The Water Diviner – ní hionann tús maith agus leath na hoibre i gcónaí

Téann rudaí amach ón gcairt ar fad i dtreo an deiridh in The Water Diviner agus táimid fágtha le táirge neafaiseach

Ryan-Corr-and-Russell-Crowe-in-The-Water-Diviner

Stiúrthóir: Russell Crowe

Cliar: Russell Crowe, Olga Kurylenko, Yilmaz Erdogan, Cem Yilmaz.

I radharc ciúin, machnamach i dtosach an scannáin seo, címid Connor (Crowe), aimsitheoir uisce an teidil, ag tóraíocht uisce in iargúil na hAstráile sa bhliain 1919. Nuair a fhilleann sé ar a scioból, deir a bhean chéile leis go bhfuil na páistí ag feitheamh air le scéal a léamh dóibh. Tugann sé aghaidh ar an seomra cúil mar a bhfuil trí leaba fholamh. Taibhsítear dúinn ag an bpointe seo go bhfuil fear ar stiúir an scannáin seo atá teann as féin agus os cionn a bhuille. 

Tugtar le fios dúinn gur maraíodh triúr mac na lánúine i rith choimhlint Gallipoli cúpla bliain roimhe sin agus is léir nach bhfuil an bhean ar fónamh ó shin. Cuireann sí lámh ina bás féin go gairid i ndiaidh radharc na leapacha. I ndiaidh babhta trasnaíle leis an sagart, tugann Connor aghaidh ar an Tuirc le corp na mac a thabhairt abhaile, rud a bhíodh a bhean ag impí air a dhéanamh agus í beo.

Is fear é Connor a bhfuil srathar na hainnise air agus tá na bunchlocha leagtha do scannán a thabharfadh léargas ar a aistear ar bhóthar na caointe. Ina theannta sin táimid ag tnúth le cíoradh ar éigiall na cogaíochta agus an tslí go raibh coimhlint Ghallipoli ina clochmhíle don Tuirc agus don Astráil/Nua-Shéalainn.

Ar an drochuair, ní dhéantar aon cheann de na téamaí thuas a chíoradh chun mo shástachta agus is dócha gur nod ann féin ba ea féinmharú méaldrámatach na mná go rachadh an scéal ar bóiléigear.

N’fheadar an gceart an locht a chur ar an leabhar, orthu siúd a chóirigh don scáileán é nó ar Crowe féin, atá ar an stiúir d’fhadscannán den chéad uair.

Is dócha nach gcabhraíonn sé gurb é atá sa phríomhról, agus i ngach radharc nach mór, rud a dhéanann deacair dó súil oibiachtúil, fhuarchúiseach an stiúrthóra a ghlacadh cuige féin.

Ábhair iontais agus díomá mór dom nár deineadh aon chíoradh in aon chor ar an tionchar a bhí ag coimhlint Gallipoli ar an Astráil agus an Nua Shéalainn mar náisiúin (is aisti a d’eascair lá ANZAC). Shamhlaíos gurbh shin é ceann de na tréithe a mheall Crowe go dtí an scéal an chéad lá riamh.

Nuair a shroicheann Connor an Tuirc, téann sé i mbun comghuaillíochta le hoifigeach in arm na Tuirce (Erdogan) agus is léir dúinn go gcuirfear gaol rómánsach seanchaite sa tsiúl idir é féin agus bean lóistín Kurylenko.

Déantar iarracht fhiúntach anseo agus ansiúd, ag an tús, éachtaint a thabhairt ar bhrúidiúlacht choimhlint Ghallipoli agus déantar iarrachtaí fánacha léargas a thabairt ar bhunú na Tuirce mar thír inti féin.

Téann rudaí amach ón gcairt ar fad i dtreo an deiridh agus táimid fágtha le táirge neafaiseach a thagann salach ar an tosach láidir, cumasach. B’fhéidir gur mithid do Crowe cinneadh a dhéanamh a bheith os comhair an cheamra nó taobh thiar de, é sin nó fanacht glan ar shuíochán an stiúrthóra ar fad.

Fág freagra ar 'The Water Diviner – ní hionann tús maith agus leath na hoibre i gcónaí'