Thar am ag an Eoraip stad de bheith á náiriú féin os comhair an domhain…

Caithfidh an Eoraip dul i ngleic le géarchéim na dteifeach ar a teorainneacha ar bhealach cuimsitheach agus daonna

ACV_Ocean_Protector_Arrives_in_Darwin_with_180_Asylum_Seekers_on-board_(1)

Na mílte corp ar foluain sa Mheánmhuir. Na mílte duine leathbheo i bhfostú idir dhá thír agus granáid dheorgháis á gcaitheamh leo. Fear a shiúil faoi Mhuir nIocht agus na mílte eile a leanfadh a shampla. Teifigh á n-imeaglú ag nua-naitsithe. Balla frith-theifeach á thógáil ag tír as ar theith dhá chéad míle duine sa bhliain 1956 – teifigh ar cuireadh fearadh na fáilte rompu ag an am i dtíortha a bhfuil páirtithe frithimirce i mbarr a réime iontu anois.

Ní théann oíche ar bith thart nó cuireann an nuacht ón Eoraip náire orm. Náire, toisc gur inimirceach ón Eoraip mé sa Bhrasaíl – tír a ghlac leis na milliúin Eorpach dearóil ag tús an fichiú céad, agus a ghlacann leis na scórtha míle fós gach bliain (is as dhá bhallstát de chuid an Aontais Eorpaigh, an Spáinn agus an Phortaingéil, dá bhformhór.)

Deirtear nach bhfacthas géarchéim dhaonna mar seo san Eoraip ó bhí deireadh an Dara Cogadh Domhanda ann.

Ach murab ionann agus an t-am sin – tráth a bhí dídean á tabhairt ag teaghlaigh fud fad na mór-roinne ina dtithe féin do dhaoine a chaill a raibh acu – tá géarchéim mhorálta ann anois: gach tír ag tochras ar a ceirtlín féin agus ag iarraidh a chinntiú nach dtagann ach a laghad teifeach agus is féidir isteach thar teorainn; ní áirím náire shaolta an trí thír in oirthear na hEorpa atá ag iarraidh a chinntiú gur Críostaithe iad pé teifigh a dtabharfar tearmann dóibh sna tíortha sin.

Ag tús na seachtaine seo, d’impigh Seansailéar na Gearmáine, Angela Merkel, agus Uachtarán na Fraince, François Hollande, ar cheannairí na hEorpa cur le chéile agus dul i ngleic le géarchéim na dteifeach.

Níl siad leo féin. I dtíortha éagsúla eile san Eoraip, tá glórtha ar thaobh na láimhe clé agus i lár an speictrim pholaitiúil ag moladh go gcuirfí deireadh le ‘socrú Bhaile Átha Cliath’ – is é sin an riail a éilíonn go gcuireann teifigh isteach ar thearmann sa chéad bhallstát Eorpach a bhaineann siad amach – agus go gceapfar córas faoina ndáilfear teifigh thar na ballstáit éagsúla ar bhealach cothrom.

Más mall is mithid.

Mar a léiríonn an mapa seo is é a mhalairt ar fad atá ag tarlú anois.

Faoi láthair, tugann an Ghearmáin dídean do dhuine as gach triúr (!) de na teifigh a thagann go dtí an Eoraip. Tugann an tSualainn dídean do dhuine as gach deichniúr agus rud beag lena chois – agus tír í an tSualainn nach bhfuil a daonra ach oiread go leith níos mó ná daonra oileán na hÉireann.

Ach ní thugann Poblacht na hÉireann féin dídean ach do dhuine as gach cúig chéad teifeach (!) a thagann go dtí an Eoraip. Agus ní thugann an Ríocht Aontaithe, tír ina mbíonn sé ina shíorchlampar nimhneach faoi cheist na hinimirce, dídean ach do dhuine as gach beirt is fiche.

Gan dabht, athróidh sruth na n-iarrthóirí tearmainn chun na hEorpa sochaí na hEorpa. Tá a fhios ag gach duine a rinne anraith riamh go n-athraíonn an blas nuair a chuirtear comhábhar nua isteach sa phota.

Ach ní tada iad cúpla céad míle teifeach i gcomparáid leis an suaitheadh a tharla le linn Ré na hImirce, an Völkerwanderung a tharla nuair a chuaigh Impireacht na Rómhánach i léig.

Agus ní tada iad cúpla céad míle teifeach i gcomparáid leis na céadta milliún Eorpach a thug an bád bán orthu féin go dtí an tOileán Úr, agus féach gur sochaithe bríomhara, ilchultúrtha iad Stáit Aontaithe Mheiriceá, an Bhrasaíl, Ceanada agus tíortha eile nach iad.

Tá sé ag éirí níos soiléire in aghaidh an lae nach féidir teorainneacha na hEorpa a dhúnadh ina gcoinne siúd atá ar thóir na saoirse, nó díreach ar thóir saoil níos fearr.

Is léir nach dteastaíonn ón Eoraip gníomhú chun deireadh a chur le bunchúiseanna na hinimirce – is é sin, a chinntiú go dtiocfaidh deireadh leis an gcogaíocht sa Mheán-Oirthear agus go dtiocfaidh deireadh leis an éagothromaíocht eacnamaíoch idir an Eoraip agus an Afraic.

Ach ar a laghad, d’fhéadfadh sí éirí as a bheith á náiriú féin os comhair an domhain agus teacht ar chur chuige praiticiúil, daonna chun dul i ngleic le sruthanna inimirce.

Fág freagra ar 'Thar am ag an Eoraip stad de bheith á náiriú féin os comhair an domhain…'

  • Fearn

    ” Ní théann oíche ar bith thart nó cuireann an nuacht ón Eoraip náire orm. ”

    Bhal, fan amach ó nuacht ón Astráil ina gcuireann longa a cabhlaigh siúd na teifigh ó dhoras seachas tointeáil a thabhairt dóibh chun a críocha.

    Agus fálta? An tsreang fhada úd ón Aigeán Chiúin go Murascail Mheicsiceo ina bhfuil dealga mhiotail roimh teifigh ag dul ó thuaidh i bhfarradh fásaigh tioramaigh doichill.

    Is maith liom an meafar seo: Tá a fhios ag gach duine a rinne anraith riamh go n-athraíonn an blas nuair a chuirtear comhábhar nua isteach sa phota.

    Bhal, i dtaca le hÉirinn de, ba mhó an gabháil a chuir giosta na Normannach inár mbulóg aráin, agus tá a shliochtorainn riamh: gabháil nua teanga atá in uachtar; ní taise do chultúir dhúchasacha na Brasaíle nach ceiliúrann a n-inimirceoirí chomh ard agus gáir a mian siúil siadsan. (Déarfainn)

    Bhí dhá thaobh ar gach scéal riamh, is dócha