh a leanaí á gceistiú faoi an bhfuiltear ag iarraidh “fáil réidh” leo.

Dúirt sé chomh maith go ndéanann an t-ábhar bolscaireachta reifrinn beag is fiú de dhaoine a shocraigh leanbh a bheith acu agus fios acu roimh ré go bhféadfadh siondróm Down a bheith ar an leanbh sin agus de dhaoine a bhfuil obair fhónta déanta acu chun cabhrú le daoine faoi mhíchumas.

Dúirt an t-údar nár tugadh an tOchtú Leasú isteach ar mhaithe le cosaint a thabhairt do dhaoine faoi mhíchumas.

“Níl baint dá laghad ag an leasú leis na heiticí a bhaineann le scagthástáil réamhbhreithe, le soláthar seirbhísí urlabhra agus teanga, leis an gceart pósadh nó ceadúnas tiomána a fháil, le soláthar jabanna agus tithe do dhaoine fásta atá faoi mhíchumas ná le hearcú dóthain cúntóirí riachtanas speisialta i scoileanna”.

Fág freagra ar '‘Theastaigh sí agus tá oiread grá againn di’ – imní ar údar Motherfoclóir faoi ábhar reifrinn maidir le leanaí a bhfuil siondróm Down orthu'