Tharlódh gur faoi na faoileáin a bheidh Páirc an Chrócaigh Lá ‘le Pádraig feasta

Seans gurb iad babhtaí ceannais na seachtaine seo na cluichí ceannais deireanacha de chuid na gclubanna a imreofar Lá ‘le Pádraig, cúis eile leis an aistear a dhéanamh

Portumna players warm up 17/3/2008

Agus scrúdú á dhéanamh ar phleananna a fhágfaidh comórtais uile an Chumainn Lúthchleas Gael á dtosaí sa bhliain chéanna ar an bhféilire, tharlódh gurb iad babhtaí ceannais na seachtaine seo idir peileadóirí Chora Fine agus Shleacha Néill agus idir iománaithe Bhaile Héil agus Chill Mocheallóg na cluichí ceannais deireanacha de chuid na gclubanna a imreofar Lá ‘le Pádraig.

Is furasta meabhair a bhaint as an moladh agus tá níos mó i gceist ná cuma níos pointeáilte a chur ar fhéilire imeartha CLG.

Fágann an bhéim atá anois ar dhiantraenáil agus a bhfuil de chomórtais le n-imirt ag peileadóirí agus ag iománaithe idirchontae an lae inniu – go háirithe iad siúd atá fós i mbun scolaíochta agus grádanna faoi aois – go bhfuil sé in am dul i mbun beartais.

Toradh eile atá air sin is ea gur beag a fheiceann a gcuid clubanna dá gcuid imreoirí contae formhór an ama.

In earrach na bliana seo caite a thosaigh na himreoirí a bheas san iomaíocht i bPáirc an Chrócaigh Dé Máirt ar a gcuid traenála agus seo anois iad os cionn bliana dar gcionn ag imirt na gcluichí is tábhachaí ar fad agus craobh contae na bliana seo ar leic na tairsí acu.

Agus an méid sin ráite, má thagann an córas nua i bhfeidhm, fágfar athrú mór ar thradisiún na gCluichí Gaelacha iomaíochtaí móra a bheith i bPáirc an Chrócaigh Lá ‘le Pádraig le beagnach céad bliain anois.

Ba le Cluichí Ceannais Chomórtais an Bhóthair Iarainn a bhain trí scór de na blianta sin agus na deich gcinn fhichead is deireanaí Cluichí Ceannais na gClubanna.

I gceathrachadaí, i gcaogadaí agus i dtús sheascaidí an chéid seo caite ba láidre na craobhacha idirchúige agus ba mhinic os 50,000 duine i láthair ag na babhtaí ceannais. Go fiú i 1962, bhí 40,429 i láthair i bPáirc an Chrócaigh Lá ‘le Pádraig nuair a thug Cúige Laighean an dá chraobh leo, Des Foley i lár na páirce ag na hiománaithe a bhuaigh ar Chúige Mumhan agus ansiúd freisin ar an bhfoireann peile a fuair an ceann ab fhearr ar na Muimhnigh.

Fear as Cill Mhantáin darbh ainm Andy Phillips a bhí ina chúl báire ar fhoireann peile Laighean an lá sin. Measadh ag an am gurbh é ab fhearr in Éirinn agus roghnaíodh é ar an gcéad fhoireann All Stars a bhí riamh ann i 1963 – scéim darbh ainm All Stars Chú Chulainn.

Is é is dócha nach gcloisfí cáil ar Andy riamh murach Comórtas an Bhóthair Iarainn. Is cinnte dearfa nach bhfaigheadh sé deis imeartha i bPáirc an Chrócaigh i láthair 50,000 mura mbeadh aige ach foireann Chill Mhantáin.

Ba amhlaidh cás do na scórtha eile peileadóir agus iománaí – leithéidí Packy McGearty (Liatroim) agus iománaí na hIarmhí, John ‘Jobber’ McGrath.

Tá siad ann a déarfadh go raibh baint mhór ag an athrú ar dhlí na tíre i 1970, a d’fhág cead oscailte ag tithe tábhairne Lá ‘le Pádraig, ar mheath chomórtais an Bhóthair Iarainn, ach ní ghéilfinn dó sin amach agus amach ach an oiread.

Is cinnte mar sin féin go bhfuil siad ar an dé deireanach le fada, iad curtha ar camchuairt na tíre ó thús na n-ochtóidí, imeartha ag amanna éagsúla den bhliain agus, gan aimhreas, is i gcré na cille a bheidís le fada murach an fonn a bhí agus atá fós ar na himreoirí féin geansaithe a gcúige a tharraingt orthu.

Tá Craobhchomórtais na gClubanna ar an bhfód ó fhíorthús na seachtóidí. Imríodh a gcluichí ceannais siúd ag tráthanna éagsúla den bhliain freisin ar feadh scaithimh, ach seo an 30ú bliain as a chéile anois iad imeartha i bPáirc an Chrócaigh – bhí athimirt peile ceart go leor ar Pháirc na nGael (1993), ceann iomána i nDúrlas in ’85 agus ba ansiúd freisin a himríodh Cluiche Ceannais Iomána ’92, siocair moill a bheith curtha air ag trí chluiche leathcheannais a b’éigean a imirt idir Cill Tormóir agus Cumann an Rí Cormac as Caiseal Mumhan.

Ní gá a mhíniú cén fáth nár éirigh le Cluichí Ceannais na gClubanna oiread lucht féachana a tharraingt go Páirc an Chrócaigh Lá ‘le Pádraig agus a bhí déanta ag Cluichí an Bhóthair Iarainn agus iadsan ina neart  – ní bheadh ach cúpla mile duine i gcuid de na paróistí a ndearna a gclubanna ionadaíocht ar a son.

Ach ní shin le rá nach dtugann na comórtais draíocht dá gcuid féin leo, go háirithe mar gur iad is gaire do bhunstruchtúr na heagraíochta.

Mar a tharla i gcásanna Andy Phillips agus Jobber McGrath, tugann siad deis imeartha i bPáirc an Chrócaigh do pheileadóirí agus d’iománaithe nach bhfaigheadh sin dá uireasa.

Agus tá a thraidisiún féin seanbhunaithe freisin faoi seo ag Craobhchomórtas na gClubanna. Níl le lua ach éachtaí Raonaithe Chrois Mhic Lionnáin, briseadh croí Chlanna Gaeil as Ros Comáin, scéal Raonaithe Stua Laighean an bhliain seo caite.

Ní baol gurb é an bás atá faighte ag Comórtais an Bhóthair Iarainn atá i ndán do chraobhacha na gClubanna, ach tharlódh gur faoi na faoileáin amháin a bheidh Páirc an Chrócaigh Lá ‘le Pádraig feasta.

Cúis níos fearr fós leis an aistear a dhéanamh an babhta seo, má tá tú in araíocht.

Fág freagra ar 'Tharlódh gur faoi na faoileáin a bheidh Páirc an Chrócaigh Lá ‘le Pádraig feasta'