‘The League had been steered on the rocks by fools’ – 100 bliain ó shin, d’éirigh an Craoibhín Aoibhinn as uachtaránacht Chonradh na Gaeilge

D’éirigh Dubhghlas de hÍde as Uachtaránacht Chonradh na Gaeilge ar an 29 Iúil 1915 ag Ard-Fheis an Chonartha i Halla na Maor gCoill i nDún Dealgan

Dubhghlas de hÍde tar éis Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge 1915 i nDún Dealgan

Cothrom an lae seo céad bliain ó shin d’éirigh Dubhghlas de hÍde as uachtaránacht Chonradh na Gaeilge. Bhí an Craoibhín ina uachtarán ar feadh dhá bhliain is dhá scór ar an gConradh, ón uair a bunaíodh é sa bhliain 1893.

Rinne an Craoibhín cúiseanna a imeachta a leagan amach i litir a léigh Pádraig Ó Dálaigh os comhair na hArd-Fheise i nDúl Dealgán ar an 29 Iúil 1915.

A Phádraig, a chara,

Abair leis an Ard-Fheis, más é do thoil é, go bhfuil brón mór orm faoi, ach má bhíonn aon duine cineálta go leor m’ainmse a chur os comhair na hArd-Fheise mar Uachtarán arís, is éigean dom an onóir sin a dhiúltú.

Ghoill obair na mblianta atá caite ar mo shláinte, agus is é mo bharúil anois go bhfuil an cúram ag éirí róthrom dom.

Bíonn na céadta agus na mílte litreacha agam ó gach aird sa domhan ag brú isteach orm ó sheachtain go seachtain ar feadh na bliana, agus chomh fada agus a bhím i m’Uachtarán ar Chonradh na Gaeilge bíonn ceangail orm na litreacha seo a fhreagairt agus mórán de cheisteanna éagsúla a oscailt. Agus is féidir liom a rá nach bhfuaireas litir ó éinne riamh ó cuireadh an Conradh ar bun nár chuireas freagra uirthi.

Bhíodh orm, mar Uachtarán, dul go dtí cruinnithe i ngach contae in Éirinn nach mór. Is beag baile mór sa tír nár labhair mé ann i rith an dá bhliain fichead seo.

Agus nuair a fhéachaim siar ar an méid atá déanta ins an dá bhliain fichead sin, chítear dom nach lú míorúilt é, agus tá níos cinnte inniu ná mar a bhí riamh go raibh lámh Dé san obair.

Rinne mé mo dhícheall i rith an ama seo ar son ár dteanga.

gan brón agus briseadh croí a shocraíos i m’aigne nach dtiocfadh liom fanacht i m’Uachtarán ar an gConradh níos faide. Fágaim mo chéad slán agus mo bheannacht le muintir na hArd-Fheise, agus ní dom a rá go bhfuil agus go mbeidh mo chroí in obair na Gaeilge mar a bhí an chéad lá riamh agus go ndéanfaidh mé mo dhícheall ar a son. Gabh mo leithscéal leis an Ard-Fheis faoi gan a bheith i láthair inniu.

Mise, do chara,

An Craoibhín

Pearse
Pádraig Mac Piarais

Ach bhí níos mó a chuid sláinte ag cur isteach ar an Uachtarán. Bhí teannas polaitiúil ag ardú i measc lucht an Chonartha le blianta beaga roimhe sin idir iad sin ar theastaigh uathu go mbeadh fís pholaitiúil ag an eagraíocht agus iad siúd ar theastaigh uathu go bhfanfadh an Conradh glan ar chúrsaí polaitíochta.

Bhí an Piarsach ar cheann de na leifteanaint ba mhó a bhí ag an gCraoibhín sa Chonradh sa tréimhse roimh 1912, ach dá mhéad spéis a chuir an Piarsach sa náisiúnachas míleata is ea is mó a d’éirigh eatarthu.

Tionóladh Ard-Fheis na bliana 1915 i Halla na Maor gCoill i nDún Dealgan. Glacadh le rún ag an Ard-Fheis go mbeadh an tsaoirse pholaitiúil mar aidhm feasta ag an gConradh.

Thomas Clarke
Thomas Clarke

Bhí ról lárnach ag an bPiarsach agus ag Thomas Clarke san athrú i dtreo an mhíleatachais a tharla sa Chonradh. Níor chreid an Craoibhín sa lámh láidir ach amháin sa chás nach raibh rogha eile ann agus go mbeadh bua cinnte ann. Ba bheag an meas a bhí aige ar choincheap na híobartha fola,” a dúirt an Dr Brian Murphy ó Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath le Tuairisc.ie.

leabhar scríofa ag an Dr Murphy ar shaol poiblí Dhubhghlais de hÍde, go háirithe an seal a chaith sé mar Uachtarán na hÉireann, a fhoilseoidh Collins Press an bhliain seo chugainn.

Sa bhliain 1913, agus é a scríobh sa Claidheamh Soluis, a bhí faoi stiúir Mhíchíl Sheosaimh Uí Rathghaille, a maraíodh ar Shráid Uí Mhórdha le linn ‘Ruathar an Rathghailligh’ i 1916, rinne an Piarsach cás ar son na láimhe láidre gan aon fhiacail a chur ann.

“Whenever Dr Hyde, at a meeting which I have had a chance of speaking after him has produced his dove of peace, I have always been careful to produce my sword; and to tantalise him by saying that the Gaelic League has brought in Ireland ‘Not Peace but a Sword’,” a scríobh an Piarsach.

“Faoin am a bhí an Ard-Fheis ar siúl i nDún Dealgan, bhí go leor ball den IRB tar éis sleamhnú isteach sa Chonradh, agus d’éirigh leo roinnt mhaith rún a rith a laghdaigh an stádas neamhpholaitiúil a bhí ag an gConradh. D’éirigh an Craoibhín as an uachtaránacht mar agóid,” a mhínigh an Dr Murphy.

raibh lámh ag an gCraoibhín in Éirí Amach na Cásca ná baint aige leis. Sna míonna ina dhiaidh, níor labhair sé go poiblí faoi, ach níor thacaigh sé leis an ngníomh míleata ina raibh go leor de na daoine a bhrúigh ón gConradh é sáite ann.

Dúirt an Dr Murphy le Tuairisc.ie. gur “léir a chuid tuairimí faoin Éirí Amach i litir a chuir sé chuig John Quinn i Meiriceá ar an 12 Deireadh Fómhair 1916, inár scríobh sé ‘the League had been steered on the rocks by fools’ agus go raibh todhchaí na hÉireann ‘as black as can be’.

Bhí athrú ag teacht ar mheon mhuintir na hÉireann i leith na réabhlóidithe faoin tráth sin agus faoi aimsir an olltoghcháin i 1918, ba mhó an meas a bhí ag an bpobal ar laochra an Éirí Amach.

Thacaigh de hÍde leis an gcéad Dáil nuair a bunaíodh i mí Eanáir na bliana 1919 í, ach cháin sé Cogadh na Saoirse a thosaigh an bhliain chéanna. Arís eile, níor chreid sé san fhoréigean a bhí ag ar cheachtar den dá thaobh. Níor thacaigh sé go poiblí le taobh amháin ná le taobh eile le linn na díospóireachta faoin gConradh Angla-Éireannach a chuir deireadh le Cogadh na Saoirse agus tús le Cogadh na gCarad. Scríobh sé chuig Quinn arís eile, áfach, agus dúirt leis “this Treaty is a measure of freedom”. Bhí den bharúil nárbh fhéidir mórán eile a bhaint amach.

Níor toghadh uachtarán eile ar an gConradh ar feadh tamall maith i ndiaidh don Chraoibhín éirí as a chuid cúraimí i mí Iúil na bliana 1915. Shocraigh an Ard-Fheis gan an folúntas a líonadh mar bhíothas ag súil go bhfillfeadh sé ar an ról roimh i bhfad.

Scríobhadh in eagarfhocal sa Claidheamh Soluis seachtain tar éis do Dhubhghlas de hÍde éirí as gurab amhlaidh a theastaigh sos ón té a bhunaigh an eagraíocht ach go raibh dóchas ann go bhfillfeadh sé ar chúram na huachtaránachta.

“His health has been a worry to him for a considerable time, and there is no doubt whatever that the work of the League has been too exacting on him. He requires a rest from excessive work and controversy. He may be with us again before very long. In the meantime let us take up again with high spirits and courage the work of teaching and organistaion and let An Craoibhín’s counsel to keep the League out of party warfare be ever before our mind,” a scríobhadh in eagrán na seachtaine dár chríoch 7 Lúnasa 1915 den Claidheamh Soluis.

Ar deireadh, ghlac Eoin Mac Néill go drogallach leis an ról mar uachtarán. Ar ndóigh, ba é Mac Néill a thriail an tÉirí Amach a stopadh Seachtain na Cásca 1916.

Sean T O Ceallaigh
Seán T. Ó Ceallaigh

Rinneadh Ard-Rúnaí de Sheán T. Ó Ceallaigh ag an Ard-Fheis chéanna. Thiocfadh an Ceallach i gcomharbacht ar Dhubhghlas de hÍde mar Uachtarán na hÉireann sa bhliain 1945. Cé gur thit an chéad Uachtarán agus dara hUachtarán a bhí ar Éirinn amach lena chéile le linn an aighnis faoi neodracht pholaitiúil an Chonartha, rinneadar athmhuintearas sna tríochaidí.

“Faraor, ní bheidh a fhios againn go deo céard a tharlódh idir an Piarsach agus de hÍde dá dtiocfadh an Piarsach slán ó eachtraí na Cásca 1916, ná go deimhin féin dá n-éireodh leis an Éirí Amach. Murab ionann agus Ó Ceallaigh, ní bhfuair de hIdé seans lámh an chairdis a shíneadh chuig an bPiarsach riamh,” a dúirt an Dr Brian Murphy.

Fág freagra ar '‘The League had been steered on the rocks by fools’ – 100 bliain ó shin, d’éirigh an Craoibhín Aoibhinn as uachtaránacht Chonradh na Gaeilge'

  • Dáithí Mac Cárthaigh

    Tá an Conradh neamhpholaitiúil arís ó glacadh le bunreacht nua i 2008.