TG4 – Scoth na Nollag

Súil chun cinn ar ar chuid de na cláracha is fearr ar TG4 le linn féile na Nollag

TG4 – Scoth na Nollag

Dé hAoine, 23 Nollaig

The Foster & Allen Request Show
7.15pm
Beidh buaicphointí ó The Foster and Allen Show a craoladh ar TG4 le linn an tsamhraidh le feiceáil ar an gclár seo. Taifeadadh an clár i Stiúideonna TG4 i nGaillimh, agus beidh a gcuid físeán is nuaí ‘Mrs. Brown’s Boys’ agus ‘We Owe It All To You’ ar an gclár freisin. Téigh siar ar bhóithrín na smaointe in éineacht le Foster agus Allen sa chlár breá ceoil seo.

Féilte Londain
8pm
Spraoi agus spórt, togha an cheoil agus na n-amhrán as teach ósta an Crown i gCricklewood i dteannta Ghaeil Londan. Á chur i láthair ag Caoimhe Ní Chonchoille.


Dé Sathairn, 24 Nollaig

Lurgan Beo
4.50pm
Sraith spleodrach cheoil a craoladh do sheachtain cheiliúrtha fiche bliain TG4. Seo chugat an ceol, an fuinneamh agus an fhís a thuill oiread sin cáil ar-líne do TG Lurgan le cúpla bliain anuas ar a chainéal YouTube féin. Is iad scoláirí agus múinteoirí Choláiste Lurgan na réaltaí sa tsraith seo agus iad ag tabhairt faoi leaganacha spreagúla físiúla Gaeilge d’amhráin aitheanta popcheoil. Ar chlár na hoíche casfaidh na scoláirí a leaganacha féin d’amhráin X Ambassadors agus Toto agus roinnt amhrán a scríobh na scoláirí féin.

Ceol Johnny Cash
7.15pm
Clár ceoil speisialta uair an chloig ar shaol agus ar shaothar Johnny Cash. Tabharfaidh meascán d’amhránaithe mór le rá na hÉireann faoi roinnt d’amhráin Johnny a chasadh lena n-áirítear Republic of Loose – Cry Cry Cry, Fiachna Ó Braonáin and The Hot Sprockets – I Walk The Line agus Eleanor McEvoy – Ring Of Fire.

The Uncountable Laughter of The Sea
8.55pm
Scannán a taifeadadh i gContae Chiarraí agus a thabharfaidh an lucht féachana ar aistear machnaimh trí bhíthin na háilleachta, an tírdhreacha agus na teanga. Á dtreorú ar an aistear beidh an tAthair Pádraig Ó Fiannachta agus roinnfidh Kelsey Lang McCarthy bealaí le muid a chur ar ár suaimhneas ó lá go lá.


Lá Nollag

Steip 2016 – Súil Siar
4.35pm
Súil siar ar phríomhchomórtas damhsa ar an Sean-Nós do dhaoine fásta ó Oireachtas na Samhna 2016, san INEC i gCill Airne

Val Doonican: An Fear a Shiúil go hArd
9.45pm
Thuill an Déiseach ceolmhar seo cáil agus gean lena shraith aitheanta a mhair ar feadh 25 bliain ar theilifís na Breataine. Is liosta le háireamh na hamháin a chruthaigh go maith dó sna cairteanna le linn na tréimhse sin, Beirt léiritheoirí aitheanta óna chontae dúchais a chuir an clár seo le chéile faoina shaol agus a shaothar – Catherine agus RosAnn Foley. 

Chieftains 2016
10.40pm
Déanfaidh an clár seo céad bliain de cheol na hÉireann a cheiliúradh ag ceolchoirm speisialta sa Royal Concert Hall i nGlaschú. Beidh The Chieftains ar stáitse agus ina dteannta beidh John Sheahan, Declan O’Rourke, Eddi Reader, Karan Casey agus Kris Kristofferson. Á chur i láthair ag Mairéad Ní Mhaonaigh.


Dé Luain, 26 Nollaig

Rugbaí Beo
5.00pm
Mumhain v Laighin: Craoladh beo ar Chúige Mumhan v Cúige Laighean ar Pháirc Thuamhan san aonú babhta déag den PRO12. Beidh Cúige Mumhan ag iarraidh an ceann is fearr a fháil ar Chúige Laighean an babhta seo toisc gur bhuaigh Cúige Laighean san Aviva orthu i mí Dheireadh Fómhair.

An Fhuil & An Bindealán
7.45pm
Clár a chuirfidh iontas ar lucht leanta na gcluichí Gaelacha mar go léirítear ann gur trí thimpiste atá an dath dearg agus bán ar fhoirne chontae Chorcaí agus gur dathanna eile ar fad a bhí orthu i dtús ama. Geansaithe gorm agus ‘C’ ómra greanta ar a mbrollach a bhíodh ar fhoirne Chorcaí. Is é an laoch iomána, bainisteoir agus tráchtaire Dónal O’Grady an bleachtaire staire sa gclár seo sa léiriú seo le hÉamonn Ó Cualáin, Focus Films.   

The Tulla Céilí Band
8.15pm
Scéal faoi thraidisiún atá tagtha anuas ó ghlúin go glúin. Seachtó bliain i ndiaidh a bhunaithe, tá an Tulla Céilí Band níos láidre ná mar a bhí riamh.


Dé Máirt, 27 Nollaig

Fir Dhóiteáin na Ceathrún Rua
7.45pm
Is fadó an lá ó thosaigh pobail i ndeisceart Chonamara (agus a n-ionadaithe tofa) ag feachtasaíocht ar mhaithe le Stáisiún Dóiteán a lonnú sa gceantar. Tar éis iarrachtaí go leor, agus geallúintí go leor freisin, tháinig toradh ar an saothar ar fad in Earrach na bliana 2016 nuair a cuireadh tús le seirbhís nua dóiteáin ar an gCeathrú Rua, Rianann an clár nua faisnéise seo obair na seirbhíse sa gcéad bhliain. Is é an stiúrthóir aitheanta faisnéise Pat Comer (A Year ‘Til Sunday) a rinne an clár seo agus is é Mikey Ó Flatharta a chuir in eagar é. Léiriú le Mikey Darba Ó Flatharta.

Ros na Rún
8.30pm
Tá Mack i ndroch-chaoi ceart agus tá sé maraithe ag iarraidh a fháil amach an gcuimhníonn John Joe ar an méid a d’inis sé dó ag cóisir na gcoileach. Is beag a cheapann Mack go bhfuil a fhios ag Noreen, máthair Dee, faoinar tharla. Tá Jason ag iarraidh ar Katy a bheith ina máthair ag Cuán ach tá sé socraithe ag Katy an fhírinne a insint dósan. Tá Bobbi Lee ag iarraidh iasacht ar Berni agus déanfaidh sí cinnte go bhfaighidh sí é fiú más iad Máire agus Pádraig a bheidh thíos leis.

Éirí amach Amú
10.15pm
Deis eile an trí chlár, a rinneadh mar chuid de chomóradh céad bliain Éirí Amach 1916, a fheiceáil.