‘That guy could have been asking me if I wanted a sherry in me Bloody Mary’ – racht aisteach ó iar-réalta ‘Coronation Street’ faoi chluiche ar TG4

Chuir an t-aisteoir as Inis Ceithleann Charles Lawson, a bhain cáil amach mar ‘Jim MacDonald’ ar an sobalchlár Coronation Street, racht fíoraisteach faoin nGaeilge de aréir ar Twitter

‘That guy could have been asking me if I wanted a sherry in me Bloody Mary’ – racht aisteach ó iar-réalta ‘Coronation Street’ faoi chluiche ar TG4

Tá racht fíoraisteach curtha de ar Twitter ag an aisteoir aitheanta Charles Lawson faoin nGaeilge, faoi Acht na Gaeilge agus faoin bpeil Ghaelach.

Chuir an t-aisteoir as Inis Ceithleann, a bhain cáil amach mar ‘Jim McDonald’ ar an sobalchlár Coronation Street, olc ar mhórán aréir nuair a sheol sé tvuít amach faoi mhír ón gcluiche sraithe inné idir Ciarraí agus Dún na nGall a scaipeadh ó chuntas Twitter CLG.

Taibhsíodh do Lawson go raibh nasc idir ceist an Achta Ghaeilge ó thuaidh, an pheil agus an teanga a bhí á labhairt ag an tráchtaire de chuid TG4, Macdara Mac Donncha.

Tugadh freagraí go leor ar racht an aisteora agus ina measc siúd a d’fhreagair é bhí laochra peile Ghaoth Dobhair agus Dhún na nGall, Eamon Magee agus Kevin Cassidy.

Dúirt Lawson féin ar maidin nach raibh sé aon phioc níos eolaí faoi chúrsaí de thoradh na bhfreagraí ar fad a tugadh ar a racht.

Fág freagra ar '‘That guy could have been asking me if I wanted a sherry in me Bloody Mary’ – racht aisteach ó iar-réalta ‘Coronation Street’ faoi chluiche ar TG4'

  • Des O Murchu

    Mo bhron!Aon rud ach Castration Street!

  • Criostóir Ó Maonaigh

    An iomarca ‘bloody marys’, an ea, a Chathail?