Thart ar 30% de sheoltaí na tíre gan leagan oifigiúil Gaeilge 

Dúirt an Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil, Éamon Ó Cuív, gur chuir sé ionadh air go raibh 30% de sheoltaí na tíre fágtha gan leagan Gaeilge, mar a tugadh le fios ag coiste Oireachtais an tseachtain seo

Thart ar 30% de sheoltaí na tíre gan leagan oifigiúil Gaeilge 

Tá ráite ag an Teachta Dála Éamon Ó Cuív go gcuireann sé “iontas an tsaoil” air go bhfuil 30% de sheoltaí na tíre fágtha gan leagan Gaeilge.

Bhí ionadaithe ó An Post, Eircode agus Geodirectory os comhair Choiste Gaeilge an Oireachtais an tseachtain seo agus thugadar le fios go raibh leagan Gaeilge ar fáil dóibh i gcás 70% de na seoltaí ar fud na tíre, “a bheag nó a mhór”.

Dúirt Príomhfheidhmeannach Geodirectory, an comhlacht a sholáthraíonn na seoltaí do leithéidí An Post agus Eircode, go mbaintear úsáid as bunachar ina mbíonn leaganacha Béarla agus leaganacha Gaeilge de sheoltaí ann.

Dúirt Dara Keogh go raibh sé mar sprioc ag Geodirectory go mbeadh gach seoladh acu i mBéarla agus i nGaeilge, bíodh siad laistigh nó lasmuigh den Ghaeltacht. 

Faoi láthair, dúirt sé go raibh thart ar 70% de na seoltaí ar fad sa tír ar fáil sa dá theanga agus “formhór mór” na seoltaí sa Ghaeltacht ar fáil i nGaeilge ar an mbunachar. Dúirt Keogh go rabhthas ag fanacht ar aistriúcháin oifigiúla i gcás seoltaí atá i mBéarla amháin.

Dúirt an Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil, Éamon Ó Cuív, gur chuir sé iontas air go raibh 30% de sheoltaí na tíre fágtha gan leagan Gaeilge agus go raibh tionchar ag an scéal ar chainteoirí Gaeilge a raibh cónaí orthu lasmuigh den Ghaeltacht.

An fhadhb a bhaineann le logainmneacha Béarla a bheith in úsáid i gceantair Ghaeltachta a bhí á plé ag an gcoiste.

Dúirt Keogh gur ainmneacha comhlachtaí nó ainmneacha tí a d’fhág go raibh leagan Béarla in úsáid ar sheoltaí sa Ghaeltacht i gcásanna áirithe. Dúirt sé nach bhféadfaí iad a aistriú.

“Tá rudaí a bhfuil ainm Béarla orthu agus caithfidh muid iad a chlárú i mBéarla mar gheall air sin,” a dúirt Keogh

“Má bhogann Apple isteach sa Ghaeltacht, níl muid chun ‘Úll’ a thabhairt orthu. Tá muid chun Apple orthu.”

Ghlac an Teachta Dála Aindrias Moynihan leis an méid sin ach dúirt sé, má bhí oifig ag Apple i nGaeltacht Mhúscraí, gur cheart go mbeadh gach cuid eile den seoladh i nGaeilge. D’aontaigh Keogh leis ach níor cuireadh aon mholadh chun cinn maidir le cén chaoi a bhféadfaí a chinntiú go dtarlódh sin.

Dúirt baill an choiste gurb í an Roinn Cumarsáide a bhí freagrach as an scéal ar fad, i ndeireadh na dála. Chuir an Coimisinéir Teanga tuarascáil faoi bhráid an Oireachtais anuraidh inar dhúirt sé go raibh an dlí á shárú ag an Roinn maidir lena teip a chinntiú gur logainmneacha Gaeilge amháin a bheadh in úsáid i gceantair Ghaeltachta.

Maidir leis an moill atá ar na haistriúcháin oifigiúla a chur ar fáil do Geodirectory, moladh breis acmhainní a chur ar fáil don Bhrainse Logainmneacha i Roinn na Gaeltachta chun an fhadhb a réiteach.

“Tá an tseirbhís ó Logainm iontach ach tá siad teoranta ó thaobh an méid gur féidir leo a dhéanamh,” a dúirt Liam Irwin, Cathaoirleach Geodirectory. “Dá mbeadh siad níos mó, bheadh sé níos fearr dúinne.”

Agus iad ag fanacht ar aistriúcháin, dúirt Dara Keogh go raibh Geodirectory ag gníomhú chun cur le líon na seoltaí sa bhunachar a raibh leagan Gaeilge orthu.

“Tá na haistriúcháin oifigiúla beagáinín mall ag teacht. Tá muid anois ag tógáil aistriúcháin atá déanta ar logainm in áit amháin agus á n-úsáid in áit eile a bhfuil logainm cosúil leis ann,” a mhínigh sé. Dúirt Keogh go bhféadfaí an logainm a athrú ansin ag brath ar aiseolas.”

Mheas sé nach bhféadfaí a rá go cinnte cén uair a bheadh na seoltaí ar fad ar fáil i nGaeilge toisc go gcruthaítear agus go n-athraítear seoltaí an t-am ar fad ach dúirt sé go mbíonn nuashonrú á dhéanamh seasta ar an mbunachar agus gur i laghad a bhí líon na logainmneacha atá i mBéarla amháin ag dul i gcónaí.

Fág freagra ar 'Thart ar 30% de sheoltaí na tíre gan leagan oifigiúil Gaeilge '

  • Dónall Mac Billings Mór

    16/072022

    Agus arís eile………

    Nach féidir ‘idir lúibíní’ a úsaid i gcás a leithéid de ‘Úll’ ar ‘Apple’ agus an córas sin a chur i bhfeidm sna háiteacha ar mhian leis an phobal sin a bheith ann.
    Cuir na ‘EirCodes’ leis na seoltaí áit ar bith a mbíonn siad in adharcha a chéile nó fiosraigh bunachar sonraí na nGardaí Síochána leis an Ghaeilge a chur cun tosaigh san eagraíocht sin.

    Is mise le dóchas mór
    Dónall Mac Billings mór
    Mac na Reablóide teanga

    An Ghaeltacht,
    Príosún Phort Laoise Bloc E