Thar am deireadh a chur le ‘rubber-stamping’ ar bhuiséid i dTithe an Oireachtais – An Ceann Comhairle

An Ceann Comhairle ag tacú le tuarascáil nua ón OECD ina moltar deireadh a chur leis an nós buiséid a fhaomhadh amhail is nach gá ach ‘stampa rubair’ a chur orthu

Sean Barrett
Seán Barrett

Deirtear i dtuarascáil nua ón OECD go bhfuil sé thar am deireadh a chur le nós Thithe an Oireachtais buiséid a fhaomhadh amhail is nach gá ach ‘stampa rubair’ a chur orthu.

Tá a thacaíocht tugtha ag an gCeann Comhairle Seán Barrett do mholtaí na tuarascála a chuirfear faoina bhráid go hoifigiúil amárach.

Pléann an tuarascáil leis na beartais chun feabhais a d’fhéadfaí a thabhairt isteach chun a chinntiú go ndéantar maoirseacht cheart i dTithe an Oireachtais ar bhuiséid.

D’iarr lucht Thithe an Oireachtais féin ar an OECD cabhrú leo leis an athbhreithniú a bhí ar bun acu ar ról an Oireachtais sa phróiseas buiséid.

Bronnfar an ‘Review of Budget Oversight by Parliament: Ireland’, ar an gCeann Comhairle, Seán Barrett maidin amárach.

Dúirt an Ceann Comhairle gur gá leasú a dhéanamh ar an tslí a dtéann an tOireachtas i ngleic leis an bpróiseas buiséid. Dúirt sé gur chóir go ndéanfadh Tithe an Oireachtais scrúdú ceart leanúnach ar conas mar a chaitear airgead an státchiste.

Dúirt sé go bhfuil moltaí soiléire déanta ag an OECD a bhí ag teacht le mianta Thithe an Oireachtais féin maidir le hathrú a dhéanamh ar an gcóras.

“The process of rubberstamping needs to end and we must engage fully with the strategic analysis of estimates and the continuing oversight of budgetary spend,”

 a dúirt an Ceann Comhairle tráthnóna.

Dúirt Cathaoirleach an Choiste Airgeadais, Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe, an Dr Liam Twomey, TD, go raibh léargas tugtha i dtuarascáil na hEagraíochta um Chomhar agus Fhorbairt Eacnamaíochta (OECD) a chuirfeadh Tithe an Oireachtais ar bhóthar a leasa fad is a bhaineann sé le scrúdú a dhéanamh ar chaiteachas stáit.