THE BANSHEES OF INISHERIN: Buíochas gafa le muintir Árann agus muintir Acla ag na Golden Globes in Beverley Hills

Ghabh Colin Farrell, a bhuaigh gradam mór aisteoireachta in Los Angeles aréir,  buíochas le muintir na n-oileán Gaeltachta ar ar taifeadadh an scannán The Banshees of Inisherin

THE BANSHEES OF INISHERIN: Buíochas gafa le muintir Árann agus muintir Acla ag na Golden Globes in Beverley Hills

Gabhadh buíochas le muintir Árann agus muintir Acla ag bronnadh na ngradam Golden Globes in Beverley Hills in Los Angeles aréir.

Colin Farrell, a bhuaigh gradam aisteoireachta dá ról in The Banshees of Inisherin, a ghabh buíochas le muintir na n-oileán Gaeltachta ar ar taifeadadh an scannán le Martin McDonagh.

Trí Golden Globe a bronnadh ar an scannán. Bhuaigh The Banshees of Inisherin an gradam don scannán is fearr i rannóg na scannán ceoil agus grinn agus bhuaigh McDonagh an gradam don script is fearr.

I ndiaidh do Farrell, a bhuaigh an gradam don aisteoir is fearr i gceolscannán nó scannán grinn, buíochas a ghabháil le McDonagh agus a chomhaisteoirí, ghabh sé buíochas le muintir Árann agus muintir Acla.

“Ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis an gcliar agus an criú agus le muintir na háite ar Inis Mór agus ar oileán Acla a thug le chéile sinn, agus bhí na teorainneacha eadrainn chomh doiléir sin gur aon chlann mhór amháin ba ea sinn, agus ba chun leas ár n-anamacha go léir é sin,” arsa Colin Farrell.

Rinneadh The Banshees of Inisherin a scannánú in 2021 ar Inis Mór agus Acaill.

Is é McDonagh, fear de bhunadh Chonamara, a scríobh agus a stiúir an scannán agus na haisteoirí Brendan Gleeson, cainteoir líofa Gaeilge,  agus Colin Farrell atá sna príomhpháirteanna ann. D’oibrigh an triúr le chéile cheana ar an scannán In Bruges, scannán eile ar tugadh an-mholadh dó. Tá Kerry Condon agus Barry Keoghan agus an t-aisteoir Gaeltachta Bríd Ní Neachtain ar thriúr eile de na príomhaisteoirí sa scannán.

Tá ardmholadh faighte ag The Banshees of Inisherin ó na léirmheastóirí agus lucht bronnta na ngradam.

Tá an-mholadh faighte chomh maith ag na radhairc tíre sa scannán.

Dúirt Martin McDonagh, a chaith cuid mhaith dá óige i gConamara, go raibh sé mar sprioc aige a ceart a thabhairt d’áilleacht an cheantair a oiread agus ab fhéidir leis.

Tá aithne mhór ar McDonagh, a rugadh agus a tógadh i Londain, i nGaeltacht Chonamara. Tá cónaí ar a thuismitheoirí sa Spidéal agus is as Leitir Mealláin a athair, Johnny Mhichael Choilm Mac Donncha.

Is é The Banshees of Inisherin an chéad scannán ag McDonagh atá suite in Éirinn. Bhain sé cáil amach mar dhrámadóir ar dtús báire agus scríobh sé dhá shraith drámaí a bhí lonnaithe i gConamara agus ar Oileáin Árann.

Suite ar oileán ficseanúil le linn an Chogaidh Chathartha, insíonn The Banshees of Inisherin scéal Phádraic (Colin Farrell) agus Choilm (Brendan Gleeson), beirt a bhí an-mhór lena chéile i gcónaí go dtí gur chuir duine acu críoch thobann leis an gcairdeas. Bíonn tionchar mór aige sin orthu beirt.

D’fhéadfadh go mbeidh suim ar leith ag lucht na Gaeilge agus na Gaeltachta sna gradaim Oscar an bhliain seo chugainn.

The Banshees of Inisherin á lua go láidir leis na gradaim chéanna agus tá an scannán Gaeilge An Cailín Ciúin ar an ngearrliosta do na hainmniúcháin don Oscar don Fhadscannán Idirnáisiúnta is Fearr.

Fág freagra ar 'THE BANSHEES OF INISHERIN: Buíochas gafa le muintir Árann agus muintir Acla ag na Golden Globes in Beverley Hills'

  • Ross

    The banshees of inisherin

    Bhuaigh colin farrell gradam aisteoireachta aréir de bharr a ról in the banshees of inisherin . scríobh Martin mcdonagh an script

    bhunaíodh an trofaí seo tríd golden globe . bhuaigh an scannán and gradam don scannán is fearr i rannóg na scannán ceol agus bhuiagh mcdonagh duas don script .

    tá gaeilge líofa ag Mcdonagh agus rugadh agus tógadh é i gconamara. tá cónaí ar a thuismitheoirí sa spidéal agus is as leitir mealláin a athair.

  • JP

    Céard faoin scannán sármhaith ‘Foscadh’? Aon bholscaireacht á déanamh ag aon dream ar a shon? Cén chaoi a bhfuil tarraingt is cáil níos mó ag an dá cheann sin réamhluaite ná é? Dá mbeadh Gaeilge ag Colin Farrell ní dócha go mbeadh sé amhlaidh.