TG4 tite idir dhá stól le míreanna toghcháin lán plámáis agus Béarla

Shocraigh TG4 gan díospóireacht a bheith acu do thoghchán na huachtaránachta. Tá go maith, ach is é a cuireadh ar fáil dúinn ina háit ná an chuid is measa den ghnáthdíhospóireacht pholaitiúil

TG4 tite idir dhá stól le míreanna toghcháin lán plámáis agus Béarla

Is dóigh liom, in ainneoin a dhíchill, gur thit TG4 idir dhá stól leis an gclár toghcháin Vóta 2018, ina raibh míreanna réamhthaifeadta ag na hiomaitheoirí ar fad chomh maith le hanailís ó Chathal Mac Coille agus Gormfhlaith Ní Thuairisg.

Ceisteanna seanchaite ar fhreagraí seanchurtha a bhí sna míreanna réamthaifeadta agus blas láidir den chraoladh páirtí polaitíochta orthu. Is í an chuid is leimhe d’aon díospóireacht pholaitiúil ná na míreanna tosaigh sin ina dtugtar cead a gcinn do na hiarrthóirí pé bladar is maith leo a chaitheamh chugainn gan aon chur isteach orthu. Shocraigh TG4 gan díospóireacht a bheith acu an geábh seo ar chúinsí teanga. Tá go maith, ach is é a cuireadh ar fáil dúinn ina háit ná an chuid is measa den ghnáthdhíospóireacht pholaitiúil.

Nuair a fógraíodh nach mbeadh aon díospóireacht ag TG4, dúradh mar mhíniú air sin nach bhféadfaí a leithéid a reáchtáil gan an iomarca Béarla a bheith ann ach bhí an t-uafás Béarla anseo leis.

D’fhág an cur chuige chomh maith nach raibh aon trasnaíl, leibhéal ná buillí oird ar inneoin againn. Bhí dreasanna beaga cainte as Gaeilge ullmhaithe ag Gallagher agus Duffy agus bhí Freeman agus Casey i dtaobh leis an gcúpla focal. Ar chóir dúinn a bheith buíoch? An fearr leath ná meath?.

Nuair a tarraingíodh anuas ceist na teanga bhí an gnáth-thruflais againn faoi ‘chultúr’, ‘féiniúlacht’, ‘spreagadh’ srl.

Níl Gaeilge agam ach…

Gallagher ag maíomh go bhfuair sé grád onóracha i nGaeilge ardleibhéil na hArdteiste agus Duffy ag rá go ndeachaigh a chlann chuig Gaelscoil. Ba léir ón gcuid seo go raibh Ní Riada agus Ó hUiginn i bhfad níos eolgaisí ar an ábhar, rud go mbeifeá ag súil leis gan amhras. Bheadh súp le baint as comhrac beirte i nGaeilge, faoi mar a chonaiceamar ar chlár Prime Time oíche Dé Máirt nuair a d’iompaigh siad ar theanga na muintire.

Níor chabhraigh sé le TG4, ná na stáisiúin eile go deimhin, nach bhfuil aon anam sa bhfeachtas agus an chuma ar an scéal ó thús deireadh go mbeidh rith an rása le Michael D. De réir na bpobalbhreitheanna is déanaí, beidh a dhá oiread vótaí aige is a bheidh ag na hiomaitheoirí eile ar fad curtha le chéile.

Lena chois sin ar fad is cineál cogadh na mba maol atá againn óir nach bhfuil aon chumhacht phraiticiúil ag an uachtarán agus ní féidir leis/léi, dá réir, polasaithe coincréiteacha a chur chun cinn. Níl le déanamh ansin ag na hiarrthóirí ach íde na muc agus na madraí a thabhairt dá chéile faoi chúlraí agus cinntí pearsanta; rud nach féidir a dhéanamh i míreanna réamhthaifeadta.

Ar a laghad chuir Gormfhlaith Ní Thuairisg, craoltóir le RnaG, agus Cathal Mac Coille, colúnaí le Tuairisc.ie, anam éigin sa chúram. Bhíodar beirt deisbhéalach, léargasach, tomhaiste mar is dual dóibh agus is mó de bhlas a fuaireas ar na gcuid sin den chlár. Caithfear teacht ar shlí éigin le héalú ó cheangal na gcúig gcaol.  Nárbh fhearr cur leis an bplé sin agus b’fhéidir tuairisc faoin bhfeachtas go n-uige seo a chur leis seachas a bheith i dtuilleamaí na míreanna plámáis?

Bhí ceangal na gcúig gcaol ar TG4 ó thús maidir le toghchán na huachtaránachta, ar ndóigh.

Gan amhras bhíothas ag iarraidh é a fhéachaint le RTÉ agus Virgin maidir le clúdach, ó thaobh na ndíospóireachtaí de ach go háirithe. Agus seisear iomaitheoirí sa gcomhaireamh, ba bheag seans go mbeadh Gaeilge ag gach n-aon. Leis an tslí a bhfuil rudaí ag dul ó thaobh na teanga de, b’fhéidir go mba cheart dúinn a bheith buíoch go bhfuil beirt sa rás seo a bhfuil Gaeilge líofa acu, bean Ghaeltachta ar dhuine acu agus iarAire Gaeltachta an duine eile. Nárbh bhreá an rud dá bhféadfaí díospóireacht idir an bheirt seo a chraoladh agus ligint don chuid eile dul ag feadaíl.

Ar cheart, má tá na hiomaitheoirí ar fad sásta, díospóireacht a chraoladh i mBéarla? Níor cheart ó thaobh na teanga de ná ó thaobh raison d‘être an stáisiúin, ach tá an oiread sin Béarla ar TG4 cheana féin, gur deacair an fód a sheasamh go diongbháilte ar an gceann seo. Bheadh an leithscéal do Bhéarla i gclár dá leithéid níos fearr ná na cinn neafaiseacha a fhaighimid do chláir eile atá lán go gad le teanga na banríona.

Caithfear teacht ar sheift éigin atá níos fearr ná mar a bhí anseo.

Fág freagra ar 'TG4 tite idir dhá stól le míreanna toghcháin lán plámáis agus Béarla'

  • Cordelia Nic Fhearraigh

    Diomaite de bheith ag caoineadh fá TG4 agus an easpa Gaeilg ag iomaitheoirí toghchánaíochta ar an stáisiún teilifíse ‘Gaeilge’, caidé fá na stáisiúin teilifíse Béarla?? Agus go háirithe an craoltóir náisiúnta – RTÉ??

    An raibh iarracht ar bith aitheantas a thabhairt don Ghaeilg ar na cláracha Béarla?? An ndearna láithreoir ar bith as RTÉ iarracht ar bith an Ghaeilg a labhairt (ar chlár Béarla) leis an mbeirt iarrthóir le líofacht Gaeilge?? Nach raibh sé indéanta míreanna a thaifead i nGaeilg roimh ré agus fotheidil i mBéarla orthu??

    Cinnte bíodh cláracha (cláir) Gaeilge ar na stáisiúin craolta Gaeilge ach tabhair aitheantais dí fosta ar an craoltóir náisiúnta – nach bhfuil dualgas ar an craoltóir náisiúnta an Ghaeilg a chuir chun cinn??

    Agus caithfidh mé a admháil nár chuala mé mórán fógraí Gaeilge ón Choimisiún Reifrinn…

    Coinníoll Gaeilge riachtanach don Ghaeltacht.