Tharla mé ar oileán tropaiceach le deireanas…

Agus athrú aeráide á phlé ag taidhleoirí an domhain ar fad i bPeiriú, tá tionchar théamh na cruinne le feiceáil níos soiléire gach lá.

Alex_2.12.14

Tharla mé ar oileán tropaiceach le deireanas.

An ghrian ag scoilteadh na gcloch, ach mise agus deartháir liom inár suí faoi scáth chrann almóinne, béile éisc á ithe againn i mbialann áitiúil.

Gach rud go breá, go dtí gur thosaigh an taoille ag teacht isteach.

Roimh i bhfad, bhí an fharraige ag slaparnach ag ár gcosa; bhí cuid de na crainn almóinne a bhí ar an trá ar ball san uisce anois.

Gnáthlán mhara a bhí ann: ní raibh rabharta ná stoirm ann. Bhreathnaigh mé siar thar mo ghualainn. Bhí an bhialann féin ar leibhéal na farraige, gan dumhach ná claí chun an áit a chosaint ó na tonnta.

‘An dtarlaíonn sé seo go minic?’ a d’fhiafraigh mé d’úinéir na bialainne.

‘Faoi dhó gach lá,’ a d’fhreagair an fear. ‘Bhí an t-uisce ar leac an dorais againn cúpla babhta cheana féin.’

Tá an chuid is mó de bhaile beag Moreré ar oileán Boipeba, amach ó chósta thoir na Brasaíle, faoi bhagairt ó chreimeadh cósta.

Le blianta beaga anuas tá crainn na trá á leagan ag an bhfarraige agus carraigeacha coiréil nach raibh le feiceáil roimhe seo á nochtadh.

Is léir don dall go mbeidh ar chuid de mhuintir an bhaile – úinéir na bialainne san áireamh – a dtithe agus a ngnónna a bhogadh as seo go ceann roinnt blianta.

Ar a laghad, beidh muintir Moreré in ann aghaidh a thabhairt ar an gcnoc taobh thiar den bhaile. Beidh orthu an fhoraois bháistí a chlúdaíonn é a leagan le spás a dhéanamh dá dtithe nua, ach cén dochar a dhéanfaidh sé ciliméadar cearnach de scamhóga an domhain a bhaint má leagtar na mílte ciliméadar cearnach in aghaidh na bliana fud fad an mheánchiorcail?

Ach ní bheidh deis bogadh ag muintir na nOileán Maildíve san Aigéan Indiach, ná go deimhin aon cheann de na hataill (atols) san aigéan sin agus san Aigéan Ciúin. Slógfaidh an fharraige na hoileáin fhíorísle seo muna stopann an t-oighear san Artach agus san Antartach ag leá.

Cainteanna Lima

Dé Luain, cuireadh tús in Lima, príomhchathair Pheiriú, leis an mbabhta deireanach cainteanna roimh ollchomhdháil aeráide a eagrófar i bPáras na Fraince an bhliain seo chugainn.

As seo go ceann deich lá eile, beidh ionadaithe ó 190 tír ag iarraidh teacht ar chomhréitigh a chinnteoidh nach dteipfidh ar ollchomhdháil Pháras mar a theip ar oll-chomhdháileacha aeráide go dtí seo.

Go deimhin, tá geallúintí tugtha le dhá mhí anuas ag roinnt de na tíortha is mó atá ciontach as téamh na cruinne – na Stáit Aontaithe, an tSín agus ár nAontas Eorpach féin – go ngearrfaidh siad siar go mór ar astúcháin (emissions) CO2.

Den chéad uair freisin, iarrfar ar thíortha atá ag forbairt gearradh siar ar astúcháin C02.

Tíortha tionsclaíocha amháin a bhfuil an dualgas sin orthu faoi Phrótacal Kyoto 1997, atá sínithe ag na Stáit Aontaithe ach nach bhfuil daingnithe acu, rud a fhágann nach bhfuil aon dualgais dhlithiúla idirnáisiúnta go fóill ar an tír is mó a tháirgíonn astucháin CO2.

Teorainn dhá chéim Celsius a chur le téamh na cruinne ón aimsir réamhthionsclaíoch an sprioc atá beartaithe d’ollchomhdháil Pháras, ach ós rud é go bhfuil ardú de 0.8 chéim tagtha ar theocht mheánach an domhain cheana féin ón am sin, agus ós rud é go bhfuil leibhéalacha astúcháin CO2 ag méadú in aghaidh na bliana, tá sé á mhaíomh ag eolaithe áirithe nach mbeifear in ann an sprioc sin a bhaint amach.

Pé toradh a thiocfaidh as an taidhleoireacht atá ar bun faoi láthair in Lima, beidh sé rómhall do phobail éagsúla fud fad na cruinne a bhfuil a n-áitreabh faoi bhagairt ag ardú leibhéal na mara.

Fág freagra ar 'Tharla mé ar oileán tropaiceach le deireanas…'