‘The Coronavirus has defeated the sraith pictiúr’ – an phaindéim agus an scrúdú cainte á bplé

Spreag an scéal nach mbeidh aon scrúdú cainte Gaeilge ann i mbliana an-chuid cainte i measc daltaí agus iardhaltaí ar na meáin shóisialta le cúpla lá

‘The Coronavirus has defeated the sraith pictiúr’ – an phaindéim agus an scrúdú cainte á bplé

D’fhógair an tAire Oideachais Joe McHugh inné go mbeidh lánmharcanna á dtabhairt do gach dalta i scrúduithe cainte na hArdteiste, a bhí le tosú an tseachtain seo chugainn.

I gcás na Gaeilge, is ionann an scrúdú cainte agus 40% de na marcanna ar fad, rud a chiallaíonn nach dteipfidh ar aon duine sa scrúdú Gaeilge Ardteistiméireachta i mbliana.

Spreag an scéal an-chuid cainte i measc daltaí agus iardhaltaí ar na meáin shóisialta le cúpla lá. Bhí roinnt daltaí ag ceiliúradh deireadh a bheith curtha leis na scrúduithe cainte, bhí daltaí eile míshásta go mbeadh an marc céanna á fháil ag gach duine agus thapaigh daoine eile an deis súil siar a chaitheamh ar a scrúduithe cainte féin.

Is léir gur crá croí agus ábhar grinn araon í an tSraith Pictiúr agus an-chuid cainte déanta fúithi ar Twitter.

Ní túisce an cinneadh an scrúdú cainte a chur ar ceal fógartha ag an Roinn Oideachais nuair a thosaigh daltaí ag caitheamh a gcuid nótaí uile sa bhruscar.

Mar sin féin, bhí dream beag ann a mheas go raibh deis caillte acu.

Thug an phaindéim atá ann faoi láthair deis do dhaoine eile brí nua a bhaint as ábhar Gaeilge na hArdteiste chomh maith.

Bhí roinnt daoine den tuairim nach raibh sé féaráilte go raibh lánmharcanna á dtabhairt do gach duine i mbliana, ach mar a mhaígh duine amháin, cuireann an éiginnteacht atá ann i láthair na huaire brú breise ar dhaltaí atá fós ag ullmhú don Ardteist.

Fág freagra ar '‘The Coronavirus has defeated the sraith pictiúr’ – an phaindéim agus an scrúdú cainte á bplé'