‘Tháinig ar tharla i mo shaol chun cuimhne de phreab mar a bheadh físeán ann’

AG TÓGÁIL CLAINNE: Tá ár gcolúnaí gafa ag an gkit-kat, fadhb ar éirigh léi í a cheilt ó na gasúir…Go dtí an lá eile…

Kit kat chunky 1

“Céard tú a ithe, a Mhamaí?” Is beag nár thacht mé. Bhí mé i ngreim. ‘Tada,’ a dúirt mé agus iarracht á dhéanamh agam an Kit-Kat beag a bhí i mo bhéal agam a shlogadh in alp amháin agus a theacht slán.

Bhí mé ar mo ghogaide taobh thiar den doras ag ceann de na preasanna sa gcistineach. Preas an phúitse rúnda. Cheap mé go raibh siad chomh gafa leis an lego thíos ar an taobh eile den seomra is nach dtabharfaidís faoi deara go raibh seacláid á hithe agam.

Beag baol ar an gcontúirt, dúirt mé liom féin, bíodh ‘briseadh’ agat, tá sé tuillte go maith, ní bheidh a fhios acu tada. Tuigim anois d’alcólaithe; naigíní vodca i bhfolach sa sistéal os cionn an leithris acu. Beannaigh mé a athair mar is peacach mé, táim gafa ag kit-kats.

‘Chuala mé torann páipéir eicínt,’ a dúirt an bheanín bheag a bhí do mo cheistiú. Níor fhreagair mé í. Ní hé go raibh traenáil frithcheistiúcháin á cur i bhfeidhm agam; scanraigh mé an oiread nuair a rugadh orm go raibh píosa den bhriosca tanaí ón gKit-Kat imithe síos an taobh mícheart de mo phíobán.

Tháinig ar tharla i mo shaol chun cuimhne de phreab mar a bheadh físeán ann. Fan glan ar an solas, a dúirt mé liom féin, tá obair fós le déanamh anseo agat.

‘An bhfuil milseáin agat?’ arsa An Dr Olc beag agus í ag déanamh orm trasna an tseomra, giolla ar chaon taobh di, beirt ag siúl, duine ag lámhacán. Slómó. Chuimhnigh mé ar Reservoir Dogs nuair a chonaic mé iad – an radharc sin de Harvey Keitel i bpáirt Mr. White agus a chomhghleacaithe ag siúl síos an tsráid ina gcultacha dubha. Níor chuir sé ar mo shuaimhneas mé agus mé, dar liom, i gcróilí an bháis.

Ní raibh greim ar m’anáil fós agam. Meas tú cé acu cathaoir cistine a dhéanfadh cúis an Heimlich dom, a dúirt mé liom féin. Nó an mbeinn in ann a ghabháil chomh fada leis ar chor ar bith sula dtitfinn i laige go hiomlán? Bhí doras an phreas ar oscailt, an púitse rúnda milseán i mbaol a aimsithe.

Go tobann ghlan mo phíobán. Alleluia! Nach breá a bheith beo. Bhí siad tagtha chomh fada liom faoin am seo. ‘An bhfuil cead againne ruainnín?’ a d’fhiafraigh sí thar ceann na bpáistí nuair a chonaic siad na milseáin. Tháinig mé slán, ach níorbh amhlaidh don phúitse rúnda.

Fág freagra ar '‘Tháinig ar tharla i mo shaol chun cuimhne de phreab mar a bheadh físeán ann’'