Thabharfadh Sinn Féin reachtaíocht nua don Ghaeilge isteach láithreach dá mbeidís i gcumhacht

Níl ach mí ann ó ritheadh an bille nua chun Acht na dTeangacha Oifigiúla a leasú agus tá na forálacha atá ann fós le cur i bhfeidhm, ach deir Sinn Féin go bhfuil siad i mbun oibre cheana féin ar bhille nua

Thabharfadh Sinn Féin reachtaíocht nua don Ghaeilge isteach láithreach dá mbeidís i gcumhacht

Dhéanfadh Sinn Finn leasú láithreach ar an Acht Teanga dá mbeadh an páirtí sa rialtas.

Níl ach mí ann ó ritheadh an bille chun Acht na dTeangacha Oifigiúla a leasú agus tá na forálacha atá ann fós le cur i bhfeidhm, ach tá Sinn Féin i mbun oibre cheana féin chun na laigí, dar leo, atá sa reachtaíocht nua a leigheas.

Dúirt an Teachta Dála Aengus Ó Snodaigh, urlabhraí Gaeilge an pháirtí, le Tuairisc go mbeidh sé féin agus a pháirtí ag obair sna míonna amach romhainn ar an mbille nua a réiteach.

Mhol Sinn Féin breis is 240 leasú ar an mBille Teanga le linn an phlé a rinneadh air anuraidh agus níor ghlac an Rialtas le haon cheann acu, cé gur cuireadh roinnt acu san áireamh i leasuithe eile a thug Aire Stáit na Gaeltachta Jack Chambers chun cinn le linn na díospóireachta.

“Ó thaobh na leasuithe sin nár glacadh leo, agus bhí a lán acu ann, beidh m’oifigse ag obair ar Bhille nua Teanga a chur le chéile chun na forálacha san Acht a threisiú, chun fáil réidh leis an tsolúbthacht atá ag comhlachtaí, agus chun uaillmhian a bheidh i bhfad chun tosaigh ar an méid atá déanta go fóill a chur sa reachtaíocht – maidir le chuile rud ó chearta oideachais agus cothrom na Féinne sna cúirteanna go lipéadú dátheangach agus spriocanna daingne don Ghaeilge sna meáin.

“Beidh sé i gceist againn an Bille sin a achtú agus muid i rialtas amach anseo, ach sin an obair a bheidh ar bun againn i mbliana,” a dúirt Ó Snodaigh.

Cé go bhfuil fáilte curtha roimh an Acht Teanga leasaithe, léiríodh díomá faoi chodanna áirithe den bhille.

Dhiúltaigh an Rialtas do leasuithe a leagfadh síos spriocanna cinnte faoi cathain a bheadh gach seirbhís ar fáil i nGaeilge sa Ghaeltacht. Níl aon spriocanna ach an oiread ann maidir leis an dualgas a leagfaí ar chomhlachtaí poiblí úsáid cheart a bhaint as an síneadh fada in ainmneacha daoine.

Diúltaíodh chomh maith do leasú a dhéanfadh sainmhíniú ar céard atá i gceist le líofacht sa Ghaeilge agus dhiúltaigh an tAire Stáit Chambers freisin do leasuithe a mhol an freasúra a thabharfadh feidhmeanna breise don Choimisinéir Teanga.

Chomh maith leis an obair ar an mbille nua, d’admhaigh Ó Snodaigh go bhfuil níos mó le déanamh ag Sinn Féin ar son na Gaeilge agus go bhfuiltear dulta i gcomhairle le hionadaithe Gaeltachta an pháirtí chun tabhairt faoin obair sin.

“Tá obair le déanamh againn freisin le cás na Gaeilge sa pháirtí a fheabhsú, agus tá fochoiste bunaithe againn d’ionadaithe Gaeltachta chun comhordú rialta a dhéanamh ar an obair atá ar bun ag gníomhairí Shinn Féin ó Thír Chonaill go dtí an Rinn,” a dúirt Ó Snodaigh.

“Ó na cruinnithe agus an obair sin, tá sé i gceist agam sraith polasaithe a fhoilsiú ag leagan amach polasaí an pháirtí ar réimse ábhar Gaeltachta agus Gaeilge.”

Fág freagra ar 'Thabharfadh Sinn Féin reachtaíocht nua don Ghaeilge isteach láithreach dá mbeidís i gcumhacht'

  • Donncha Ó hÉallaithe

    Beidh mé ag tnúth go mór le polasaithe Sinn Féin faoin nGaeltacht a fheiceáil foilsithe. Spéis faoi leith agam i bpolasaí Shinn Féin faoi leagan amach na Gaeltachta, i bhfianaise an méid a bhí le rá ag Aengus ar Adhmhadin (RNAG) ar an Luan seo caite ag labhairt dhó le Gormhfhlaith Ní Thuairisg, agus an cuma ar an méid a bhí le rá aige go bhfuil sé ag iarraidh go ndéanfaí an t-aitheantas céanna Gaeltachta faoin gcóras pleanála a thabhairt do na eastáit tithíochta i Tír Oileáin i gCathair na Gaillimhe is a thugtar do Thír an Fhia i gConamara. Más é sin an polasaí Gaeltachta a bheas ag Sinn Féin ní bheinn dóchasach go mbeidh aon athrú meoin i leith slánú na Gaeltachta ó rialtas ina mbeadh Aireacht na Gaeltachta ag Sinn Féin. Is bun rud é go ndéanfaí teorannacha na Gaeltachta a chur in oiriúnt don staid teangeolaíoch, le gur féidir rialacha teanga ciallmhaire, ní hamháin a leagan síos, ach a chur i bhfeidhm.