Thar am ag Oráistigh freagracht a ghlacadh as círéibeacha

Liosta le háireamh iad na himeachtaí a mbíonn an tOrd ag cur i gcéill nach raibh sé freagrach astu, ón réabadh i nDroim Crí 20 bliain ó shin go dtí an chíréib i dtuaisceart Bhéal Feirste oíche Dé Luain

orange order

Bhí sé de nós riamh ag an Ord Oráisteach séanadh go raibh milleán ar bith orthu as círéibeacha ag a gcuid paráidí. Ar dhaoine nár fháiltigh rompu a chuireadar an locht i gcónaí. Liosta le háireamh iad na himeachtaí a raibh an tOrd ag cur i gcéill nach raibh sé freagrach astu, ón réabadh i nDroim Crí scór bliain ó shin go dtí an chíréib i dtuaisceart Bhéal Feirste oíche Dé Luain seo caite agus na hoícheanta ina dhiaidh.

Tá comharthaí ar aird na gaoithe, áfach, go bhfuil athrú á éileamh ag cuid de bhaill an Oird. Tá siadsan, ar nós an chuid is mó den phobal, cinnte go bhfuil sé thar am ag na hOráistigh a ndualgais a aithint i dtaca leis na daoine a thugann siad amach ar na bóithre.

Oíche Dé Luain seo thart nocht na himeachtaí ar Bhóthar Woodvale agus Ascaill Twaddell gur cur i gcéill ar fad é séanadh an Oird. Anuraidh, ar an dara lá déag d’Iúil, rinne lucht na máirseála agóid shíochánta in aghaidh rialaithe ó Choimisiún na bParáidí a chuir bac orthu dul ar an ngiota ‘náisiúnach’ den bhóthar in Ard Eoghain. Bhí an léirsiú ciúin socair mar go ndearna an tOrd maoirseacht air.

I mbliana, cé gur achainigh siad roimh ré ar dhaoine a bheith síochánta, d’fhógair an tOrd go raibh an pobal an-fheargach faoin toirmeasc agus nach ndéanfaí maoirseacht ar an mháirseáil sa cheantar conspóideach.

Bhí a shliocht air. Níor thúisce bacainní an PSNI sroichte ná gur thosaigh na hionsaithe. Ní raibh an oiread daoine i mbun círéibe is a bhí dhá bhliain ó shin ach bhí an foréigean thar a bheith fíochmhar. Gortaíodh os cionn scór póilín, baineadh leath-chluais de dhuine acu agus ba dhóbair do chomhalta eile a laidhricín a chailliúint nuair a baineadh greim as. Anuas air sin gortaíodh ógbhean go dona agus bhain mionghortú do bhean eile nuair a thiomáin Oráisteach aitheanta gluaisteán isteach i slua ar an taobh náisiúnach de na bacainní bóthair. Tugadh an tiománaí os comhair cúirte, é cúisithe as dhá iarracht ar dhúnmharú.

Cúpla uair an chloig i ndiaidh na máirseála cháin an tOrd an chíréib. D’achainigh siad ar dhaoine eirí as an bhforéigean mar nárbh é leas na nOráisteach é ach buntáiste dá naimhde. Nach mb’fhearr a rá leo éirí as mar go raibh an dlí á shárú acu? Bíonn an tOrd ag síormhaíomh gur eagraíocht chreidimh é, iad dílis don dlí agus ord. Mór idir a mbriathra agus a gcleachtas.

Ach ní mór a bheith cúramach le briathra freisin. Is cinnte go ngríosaíonn an tsíor-chasaoid faoi ‘ionsaí cultúrtha’ daoine áirithe. Cuireadh cor scanrúil nua sa scéal nuair a d’eisigh dílseoirí anaithnide pictiúir d’fhir faoi arm agus púicíní orthu, iad ag bagairt go n-ionsóidís comhaltaí den PSNI agus de Choimisiún na bParáidí.

Maidin Dé Máirt bhí sé soiléir gur chreid an Príomh-Chonstábla Cúnta, Stephen Martin, go ndearna na tOrd Oráisteach faillí ina dhualgas. Údar mór díomá ab ea é nár deineadh maoirseacht, a dúirt sé.

Níos suntasaí fós, bhí baill den Ord i gceantair eile díomách, baill faoin tuath go háirithe. Ag an mháirseáil ar an Sruthán i gContae Ard Mhacha is iomaí ball den Ord a thagair don difríocht idir lóistí tuaithe agus ceann Bhéal Feirste. Dúirt Máistir an Oird i bhFear Manach go raibh náire ar go leor faoi na radharcanna i dtuaisceart na cathrach. D’aontaigh Oráisteach i ndeisceart Bhéal Feirste, ar de bhunadh na tuaithe é, leis. “An dá luaithe a chaitear cloch, tá an argóint caillte,” ar sé. Bhí an Comhairleoir Aontachtach, ar ball sinsearach den Ord é, i Sandy Row ag caint leis an Newsletter. Cinneadh mífhreagrach ab ea é gan maoirseacht a dhéanamh ar an bparáid i Woodvale, a dúirt sé.

Ní hionann an líon beag taobh istigh den Ord a cháin imeachtaí na seachtaine seo agus go bhfuil rabharta tacaíochta do chur chuige nua ann. Bhí daoine san Ord fiche bliain ó shin a cheistigh an cur chuige i nDroim Crí. Teip ab ea an réabadh sin a rinne damáiste d’Oráistigh. Tá sé in am ag ceannairí an Oird na ceachtanna sin a fhoghlaim. Níl na daoine go léir a dhiúltaíonn dóibh gan locht, ná baol air, ach is mithid d’Oráistigh caoi a chur orthu féin.

Fág freagra ar 'Thar am ag Oráistigh freagracht a ghlacadh as círéibeacha'

  • cormac

    Dream dur, seicteach, nimhneach, uafar a mbionn a ngrain chun na gCaitiliceach ag boirbeail iontu go siorai seasta. Gintear an nimh sin as oige iontu. Sin raison d’etre an chumainn agus na beatha acu.Nior thuigeas fein an meid sin no gur leigh me Patrick McCabe. Dala an sceil…na tinte cnamha sin ar siombal den bhfuath iad a bhionn acu gach Iul an mbionn faic le ra ag an Roinn Comhshaoil ina dtaobh maidir le truailliu etc………….go hairithe na boinn rubair sin? Taibhsitear domhsa go mba cheart go mbeadh siad sin midhleathach amach is amach.