‘Thar am ag Foras na Gaeilge an rud ceart agus cothrom a dhéanamh faoi ghrúpaí pobail’ – Conradh na Gaeilge

Tá éileamh eile déanta ag Conradh na Gaeilge ar Fhoras na Gaeilge go gcuirfí maoiniú ‘cóir’ ar fáil do ghrúpaí Pobal Gaeilge atá ag brath ar scéim de chuid an Fhorais

‘Thar am ag Foras na Gaeilge an rud ceart agus cothrom a dhéanamh faoi ghrúpaí pobail’ – Conradh na Gaeilge

Deir Uachtarán Chonradh na Gaeilge go bhfuil sé “thar am” ag Foras na Gaeilge “an rud ceart agus cothrom” a dhéanamh agus tuilleadh maoinithe a chur ar fáil do ghrúpaí pobail Ghaeilge atá ag brath ar scéim de chuid an Fhorais.

Tá €55,000 á éileamh ag na grúpaí atá ag brath ar an Scéim Pobal Gaeilge (SPG) le go mbeidís in ann duine a fhostú cúig lá na seachtaine in áit ceithre lá, mar a bhí orthu a dhéanamh ó rinneadh ciorrú ar an scéim reatha in 2016.

Bhíodh €80,000 ar fáil do ghrúpaí a bhí ag feidhmiú faoin scéim chéanna agus deir Conradh na Gaeilge gur éileamh “réasúnta” atá ann €55,000 a chur ar fáil don 22 grúpa atá á maoiniú faoin scéim.

Dúirt Uachtarán Chonradh na Gaeilge, Niall Comer, go bhfuil an Scéim Pobal Gaeilge ar na scéimeanna Gaeilge “is luachmhaire” atá á maoiniú ag Foras na Gaeilge.

Dúirt Niall Comer go raibh “sochar suntasach sóisialta agus áitiúil ar infheistíocht; infheistíocht a bhí, go stairiúil, teoranta agus íseal”.

Dúirt sé go raibh €55,000 á éileamh do gach grúpa, rud a ligfeadh dóibh “filleadh agus feidhmiú go héifeachtach ar sheachtain oibre cúig lá. Dúirt sé nár cheart idirdhealú a dhéanamh idir grúpaí atá lonnaithe i gceantair a bhfuil Líonraí Gaeilge nó Bailte Seirbhíse Gaeltachta iontu agus grúpaí eile.

Chuir Foras na Gaeilge tús le próiseas comhairliúcháin i dtaca leis an Scéim Pobal Gaeilge bliain ó shin.

Mhol Conradh na Gaeilge ag Comhchoiste Oireachtais na Gaeilge go gcuirfeadh na hairí Gaeltachta brú ar Fhoras na Gaeilge ceann de na ciorruithe “is suaracha” a cuireadh i bhfeidhm ar obair na Gaeilge sa phobal riamh a tharraingt siar.

Dúirt Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge ag an chruinniú coiste sa Dáil anuraidh go mbeadh “ceist ann” faoinarbh é Foras na Gaeilge an “meicníocht is fearr le maoiniú a dháileadh sa phobal” mura dtiocfadh ardú ar mhaoiniú ghrúpaí na scéime.

Fág freagra ar '‘Thar am ag Foras na Gaeilge an rud ceart agus cothrom a dhéanamh faoi ghrúpaí pobail’ – Conradh na Gaeilge'