Léireofar den chéad uair ag Fleadh Scannán na Gaillimhe scannán nua Gaeilge faoin dtréimhse a chaith an bailitheoir ceoil aitheanta Alan Lomax in Éirinn sna 1950idí.
Mar chuid den scannán nua le Declan McGrath cloisfear leaganacha nua den cheol a bhailigh Lomax in Éirinn agus iad á gcasadh ag Steve Earle, Clannad, Slow Moving Clouds, Banna Céilí na Tulaí agus Nell Ní Chróinín.
Beidh Clannad agus Iarla Ó Lionáird ag seinm ag céad léiriú Lomax in Éirinn a bheidh ar siúl ar an gCéadaoin, an 11 Iúil, sa Ghaillimh.
Nuair a tháinig Alan Lomax go hÉirinn i 1951 chuir sé roimhe traidisiún ceoil na hÉireann, ar bheag an meas a bhí air ag an am, a chaomhnú. Tá Lomax aitheanta mar dhuine de na heitnicheoleolaithe is tábhachtaí dá raibh ann, go háirithe mar gheall ar an obair chaomhnaithe a rinne sé ar thraidisiún cheol na ndaoine i Meiriceá, obair a leag an bhunchloch d’athbheochan an cheoil dúchais sa tír sin sna 1960idí.
Aithnítear go raibh tionchar ag obair Lomax sa tír seo ar a mhacasamhail d’athbheochan in Éirinn agus ar leithéidí Planxty, The Bothy Band agus Clannad.
Ag scríobh dó faoina thuras go hÉirinn, dúirt Lomax go raibh tábhacht dhomhanda ag baint le ceol agus litríocht na hÉireann.
“Tá nótaí deireanacha sheantraidisiún ársa álainn na nGael ag dul in éag. Seo sibhialtacht as ar tháinig litríocht cheoil atá chomh mórthaibhsiúil, chomh liriciúil agus chomh huasal le haon cheol ar domhan,” a dúirt sé.
In Lomax in Éirinn leanann an reacaire, Pól Brennan ó Clannad, cosán Lomax ó Stáit Aontaithe Mheiriceá, mar ar aimsigh sé ceoltóirí leithéidí Leadbelly, Woody Guthrie agus Muddy Waters, go dtí nead an cheoil thraidisiúnta in Éirinn.
Is i 1950 a bheartaigh Lomax dul ag taisteal agus teicneolaíocht úr na linne a úsáid chun ceol ársa an domhain a thaifeadadh sula mbeadh sé imithe, agus ba in Éirinn a chuir sé tús leis an turas sin i 1951.
Dúirt stiúrthóir Lomax in Éirinn Declan McGrath gur léiriú a bhí sa scannán nua ar thábhacht an cheoil don chine daonna.
“Chaith Alan Lomax a shaol ag taifeadadh, ag caomhnú agus ag cur ceol dearmadta na ndaoine a bhí imeallaithe chun cinn. Is é is aidhm leis an scannán faisnéise seo a fháil amach céard a spreag Lomax chun tabhairt faoin obair sin,” a dúirt McGrath.
Dúirt reacaire an scannáin Pól Brennan gur deis a bhí ann dósan dul go bunúdar thuras Lomax agus an tionchar a bhí ag a chuid oibre ar a bhanna féin Clannad agus ar cheol na hÉireann. Bhí cúis ar leith eile ag an gceoltóir as Gaoth Dobhair spéis a chur i dturas Lomax.
“Bhí spéis ar leith agam i scéal thuras Alan go hÉirinn mar gur bhain sé liomsa. Bhí mo chomharsa i nGaoth Dobhair, Cití Ní Ghallchóir, ar dhuine de na hamhránaithe a ndearna Alan taifeadadh orthu agus ba é mo sheanathair Aodh Ó Dúgáin a d’aistrigh go Gaeilge ceann de na hamhráin a cheol sí,” arsa Pól Brennan.
Lillis Ó Laoire
Ag súil go mór leis.