Tháinig dath dearg ar an líne theileafóin idir Ard a’ Bhóthair agus Casla le teann mionnaí móra!

Sa saol mór fré chéile ní minic gurb é leas an duine iomarca peataireachta a dhéanamh air agus is amhlaidh don imreoir idirchontae

Tháinig dath dearg ar an líne theileafóin idir Ard a’ Bhóthair agus Casla le teann mionnaí móra!

Nuair a chasaim ar iriseoirí Chumann Lúthchleas Gael na meán náisiúnta na laethanta seo is minic iad ag casaoid faoina laghad deiseanna a bhíonn ar fáil sa lá atá inniu ann imreoirí idirchontae a chur faoi agallamh.

Nuair a bhí mé féin ag plé leis an gcúram go lánaimseartha, níos minice ná a chéile ní bhíodh le déanamh ach breith ar an bhfón agus glaoch ar aon pheileadóir nó ar aon iománaí sa tír a raibh a uimhir stóráilte sa leabhairín dhubh agat.

Bhí glactha leis go dtabharfaí beagáinín spáis dóibh agus iad ag déanamh isteach ar na cluichí móra – go háirithe Cluiche Ceannais na hÉireann.

Sin ráite ba mhinic a rinne Seán Bán dreas cainte le Páidí Ó Sé na laethanta beaga sular imir sé i bPáirc an Chrócaigh – fiú más i ngan fhios do Mick O’Dwyer a déanadh sin. Agus ba ea.

Faoin am a dtáinig 1995 áfach agus an sionnach gaibhte i mbun na n-uan ní mba chleachtas é a raibh mórán tóir ag ‘Páidí an Bainisteoir’ air!

Lena cheart a thabhairt dó bhí fáil air féin i gcónaí, ach ná cloiseadh sé go ndeachaigh tú i ngar don Chinnéideach, do cheachtar de chlann a dhearthára, do Paul Galvin ná do na Gearaltaigh agus cluiche mór ar leic na tairsí.

Bhí scaití ann nuair nár mhilleán dó. Bhí níos mór Gaeilgeoirí ar a fhoireann féin tráth a mbíodh an t-ádh ort a theacht ar dhuine i bhformhór na gcontaetha eile.

Ní chuidíodh an spochadh leis an scéal ach oiread. Is cuimhin liom geábh agus Seán Bán ag ‘dul i gcomhairle’ le Páidí faoi Killian Burns a chur faoi agallamh an tseachtain ar imríodh Cluiche Ceannais 1997. ‘Cén saghas ceisteanna a bheidh agat dó?’ a d’fhiafraigh an bainisteoir. ‘Aah na gnáthchinn agus b’fhéidir go gcasfadh sé port ar an mbosca faoi dheireadh freisin le dlaoi mhullaigh a chur ar an lá,’ a deir an Leaid Bán!

Tháinig dath dearg ar an líne theileafóin idir Ard a’ Bhóthair agus Casla le teann mionnaí móra!

Tá an seans ann gur féidir a chur ina leith gur ag tochas ar a gceirtlín féin atá siad, ach déarfadh formhór iriseoirí na gcluichí Gaelacha inniu leat go measann siad iomarca peataireachta a bheith á déanamh ar imreoirí na bhfoirne a scríobhann siad ina dtaobh – iomarca de chosaint á déanamh orthu ar aon nós.

Reáchtálann foirne rugbaí na gcúigí ócáidí don phreas chuile sheachtain. Acu siúd, bíonn teacht ar an mbainisteoir agus ar imreoir amháin ar a laghad. Is ionann don fhoireann náisiúnta. Is léir freisin teacht i bhfad níos éasca a bheith orthu siúd a imríonn i Sraitheanna Sacair na hÉireann.

Le himeacht na mblianta tá laghdú ollmhór tagtha ar an deis a bhíonn ag iriseoirí labhairt le himreoirí CLG agus sin ag éirí níos deacra de réir mar a shroicheann an séasúr ceann scríbe.

Inniu, baineann formhór na ndeiseanna le laethanta a eagraíonn comhlachtaí a bhfuil ceangal urraíochta de chineál éicint eatarthu agus an imirt – comhlachtaí árachais, bancanna, ollmhargaí, dream a sholáthraíonn táirgí atá luaite le spórt agus a leithéid.

Le mo linnse bhíodh ‘oícheanta preasa’ sa dá chontae seachtain nó mar sin sula dtagadh an choimhlint mhór. Dhéantaí traenáil éadrom leathuaire agus ansin bhí fáil ar bhainisteoirí, roghnóirí, imreoirí agus oifigí ag an slua iriseoirí (os cionn tríocha scaití) a bhíodh i láthair.

Scaipthe ar fud na páirce bhí imreoirí timpeallaithe acu siúd a bhí i mbun ceamaraí, gléasanna taifeadta nó daoine a bhí ag scriobláil ar a ndícheall.

In alt sa Sunday Times Dé Domhnaigh seo caite rinne Michael Foley cur síos ar an teacht a bhí ar imreoirí Mhaigh Eo roimh chluiche ceannais peile na bliana seo – preasócáid ghairid a reáchtáladh cúpla lá roimh chluiche ceannais na hiomána agus gan i láthair aici ach James Horan agus an t-imreoir Stephen Coen.

Ní baileach go ndeir sé gur cur i gcéill a bhí i gceist, ach b’in a bhí ann.

Mar a dhéanfadh duine ionraic ar bith, déanann Foley cáineadh láidir freisin ar an spídiúlacht a fuair imreoirí Mhaigh Eo, ar na meáin shóisialta go háirithe, nuair a chailleadar an cluiche ceannais sin in aghaidh Thír Eoghain.

Bhain sé croitheadh asamsa mé féin. An rud is deacra liom a thuiscint fós féin is ea an chaoi ar glacadh chomh fearúil sin le chuile thubaiste a tharla do pheileadóirí an chontae ó 1989 i leith agus ansin gur spreag an ceann seo oiread nimhe, goimhe agus gangaide – ó mhionlach, glacaim leis.

Luaitear san alt gur ar líne a fhaigheann bunáite chuile dhuine atá idir 20 agus 30 bliain d’aois a gcuid eolais agus gur ar líne a dhéanann siad caidreamh. D’fhéadfá deich mbliana eile a chur leis sin de réir mar a fheicimse.

‘The level of engagement between the GAA’s most high-profile teams and the media has never been as low or so tightly controlled. That is entirely any team’s prerogative but if teams do not occupy that space with their own voice, that space will be occupied by something else,’ a deir Michael Foley.

Is deacair gan aontú leis sin.

Bheinn den tuairim freisin nach é leas an imreora i gcónaí go ndéanfadh sé nó sí seachaint iomlán ar an bhfuilibiliú a bhaineann le laethanta móra. Tá éirim ag baint leo ar fad. Sa saol mór fré chéile ní minic gurb é leas an duine iomarca peataireachta a dhéanamh orthu. Nach móide gurb amhlaidh i saol an spóirt.

Fág freagra ar 'Tháinig dath dearg ar an líne theileafóin idir Ard a’ Bhóthair agus Casla le teann mionnaí móra!'