The Survivalist – saothar tíriúil ná cuireann fiacail ann

Oibríonn criú an scannáin Éireannaigh seo go hiontach as lámha a chéile agus tugann siad go críoch sinn a bhfuil tógáil croí agus briseadh croí ag baint léi

the_survivalist

The Survivalist
Stiúrthóir: Stephen Fingleton
Cliar: Martin McCann, Mia Goth, Olwen Fouere.

Tá ár scáileáin bheaga agus mhóra breac le saothair dhiostóipeacha, apacailipteacha ar na saolta seo, gach rud ón athshamhlú ar Mad Max go dtí The Walking Dead. Tá an dara saothar acu sin ar ais don dara cuid de shéasúr a sé agus dar liom gurb é ceann de na sraitheanna teilifíse is cumasaí i láthair na huaire. Is seánra é atá nach mór chomh críonna leis an tionscal é féin agus cé gur scannáin B iad ana-chuid de na saothair a dhéantar a sluaisteáil as an iomaire, bíonn táirgí den scoth ann chomh maith, ina measc Planet of the Apes (1968), The Road (2009) agus Twelve Monkeys (1995). Anois tá Éire tar éis luach a leathphingine a chaitheamh isteach leis an saothar stuifiúil, beagfhoclach seo.

Is scannán é seo atá teann as féin agus a bhogann ar aghaidh ar a bhogstró. Go deimhin tá breis agus ceathrú huaire caite sara gcloistear focal. Roimhe sin feictear carachtar le Martin McCann ag tindeáil na feirme bige atá cruthaithe aige taobh lena scioból lámhdhéanta i lár coille. Síolta á láimhseáil go cáiréiseach, crann a fheannadh le tua le breosla a chruthú don lampa, coirp na ndaoine a tháinig salach air ina gcarn múirín is é ag fual anuas orthu.

Is fear é seo atá ag maireachtaint ar éigean agus gan aon teagmháil aige le daoine. Léiríonn an tslí a bhfuil a ghunna ceangailte dó agus é ar tinneall de shíor go bhfuil sé in amhras faoi aon teagmháil daonna. Daingníonn na barraí ar na fuinneoga an tuiscint sin. Ní luaitear Éire ach is léir ó bhlas na cainte agus tagairt fhánach do Mhuineachán gur i bhFódhla atáimid.

Sna teidil chreidiúna insíonn grafanna a bhíonn ag rith trasna an scáileáin gurb é buaicphointe na hola is cúis leis an saol a bheith iompaithe bunoscionn.

Dála teoiric Thomas Malthus tugtar le fios dúinn gur lean fothragadh agus foréigean deireadh na hola agus go bhfuil an cine daonna anois ag strácáil leo cosúil leis an bhfear seo. Tá sin tugtha le fios gan chulaith gaisce ná focal a rá. Sé an cur chuige céanna atá sa chuid eile den scannán.

Déantar suan na muice bradaí a ghiniúint ón tús agus déantar sinn a choimeád ar cipíní ó thús deireadh go caolchúiseach, réalaíoch. Níl aon fhuaimrian ná aon mhaisiúchán agus is le féachaint fhánach anseo agus seat corraitheach den choill ansiúd a chruthaítear an t-atmaisféar.

Nuair a thagann beirt chuairteoirí chuige, bean agus a hiníon, athraíonn a shaol. I ndiaidh an amhrais téann siad i mbun comhghuaillíochta lena chéile agus an bhreis ina n-aghaidh. Is sa chomhghuaillíocht chéanna atá a dtreascairt.

Saothar tíriúil é seo ná cuireann fiacail ann. Ní leasc leis dul i muinín an fhoréigin agus na nochtachta. Tugann Martin McCann taispeántas cuidsúlach uaidh mar an ceann feadhna cruachaol agus tá comhghuaillíocht iontach ansin le Olwen Fouere agus Mia Goth. Oibríonn siad go hiontach as lámha a chéile agus tugann siad go críoch sinn a bhfuil tógáil croí agus briseadh croí ag baint léi.

Fág freagra ar 'The Survivalist – saothar tíriúil ná cuireann fiacail ann'

  • padraig

    An-aiste scriobhneoireachta go deo! Taim fein ar cipini anois, chomh maith, le ciocras chun an scannan sin a fheiceail. Is brea liom scannain agus drámaí beagfhoclacha, dála ‘Breath’ le Samuel Beckett. Ach ta teorainn leis an mbeagfhoclacht. Bhi an drama sin ‘Breath’ le Beckett á leiriu i Halla na Feothanai tráth dá raibh agus chuaigh me de scriob reatha siar amach chun é a fheiceail. Bhi an drama ar ti tosu ach bhi orm seáp a thabhairt faoi theach an asail. Ach mo léan géar cráite, nuair a d’fhill mé ón teach uasal asail sin is ann a bhí an drama thart!! Ach ní chuige sin atáim, is breá liom an cur síos a bhíonn ag an nGearaltach seo ar na scannáin a bhíonn faoi thrácht aige, é go rinns(h)úileach, domhain, beo- íogair, ionraic agus ainliú míorúilteach aige ar an teanga. Féach mórtheanga na Fraincíse féin a bhíonn i dtaobh le nathanna ón mBéarla de shíor i réimsí faisin agus léirmheasanna scannánaíochta. Is é an Gearltach bas ar fad orthu agus ba cheart an méid sin a aithint…..á mhuise a Thiarcais …’suan na muice bradaí’…hee…. hee