The Big Debate – níor síneadh éinne agus is beag buille ord ar inneoin a bhí againn

Ar shlí ba chogadh na mba maol a bhí i ndíospóireacht na gcinnirí ar Virgin Media anocht. Faoi mar a dúirt Pat Kenny leis an mbeirt acu, ’sé an duine eile a ndara rogha do phost an Taoisigh…

The Big Debate – níor síneadh éinne agus is beag buille ord ar inneoin a bhí againn

The Big Debate: Varadkar v Martin a bhaist Virgin Media ar a gcéad gheábh isteach i ndíospóireachtaí an olltoghcháin. An é go rabhadar ag iarraidh lucht leanta na gcluichí comhraic a mhealladh agus an comhrac béil mar bhaoite acu? Nó an léiriú é, in ainneoin an fhothragtha ar fad, gur comhrac idir Fianna Fáil is Fine Gael (agus ceannairí na bpáirtithe sin) atá san olltoghchán seo? Plus ça change, plus c’est la même chose agus an cúram sin ar fad.

Pé acu scéal é bhí na spallaí á gcaitheamh sular nocht Varadkar agus Martin na miotóga. Sinn Féin ag cnáimhseán gur iadh an doras orthu, rud a dhéanfaidh RTÉ arís ar an 4 Feabhra. Cad é bús acu faoi litreacha agus comhairle dlí. Beidh orthu a bheith sásta le comhraic i measc an tslua ar an Luan seo chugainn ar RTÉ agus ar Virgin ar an Déardaoin mar a mbeidh seachtar ceannairí in adharca a chéile.

Easpa tithíochta, aimhréidh an chórais sláinte, eiticí na polaitíochta agus cúrsaí coiriúlachta is pinsin. Bhí a fhios ag madraí an bhaile cad iad na hábhair a mbeadh na ceannairí ag speáráil fúthu.

Chaith an bheirt soncanna lena chéile ina ráitis chiotacha ag tosach an chláir agus vae linn ansin. Cé go raibh cad é geáitsíocht lámh, agus Pat Kenny mar réiteoir a bhí breá in ann cúpla húc deasóige a chaitheamh, níor síneadh éinne agus is beag buille ord ar inneoin a bhí againn.

Ar an iomlán mheasas go raibh Martin níos mó ar a chompord agus go raibh an chuma ar Varadkar go minic go raibh conach ag teacht air.

Bhuail Varadkar clabhta ar Martin faoi bheith sotalach faoina thréimhse mar Aire Sláinte agus buille sna heasnacha ba ea an tslais gur ghabh Martin leithscéal cheana faoin gcliseadh eacnamaíochta. Caoineadh an deireadh a bhíonn ar thréimhsí oifigí Fhianna Fáil, dar le ceannaire Fhine Gael.

Bhuail Martin pléasc ar Varadkar faoi bheith mí-aibí agus ceann eile faoi chorrbhuais Dara Murphy. Bhuail sé hap air go minic faoi ghothaí móra ach buillí beaga a bheith ag Fine Gael. Thug sé guala do Phat féin faoi stair Fhianna Fáil.

Cuireadh Varadkar bocht i bponc nuair a ceistíodh é faoi dhrugaí mídhleathacha a bheith tógtha aige agus b’ait liom an paiste beag cainte a dhein sé faoi gan a bheith chomh deisbhéalach lena chéile comhraic maidir lena chomhbhá a chur in iúl.

Bhí dhá fhocal Gaeilge ag Varadkar mar thús lena chaint agus b’in sin ó thaobh na Gaeilge. Ní bheinn ag súil lena mhalairt ó Kenny agus Virgin. An t-iontas a bheadh orm ná go mbeadh iontas orainn.

Ar shlí ba chogadh na mba maol a bhí ann óir go raibh comhaontú soláthair agus muiníne eatarthu le blianta beaga anuas agus go bhfuil ana-sheans ann go mbeidh siad ag brath ar a chéile arís. Faoi mar a dúirt Pat Kenny leis an mbeirt acu, ’sé an duine eile a ndara rogha do phost an Taoisigh.

Fág freagra ar 'The Big Debate – níor síneadh éinne agus is beag buille ord ar inneoin a bhí againn'