Níl figiúr beacht ná briseadh síos ar a bhfuil caite ar thogra Pháirc na Mara ar fáil ó Údarás na Gaeltachta. “Thart ar €1 milliún” an t-aon fhigiúr a bhí an eagraíocht fiontraíochta agus teanga sásta a thabhairt do Tuairisc.
Tá tógáil Pháirc na Mara i gCill Chiaráin i gConamara ar cheann de na tograí is mó riamh ag Údarás na Gaeltachta. Ach buaileadh buille mór ar phlean an Údaráis nuair a chinn an Bord Pleanála an mhí seo caite seasamh le cinneadh Chomhairle Chontae na Gaillimhe gan cead pleanála a thabhairt don togra tionscail agus taighde a bheadh bunaithe ar acmhainní mara agus cladaigh.
D’iarr Tuairisc ar an Údarás briseadh síos a thabhairt ar an gcaiteachas a bhain le plean Pháirc na Mara go dtí seo, idir na costais a bhain le réiteach an tsuímh, costais a bhain leis an bpróiseas pleanála, costais chomhairleoireachta, agus costais eile ach níor chuir an tÚdarás a leithéid de bhriseadh síos ar fáil dúínn.
“Chosain an obair ullmhúcháin ar iarratas cuimsitheach ar an gcead pleanála thart ar €1 milliún go dáta, ag teacht leis an gcostas measta,” a dúirt urlabhraí ón Údarás. “Tá na staidéir agus suirbhéanna ar fad a bhí mar chuid den iarratas san áireamh sa tsuim seo, mar aon le haon seirbhísí comhairleoireachta srl.”
Thug Príomhfheidhmeannach nua an Údaráis, Tomás Ó Síocháin, le fios an tseachtain seo go bhfuil an eagraíocht tiomanta d’fhorbairt Pháirc na Mara a bhrú chun cinn in ainneoin chinntí Chomhairle Chontae na Gaillimhe agus an Bhoird Phleanála.
Deir an tÚdarás go bhféadfadh an togra infheistíocht €90 milliún a mhealladh ón stát agus ó fhoinsí eile agus gur fiú an caiteachas atá déanta go dtí seo, in ainneoin go bhfuil diúltaithe faoi dhó anois don iarratas pleanála.
“Níorbh fholáir an tsuim sin [thart ar €1 milliún] a chur i gcomhthéacs na hinfheistíochta iomlán a bhainfeadh le togra Pháirc na Mara, togra a bhféadfadh infheistíocht stáit €40 milliún a bheith i gceist leis, chomh maith le hinfheistíocht phríobháideach shuntasach, tuartha ag thart ar €50 milliún, ar mhaithe le hionad forbartha mara den chéad scoth a bhunú, a bheadh ina eiseamláir náisiúnta,” a dúirt urlabhraí an Údaráis.
“Cuirfidh Páirc na Mara ar chumas na Gaeltachta gnó idirnáisiúnta a mhealladh agus tabharfaidh sé deis do chomhlachtaí Gaeltachta a bheith san iomaíocht ar leibhéal domhanda in earnáil na n-acmhainní nádúrtha agus an gheilleagair ghoirm.”
Agus é ag labhairt ar Adhmhaidin ar RTÉ Raidió na Gaeltachta an tseachtain seo, dúirt Príomhfheidhmeannach an Údaráis go raibh an eagraíocht “ar tí cinneadh a dhéanamh” maidir leis an gcéad chéim eile do Pháirc na Mara.
Cé nár chuir sé as an áireamh go bhféadfadh athrú teacht ar a raibh beartaithe don togra, dúirt Tomás Ó Síocháin go raibh an tÚdarás chun an fód a sheasamh ar son Pháirc na Mara.
“Nuair a bheidh sé tógtha, ní bheith a leithéid in aon áit eile sa tír,” a dúirt sé.
Ag cruinniú poiblí a reáchtáladh i gCill Chiaráin i rith na seachtaine, dúirt Ó Síocháin leo siúd a bhí i láthair go raibh an tÚdarás chun coinneáil leis an togra agus nach rud mór a bheadh ann dá gcaithfí fanacht, mar shampla, bliain eile.
Easpa eolais maidir leis an gcaoi a rachadh an t-athrú aeráide i bhfeidhm ar Pháirc na Mara agus an tionchar a bheadh ag an bhforbairt ar chúrsaí uisce sa cheantar ba mhó ba chúis le diúltú an Bhoird Phleanála don t-iarratas.
Ag an gcruinniú an tseachtain seo, thug urlabhraí de chuid an chomhlachta innealtóireachta Ryan Hanley, a d’ullmhaigh an t-iarratas pleanála, gur tháinig ceist an athraithe aeráide aniar aduaidh orthu toisc nach raibh sí sa chóras pleanála nuair a réitíodh an t-achomharc.
Dúirt Tomás Ó Síocháin go raibh “go leor athruithe tar éis teacht ar phleananna an Rialtais” maidir leis an athrú aeráide agus gurbh í an cheist chéanna, nach mór, a chuir ar neamhní anuraidh an cead a bhí tugtha cuarbhóthar na Gaillimhe a thógáil.
Dúirt sé go rabhthas fós ag obair ar an iarratas agus go rabhthas ag caint le lucht dlí le fáil amach an raibh aon rud lochtach faoi phróiseas an Bhoird Phleanála a bhféadfaí athbhreithniú breithiúnach a bhunú air agus chomh maith leis sin go raibh siad ag plé le ceisteanna teicniúla innealtóireachta.
Tuairisg
Nár chóir go gcaithaidís briseadh síos a thabhairt ar chaiteachas airgead poiblí? Cé mhéad turas thar lear a déanamh mar “thaighde”, cé mhéad geansaí le lógó Pháirc na Mara, cé mhéad físeán bolscaireachta ar íoc siad as do thogra nach raibh fiú cinntithe?
Caomhán
Is airgead poiblí a bhí ann, conas ar féidir leo diúltú briseadh síos a thabhairt? Amhrasach.