Thar am aghaidh a thabhairt ar dhearcadh na ndaltaí ‘nach maith leo an Ghaeilge’

Dar le Príomhfheidhmeannach an IPPN, Seán Cottrell, go bhfuil gá athrú ó bhonn a dhéanamh ar mhodhanna teagaisc na Gaeilge

07/12/10. Budget Day. A student looks on as Ms Dillon teaches in St Columbanus National School in Ballybrack which is rated a Deis band 1 school (designated disadvantaged) and has already suffered from cut backs. Teachers and students alike are amongst the vulnarable to be affected in todays budget. Photo Eleanor Keegan/Photocall Ireland
Pictiúr: Eleanor Keegan/Photocall Ireland

Ba chóir go mbeadh ‘labhairt na Gaeilge’ ina ábhar éigeantach do gach dalta bunscoile agus iarbhunscoile agus ba cheart ‘léann na Gaeilge’ a thabhairt isteach mar ábhar roghnach dóibh siúd atá ag iarraidh tuilleadh staidéir a dhéanamh ar an teanga ag an dara leibhéal.

Sin cuid de na moltaí atá déanta ag Príomhfheidhmeannach Ghréasán Príomhoidí Bunscoile na hÉireann (an IPPN), Seán Cottrell, in alt leis a foilsíodh ar maidin.

Thug Cottrell le fios gur léirigh suirbhé a dhein an IPPN le déanaí go raibh leath de bhaill na heagraíochta sin den tuairim nach raibh aon ‘straitéis shoiléir’ ann do theagasc na Gaeilge agus go mba ghá athrú “radacach” a dhéanamh ar churaclam na Gaeilge.

Ag scríobh dó san Irish Times, dúirt Cottrell go raibh an iomarca ‘foghlaim de ghlanmheabhair’ fós ar bun sa rang Gaeilge agus go raibh múinteoirí fós ag brath rómhór ar théacsleabhair.

Maíonn i bhfad an iomarca daltaí ‘nach maith leo an Ghaeilge’, agus ní foláir an cheist a chur cén fáth go bhfuil an dearcadh sin acu i dtaobh na teanga, a dúirt Cottrell.

Dar le Príomhfheidhmeannach an IPPN gurb é freagra na ceiste sin ná go múinfí scileanna cumarsáide agus comhrá do dhaltaí in áit a bheith ag iarraidh an Ghaeilge a theagasc mar ábhar ‘acadúil’.

B’athrú chun feabhais a bhí i gcuraclam nua na  mbunscoileanna, a dúirt sé, ach theastaigh cur chuige níos radacaí ná sin.

Dúirt Cottrell gur cheart féachaint chomh maith ar an tslí a chuirtear oiliúint i múineadh na Gaeilge ar ábhar oidí seachas a bheith ag fáil locht ar na múinteoirí féin.

Fág freagra ar 'Thar am aghaidh a thabhairt ar dhearcadh na ndaltaí ‘nach maith leo an Ghaeilge’'

  • padraig

    Is fear an Ghaeilge a bhíonn acu go minic ar fhágáil na bunscoile dóibh ná mar a bhíonn acu ar fhágáil na meánscoile dhóibh. Cén sceanairt a dhéanann an córas meánoideachais orthu?

  • Colmán

    Fostaigh múinteoirí ar leith leis an Ghaeilge a theagasc sna bunscoileanna. Murar féidir leis na múinteoirí Gaeilge a labhairt cad é mar is féidir leo í a theagasc do na daltaí?

  • padraig

    Iar-oide mé héin. Tá oidí ann, agus caithfear é a rá go neamhbhalbh, atá ag ‘múineadh’ Gaeilge agus iad namhdach glan don teanga. Tolgann an dalta an naimhdeas sin uathu. Bhí aithne agam héin ar dhuine acu a deireadh’ ‘Ok now lads, take out your pegs.’ (Peig Sayers)
    Tá díobháil éachtach á dhéanamh acu sin. Múinteoirí eile ann gur cuma leo sa tsioc fúithi, bíonn ‘speatráil’ Ghaeilge (an focal a úsáideann siad héin) á mhúineadh acu ach bíonn Béarla nó Mata á múineadh acu agus iad fíormhórálach as. Táthar ann ina dtáinte a chaitheann leis an nGaeilge mar sheanstriapach agus ní múinteoirí amháin atá I gceist agam. An iomarca daoine á gcáiliú ag na hOllscoileanna etc nár cheart a ligean in aice le scoil d’aon chineál. ‘Gairm bheatha’ ab ea an teagasc tráth dá raibh, ní hea a thuilleadh.

  • Tuskar Rock

    D’fhoglaim mé a lán, lán Gaeilge, Béarla, Mats agus Teagasc-Chreidimh de ghlan-mheabhar nuair bhíos ar an mBunscoil. Deamhan diobháil a dhein, ach a mhalairt, mar gur ceacht iontach sa féin-smacht é rud a fhoghlaim ar an chaoi seo.

    Ta fhurmhór de istigh i’m cheann fós, agus beidh go deire. Cén ualach é, ach deagh-ualach? Tagann daoine óga amach ar an saoil inniu agus gan fiú is líne filíochta no phróis in a mheabhair acu. Ta a meabhair “glan” acu, ceart go leor.

    Amadántacht, am baiste. Is deagh-cleachtadh don intinn í an foghlaim, pé de ghlan-mheabhair é nó a mhalairt.

  • Donncha Ó hÉallaithe

    Beidh fadhb le múineadh na Gaeilge an fhad is atá sé éigeantach. Is cur amú acmhainní a bheith ag iarraidh teanga a mhúineadh do dhaoine nach bhfuil ag iarraidh í a fhoghlaim. Dá ndíreofaí na acmhainní ar bhunú Gaelscoileanna/Gaelcholáistí agus ar mhúineadh na teanga go caighdeán níos airde don mionlach atá ag iarraidh í a fhoghlaim, tá mé den tuairim le fada go mbeadh toradh níos fearr le fáil. Ar ndóigh caithfí foghlaim na teanga a dhéanamh tarraingteach. Tá neart bealaí a fhéadfaí sin a dhéanamh.