‘Tháinig an víreas isteach i mo scoilse agus tá dea-scéal agam daoibh – oibríonn an córas’ 

Deir príomhoide scoil i gCiarraí inar thángthas ar chás den Covid-19, an t-iarpheileadóir aitheanta Gaeltachta, Aodán Mac Gearailt, nach binn béal ina thost i gcónaí

‘Tháinig an víreas isteach i mo scoilse agus tá dea-scéal agam daoibh – oibríonn an córas’ 

Bhí príomhoide Mheánscoil Nua an Leitriúigh i gCaisleán Ghriaire i gCiarraí “neirbhíseach” nuair a fuarthas an scéal an tseachtain seo caite go raibh cás den Covid-19 ina scoil, ach b’amhlaidh go raibh níos mó muiníne aige as an gcóras i ndiaidh na heachtra.

Dea-scéal é sin ar cheart é a roinnt, a dúirt príomhoide na scoile Aodán Mac Gearailt agus é faoi agallamh ar Adhmhaidin ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.

“Bhíos neirbhíseach ach bhraitheas ag an am go raibh próiseas leagtha amach dom agus bhí freagracht orm an próiseas san a leanúint. Bhí na réamhullmhúcháin ar fad déanta sa scoil agus bhraitheas féin go rabhadar ag oibriú. Cé go raibh cás (ann), ní raibh aon bhaint aige leis na réamhullmhúcháin, ní raibh aon bhaint aige le haon duine sa scoil. Tháinig an cás isteach sa scoil.

“Mar phríomhoide ag an am, gan dabht bhí brú agus strus ann, ach bhraitheas go raibh foireann láidir timpeall orm. Bhíos ábalta brath orthu ag an am. Bhíos ábalta brath ar na hoifigigh sláinte phoiblí a bhí ar an bhfón, na dochtúirí. Thugadar treoir dom.”

I dteannta a chéile is fearr sinn fad is a bhaineann sé le déileáil leis an ngalar, a dúirt an Príomh-Oide as Corca Dhuibhne a bhuaigh dhá bhonn uile-Éireann le Ciarraí, agus sin mar a bhí ina scoil.

“Chuas abhaile tráthnóna Déardaoin seo a d’imigh tharainn agus bhíos tugtha traochta ach ansan thosnaigh na ríomhphoist ag teacht isteach ó mhúinteoirí, ó thuismitheoirí.

“Agus bhraithfeá go diail mar táimid i dteannta a chéile agus mura bhfuilimid ag tacú le chéile, níl aon mhaitheas ionainn. Caithfimid tacú lena chéile, caithfimid comhairle a thabhairt, caithfimid cabhair a thabhairt.

“Ní bheidh sé imithe amárach. Caithfimid leanúint orainn, na rudaí cearta a dhéanamh gach aon lá, gach aon oíche agus tá an fhianaise ann, tá an fhianaise agamsa go n-oibríonn an córas anois, sin scéal maith is dóigh liom, agus caithfear an scéal seo a insint.”

Nuair a deimhníodh go raibh cás den aicíd sa scoil, chinn Mac Gearailt féin rang a chur abhaile, rud a bhí ag teacht salach ar na treoracha oifigiúla.

“Rud a bhraitheas go gcaitheas a dhéanamh ná an rang a chur abhaile agus bhailigh na tuismitheoirí iad. Is dócha go ndéanfainn é sin arís…

“Ní fhéadfainn fanacht fiú deich nóiméad, agus dhéanfainn arís é,” a dúirt sé.

Seachas sin chloígh sé go docht leis na treoracha oifigiúla agus bhí lánmhuinín aige astu.

“Lasmuigh de sin, lean  an lá ar aghaidh sa scoil mar an treoir a fuaireas, bhí ciall leis agus chuir sé ar mo chompord mé ar shlí amháin.

“Ní bhraitheas míchompordach ag aon am tar éis labhairt leis na dochtúirí a bhí ar an dtaobh eile den bhfón. Bhraitheas go dtuigeadar conas an rianú teagmhálaithe san a dhéanamh agus dheineadar an-mhaith é, dheineadar an-thapaidh é agus de réir a chéile dheineamar an bheart agus táim an-shásta a rá nach bhfuil aon chás deimhneach eile sa scoil.”

Bhí na tástálacha ar fad a cuireadh ar dhaltaí diúltach

“Daoine atá sceimhlithe faoin víreas se, sin scéal maith,” arsa an príomhoide.

Dúirt Mac Gearailt nach aon dochar é labhairt amach faoi na cúrsaí seo.

“Tháinig an cás isteach sa scoil, ní hamhlaidh gur chruthaíomar an cás sa scoil. Ní dheineamar aon rud mícheart, a mhalairt atá fíor, dheineamar gach aon rud i gceart, rud a chiallaigh nár scaip sé.

“Níl aon dabht, tá éiginnteacht ann. Ní thuigeann daoine, is dócha, gur féidir leat é phiocadh suas i ngan fhios duit féinig. Ní hé go ndeinis aon rud mícheart, an-sheans nár dheinis.”

Botún a bheadh ann an milleán a chur ar aon duine as an ngalar a tholgadh nó a scaipeadh, dar le Mac Gearailt.

“Ní dóigh liom gur cheart breithiúnas a thabhairt ar éinne a fhaigheann an víreas. Ní dóigh liom go bhfuil sé sin aon phioc féaráilte. Is dóigh liom go gcaithfimid a bheith oscailte faoi, beidh sé linn ar feadh tamall, níl sé chun imeacht aon áit amárach nó an tseachtain seo chugainn. Beidh sé linn. Caithfimid tacaíocht a thabhairt dá chéile.”

Tá glaochanna faighte ag an bpríomhoide ó dhaoine eile ó tharla an eachtra agus comhairle á lorg acu – cúis eile le labhairt amach faoin scéal, dar leis.

“Braithim go bhfuilim ag déanamh maitheasa a bheith ag labhairt faoi mar is féidir liom comhairle a thabhairt do dhaoine eile a bheidh sa bhád céanna amach anseo agus b’fhéidir go mbeinn féin sa bhád san arís.

“An rud atá foghlamtha agam, caithfidh tú ligint do na saineolaithe a jab a dhéanamh. Agus siadsan na saineolaithe, ní mise. Táimse chun mo chomhairle a thógaint uathu-san, ní a mhalairt.”

Ní raibh aon “histéire mhór” ina scoil féin faoin scéal cé go raibh roinnt bheag di lasmuigh den scoil. Fuair sé cúpla glaoch ó dhaoine a bhí míshásta nach raibh an scoil iata aige.

Dúirt sé nár chóir d’aon dream ná aon scoil dul isteach “i bpluais” ná “dul i bhfolach” má dheimhnítear cás den ghalar.

Fág freagra ar '‘Tháinig an víreas isteach i mo scoilse agus tá dea-scéal agam daoibh – oibríonn an córas’ '