‘Thar am an Ardteist a chur in oiriúint don 21ú haois’ –Ibec

Deir Cónaidhm Fhostóirí agus Ghnólachtaí na hÉireann nach bhfuil an Ardteist mar atá faoi láthair ábalta freastal ar riachtanais na heacnamaíochta ná mhuintir na tíre agus go bhfuil sé thar am é a leasú

‘Thar am an Ardteist a chur in oiriúint don 21ú haois’ –Ibec

Agus a gcuid torthaí á bhfáil agus á gceiliúradh ag daltaí na hArdteistiméireachta inniu rinne Cónaidhm Fhostóirí agus Ghnólachtaí na hÉireann (Ibec) a mbreithiúnas féin ar an scrúdú sin.

Dúirt feidhmeannach sinsearach nuálaíochta agus oideachais na Cónaidhme Claire McGee, nach raibh an scrúdú sin “oiriúnach don fheidhm atá leis”.

“Is mór a bheidh idir ionad oibre an lae amárach agus ceann an lae inniu, mar go leor de na poist a theastóidh amach anseo ní hann dóibh fós. Cruthaitheacht, teacht aniar, agus cumas foghlama fad saoil ina buanna a theastaíonn ó lucht gnó na tíre seo. Tá sé fíor-riachtanach go dtugann an córas oideachais an deis do dhaoine óga teacht ar na scileanna agus an t-eolas a theastaíonn le go mbeidh siad in acmhainn barr a gcumais a bhaint amach ina saol,” a deir Claire McGee.

Dúirt Claire McGee go raibh an-amhras orthu nach raibh “an Ardteist mar atá faoi láthair ábalta freastal ar riachtanais na heacnamaíochta ná mhuintir na tíre agus go raibh sé thar am é a leasú”.

“Is beag deis a thugann scrúdú ceann cúrsa, a bhfuil an oiread sin ag brath air i do shaol agus atá bunaithe den chuid is mó ar fhoghlaim de ghlanmheabhair agus ar eolas atá foghlamtha agat roimh ré a thabhairt chun cuimhne, chun smaointeoireacht chriticiúil a chothú, leas a bhaint as scileanna anailíse ná scileanna idirphearsanta níos fearr a fhorbairt,” a dúirt Claire McGee.

“Ionas go mbeidh ar chumas na ndaltaí a mbealach a dhéanamh níos fearr i gcúrsaí léinn agus i saol na hoibre amach anseo, tá sé riachtanach go mbeadh córas oideachais againn a chothódh fonn foghlama, córas a chruthódh roghanna éagsúla do na daoine óga agus a d’ullmhódh iad don chéad chéim eile ina saol,” a dúirt an feidhmeannach sinsearach nuálaíochta agus oideachais in Ibec.

Dúirt sí go raibh sé in am anois “an Ardteist agus go deimhin an tsraith shinsearach uile chomh maith leis an tseirbhís gairmthreorach ag an dara leibhéal a chur in oiriúint don 21ú haois”.

Dúirt McGee go raibh Ibec ag súil go mór le bheith obair leis an NCCA agus dreamanna eile ar athbhreithniú a dhéanamh ar an Ardteist agus “an leasú atá thar am a dhéanamh” a chur chun cinn.

Ní lucht gnó amháin atá in amhras faoi chur chuige na hArdteiste agus ba é an breithmheas céanna a bhí le fáil sa taighde a d’fhoilsigh Ollscoil Chathair Átha Cliath an tseachtain seo caite inar léiríodh go raibh róbhéim sa scrúdú sin ar thástáil ar chuimhne ar a raibh foghlamtha de ghlanmheabhair ag daltaí.

 

Fág freagra ar '‘Thar am an Ardteist a chur in oiriúint don 21ú haois’ –Ibec'