The Sunday Game ar a dhícheall ag iarraidh anam éigin a chur i gcúrsaí CLG

Cé gur maith ann a leithéid seo de chlár níl ann ach an sop in áit na scuaibe

The Sunday Game ar a dhícheall ag iarraidh anam éigin a chur i gcúrsaí CLG

Le bheith ionraic faoi bíonn doicheall orm féachaint ar na cláir spóirt ar fad atá ag tabhairt turasanna siar bóithrín na smaointe.

Níl iontu ach sceach i mbéal bearna go dtosnóidh an sceanairt arís ar pháirceanna is cúirteanna arís.

Ní le fonn mar sin a thugas faoi The Sunday Game Classics ar RTÉ ar an Domhnach.

Cé go ndéanann meitheal an chláir iarracht anam éigin a chur sa chúram ní hé an clár céanna in aon chor é. Samhlaímid ar fad an clár seo le biaistí caide is iománaíochta an tsamhraidh.

Clár a thugann cuntas ar ghaiscí is conspóidí CLG an deireadh seachtaine, agus clár a chothaigh roinnt conspóidí chomh maith. Meabhraíonn ré seo an Chovid dúinn nach raibh sna conspóidí céanna ach cogadh na mba maol.

Ar an Domhnach tugadh cluiche ceannais peile Laighean 2010 chun cuimhne. Is deacair a chreidiúint go bhfuil deich mbliana gafa tharainn ón lá míchlúiteach úd nuair a dhein contae na Mí gadaíocht gan náire ar chontae Lú.

Ba é Joe Sheridan bithiúnach an scéil nuair a chaith sé an chaid isteach san eangach, agus bainisteoir Lú an lá sin, Peter Fitzpatrick, bailithe isteach sa stiúideo le dreas cainte a dhéanamh. Cé go leanann an saol ar aghaidh is léir go bhfuil an rud ar fad íogair go maith do Peter i gcónaí, agus do mhuintir Lú ar fad, déarfainn.

D’admhaigh sé nach bhfuil lá dá dtéann thart nach dtugann sé an lá úd chun cuimhne. An chéad uair acu i gcluiche ceannais an chúige le trí scór bliain agus leathlámh acu ar an gcupán nuair a chuaigh Joe i mbun clis.

Dhein an réiteoir Martin Sludden cac sleáidí den chúram agus níl a fhios agam an bhfuil a bhotún maite ag Peter dó go fóill.

Tá a fhios againn ar fad gur lean cad é fothragadh an cluiche; lucht féachana ag tabhairt faoin réiteoir agus ag cnáimhseán le Joe Duffy ar Liveline. Dhein Sheridan trácht ar litreacha agus teachtaireachtaí fuatha a bheith á seoladh chuige féin agus a mhuintir. 

Dhein Jason Sherlock agus Boidu Sayeh caint ar fhuath de shaghas eile; an ciníochas.

D’admhaigh siad beirt gur airigh siad coimhthíos agus iad ag éirí aníos. Cé gur thug CLG deis dóibh iad féin a bhá sa phobal thug sé deis do dhaoine gránna aineolacha foghanna a thabhairt fúthu.

Deir Sherlock go bhfágann na slaiseanna ciníocha seo a lorg agus nach n-ídíonn an fhearg, an frustrachas agus an féinamhras go hiomlán riamh.

Tháinig Sayeh chun na hÉireann nuair a bhí sé ocht mbliana d’aois agus labhraíonn sé siúd go tomhaiste pointeáilte faoina thaithí féin.

Roimh an gcomhrá sin craoladh píosa a bhí déanta faoin ábhar ag Ben Egan agus bhí mír d’agallamh Sheáin Mhic an tSíthigh le Franz Sauerland mar chuid de.

An chéad uair lem chuimhne go raibh Gaeilge le cloisint ar chlár de chuid The Sunday Game.

“The only colour that really matters is the one that we wear,”

a deir Egan mar fhocal scoir ag deireadh na míre. 

Is fiú ann a leithéid seo de chlár ach ó thaobh cúrsaí spóirt ach ní hé an Sunday Game é.

Fág freagra ar 'The Sunday Game ar a dhícheall ag iarraidh anam éigin a chur i gcúrsaí CLG'