TG4 – Scoth na Nollag

Súil chun cinn ar ar chuid de na cláracha is fearr ar TG4 le linn féile na Nollag

15268488904_79cf324a3e_k

Dé Sathairn 20, Nollaig

Corp + Anam

9.45pm
An clár clabhsúir sa tsraith reatha. Seasann Mags an fód i gcoinne na n-aturnaetha cama a bhíonn ag iarraidh í a chur amach as a teach agus a talamh. Bagraíonn na seirbhísí uchtála a páiste a bhaint di mura ngéillfidh sí. Cuireann glaoch gutháin nach raibh súil aici leis faitíos uirthi. Féachann na breithiúna le Cathal a chiúnú. Caithfidh sé a shocrú an bhfuil sé leis an méid a gheall sé do Mags a dhéanamh nó é féin a thabhairt slán. Tá alltacht ar Sarah nuair a thagann an fhírinne chun solais.

15703265798_0d22644553_z

Rugbaí Beo

10.45pm
Súil siar ar na cluichí a imríodh inniu sa 10ú babhta den tSraith Guinness PRO12,  ina measc Laighin v Connachta san RDS, Glaschú v Mumha i Staid Scotstoun agus Ospreys v Ulaidh i Staid Liberty i Swansea.


Dé Domhnaigh, 21 Nollaig

Cluichí na Bliana:  Cluiche Ceannais Iomána 2014

1.40pm
Deis eile an chéad chluiche idir Cill Channaigh agus Tiobraid Árann a fheiceáil, an ceann a chríochnaigh ar chomhscór, den tríú bliain as a chéile.   Scóráladh ceithre chúl agus caoga cúilín sa gcluiche seo.  Bhí gach cosúlacht air go raibh an lá le Tiobraid Árann nuair a scóráil John O’Dwyer cúilín iontach. D’iarr an réiteoir, áfach, an iarracht a chur faoi bhráid HawkEye agus léirigh an trealamh sin nach aon scór bailí a bhí ann. Bheadh lá eile orthu.

15888774751_b97d3c4990_b

4.05pm Behan – File Fiáin Fearúil

Tá sé 50 bliain ó bhásaigh an file, drámadóir agus Poblachtach, Breandán Ó Beacháin. Tugann an clár faisnéise seo léargas ar a shaol ildánach, conspóideach agus ina measc sin atá faoi agallamh ann, tá a dheartháireacha Brian agus Séamus, a iníon Blánaid agus a chairde Ronnie Drew, Anthony Cronin agus Niall Tóibín.

Rugbaí na mBan:  Corn an Domhain 2014

15888775201_f8c64bc0fe_z3.05pm
Mná na hÉireann ag sárú na bhfear – an chéad uair riamh a bhfuair aon fhoireann shinsear rugbaí i ngeansaí na hÉireann bua ar an Nua-Shéalainn. Bhí Corn an Domhain buaite ag All-Blacks na mBan cheithre huaire as a chéile – ach bhíodar chun cinn 8-7 ag leath-ama sa gcluiche seo.  Ach ba leis na mná s’againne a bhí an lá sa deireadh.

An Jig Gig   

8.30pm
Táthar tagtha go huair na cinniúna agus gan fágtha ach cheithre iomaitheoir sa mbabhta ceannais.   Is fada an t-aistear atá tugtha acu agus beidh na moltóirí – Breandán, Dearbhla agus Labhrás ar a mine géire i mbun breithiúnais chun buaiteoir a fháil.    Tabharfaidh fear an tí Aindrias, misneach do na hiomaitheoirí ach ní bheidh ann ach buaiteoir amháin faoi dheireadh.

15271123223_0189886981_z

Seachtain Na Rásaí

9.30pm
Clár ón tsraith a thugann léargas ón taobh istigh ar cheann de mhór-imeachtaí spóirt agus scléipe an tSamhraidh – Rásaí na Gaillimhe. Lá na mBan, Déardaoin, atá faoi chaibidil san eagrán seo agus ar an obair mhór a bhíonn le déanamh ag lucht tithe tábhairne agus ag na Gardaí ar shráideanna chathair na Gaillimhe le linn na seachtaine

15268495224_4c0f97e6e1_b

Bosca Ceoil

10pm
Seisiún spleodrach ceoil ó Monroe’s i nGaillimh  á chur i láthair ag Pauline Scanlon. I measc na gceoltóirí ar an gclár seo beidh Dervish, Buttons & Bows: Fidil; At First Light agus an fonnadóir binn Pól Ó Ceannabháin.


Dé Luain, 22 Nollaig

15864950916_405bf4747c_h

Scéal na Nollag

11.40am 
Naíonáin Bheaga Scoil Mhic Dara, ar an an gCeathrú Rua lena n-insint aoibhinn féin ar scéal na Nollag idir Aingil, Chaora, Ríthe agus Aoire.

Scéal na Nollag

3.00pm  
Scoil na Maighdine Muire Gan Smál i gCamus ó na Naíonáin go Rang a 6 ag insint a leagan féin de scéal na Nollag le ceol agus drámaíochta.

15704729379_7bc5d41fa6_k

Róisín

8pm   
Eagrán eile den chlár beo cainte, tuairiscí agus dea-chomhairle á chur i láthair ag Róisín O’Hara.  Beidh neart comhairle agus cuimhní ar shéasúr na Nollag ar fáil ón bpainéal.

Foster and Allen

8.30pm 
Ceol agus físeáin on mbeirt lár-tíre a bhfuil a lucht leanúna ar fud an oileáin thar a bheith ceanúil orthu agus ar a rogha amhrán den sean-déanamh ón tír seo.

Ó Tholg go Tolg

11.35pm 
Clár ón tsraith nuálach taistil agus eachtraíochta atá bunaithe ar an surfáil tolg.     Tá borradh agus fás as cuimse tagtha air le gairid agus ní hiontas sin mar nach mbíonn aon chostas lóistín i gceist!    Is ar chríoch Lochlainn a thug an bheirt láithreoirí nua Ciara Ní Bhroin agus Bláthnaid de Búrca a n-aghaidh an uair seo agus is sa Danmhairg atá siad lonnaithe san eagrán áirithe seo. In Alborg, cathair fhuinniúil i dTuaisceart na Danmhairge, bheidh siad ar tholg Mikkel ButtenschØn, meicneoir in Aerfhórsa na Danmhairge. Tabharfaidh siad a          n-aghaidh ansin ar Chóbanhávan áit a bhfanfaidh siad in éineacht leis an dearthóir orgonite, Rastafarian Janni Reissmann.


Dé Máirt, 23 Nollaig

Ó Cuisine Dinnéar Lá Nollag

7.30pm
Sraith cócaireachta á chur i láthair ag Veronica Ní Ghríofa. Is é an chef Stiofán Mac Donnchadha a bheidh sa chistin inniu agus réiteoidh sé miasa a bheadh oiriúnach do bhéile Lá Nollag dóibh sin ar mian leo imeacht ón ngnás agus tabhairt faoi rogha eile. Réiteoidh sé Gravlax de Bhradán, Brollach Éanlaith Ghuine Rósta le Purée Soiliriac agus Pióg Mionra agus Úll le custard Baileys.

15704991527_64546fcad6_k

An Lá a Rugadh Mé:  Micheál Ó Muircheartaigh

8pm 
Clár taitneamhach ón tsraith ina dtagann pearsa aitheanta ar eolas breise faoi imeachtaí an domhain mhóir agus na tíre seo, an lá ar saolaíodh é/í féin.   Ceadaíonn sé na nuachtáin a foilsíodh ar an lá a rugadh é agus tig leis ansin aige dul sa tóir ar scéal acu nó ar iarmhairt éigin de.   San eagrán seo is é an  craoltóir cáiliúil  Mícheál Ó Muircheartaigh, Ciarraíoch Gaelach as Dún Síon i gCorca Dhuibhne, a bheidh i mbun taighde faoi lá a bhreithe.  Bhí an ceannródaí aer-thaistil James Fitzmaurice go mór i mbéal an phobail an lá sin, breis is cheithre scór bliain ó shin.


Dé Ceadaoin, 24 Nollaig

15703261488_955939edf6_b

Saol Faoi Shráid. Nollaig Shona:

9am (agus 3.10pm) 
Faoi Nollaig, tá Ribín agus Glibín ag iarraidh bronntanas speisialta a thabhairt dá chéile. Tuigtear do Chicí ar deireadh gurb é an grá an bronntanas is fearr ar domhan. Os cionn na sráide, tá cór álainn le cloisteáil agus iad ag cleachtadh sa séipéal.

Féilte na Nollag

7.30pm 
Clár speisialta Nollag ón gCrown i gCricklewood á chur i láthair ag Caoimhe Ní Chonchoille. Beidh neart ceoil, amhrán agus damhsa ann mar cheiliúradh cuí Gaelach ar an Nollag i measc  na ndeoraithe thall.

15864947426_bbf1cbc292_k

Béaloideas Beo

8.30pm 
Clár tráthúil ag Seán Mac an tSíthigh agus a phainéal agus iad ag fiosrú nósanna ár sinsir. Bhí an saol níos simplí agus gan oiread béime ar shiopadóireacht. Is iomaí scéal agus seanchas faoin Nollaig ag an Dr Lillis Ó Laoire, Máirín Mhéiní Uí Chonghaile agus Seán Mac Philibín agus beidh scoth an cheoil ann freisin ó Harry Bradley, John Blake agus Caoimhín Ó Fearghail.

Ceolchoirm na Sagart in Ardeaglais Phádraig, Ard Mhacha

9pm 
A tríúr sagart ón Tuaisceart a bhfuil cáil dhomhanda tuillte acu as a gcumas amhránaíochta. Seo a scéal agus cuid den cheolchoirm a thug siad in Ard-Eaglais Phádraig in Ard Mhacha i 2008.


Déardaoin, 25 Nollaig

15703462570_a13f15b50a_k

The Gruffalo

9.30am 
Seo scéal faoi luch a théann ar shiúlóid sa choill. Buaileann sí le trí ainmhí ar an mbealach atá ag iarraidh í a ithe ach is léir go bhfuil an luchín seo fíor-ghlic go deo!

Saol faoi Shráid:  Nollaig Shona 

10.00am 
Faoi Nollaig, tá Ribín agus Glibín ag iarraidh bronntanas speisialta a thabhairt dá chéile. Tuigtear do Chicí ar deireadh gurb é an grá an bronntanas is fearr ar domhan. Os cionn na sráide, tá cór álainn le cloisteáil agus iad ag cleachtadh sa séipéal.

15271118323_d7c49e4b4e_h

The Secret of Kells

11.45am
Leagan Gaeilge den scannán beochana de scéal álainn ó Ré na Naomh in Éirinn anallód.  Is é Brendan Gleeson an tráchtaire.   I gcroí an scéil tá buachaill óg a chónaíonn i measc na cléire i mainistir agus a bhfuil bua ar leith aige.

Daniel & Mná an Cheoil Tíre

7.45pm
Fear na Rosann, Daniel O’Donnell i measc na n-amhránaithe mná is aitheanta sa gceol tíre in Éirinn,  ina measc Philomena Begley, Mary Duff agus Susan McCann. Tabharfaidh Marc Roberts cúnamh do Mhary Duff amhrán Gaeilge a fhoghlaim in éineacht lena haoi speisialta Seán Monaghan agus labhróidh Lynette Fay le duine de lucht leanta Philomena agus lucht leanta na mban eile.

Ros na Rún

8.45pm
Tá an-trua ag muintir Uí Dhireáin d’Eoin agus é ag dul chuig uaigh a mháthar Lá Nollag. Baintear preab ceart astu. nuair a thagann sé chuig an teach agus a mháthair ina theannta!

Tá Evan an-sásta gur iarr Niamh air teacht ar cuairt chuici ach ní hé a mhian a fhaigheann sé uaithi ach a mhalairt. Tugann Máire fogha faoi Sarah faoin litir a fuair sí.

Bosca Ceoil na Nollag

15864945006_91fc9612d6_b

9.15pm 
Seisiún bríomhar na Nollag ó thábhairne Monroe’s i nGaillimh, á chur i láthair ag Pauline Scanlon.  I measc na gceoltóirí beidh Sharon Shannon & the Big Band, Derek Ryan, Seán Keane, Frankie Gavin & De Danann, agus Morga agus The Unwanted.

Liam Clancy, Mo Chara

15703258848_582bd4a014_k

10.10pm
Tugtar léargas geanúil pearsanta  ar fhear an chaipín agus an gheansaí Árann sa gclár nua faisnéise  seo in ómós d’amhránaí agus ceoltóir binn ó Charraig na Siúire.  Thuill sé cáil dhomhanda lena dheartháireacha agus a lonnaigh i nGaeltacht na Rinne ina dhiaidh sin.  Bhí an domhan mór feicthe aige ar a thurais cheoil ach b’sheo an áit ab ansa leis.

Beidh agallaimh le Liam nach facthas riamh cheana ar an gclár seo. I measc na rannpháirtithe beidh a mhac Dónal, a iníon Siobhán, Finbar Furey, Donnchadh Gough agus dlúth-chairde eile a bhfuil neart scéalta acu faoi.


Dé hAoine 26 Nollaig

The Gruffalo’s Child

15268488824_f833cd1f7f_k

9.30am
Insíonn an Garbhán scéal faoin ‘luch mhór ghránna’ dá iníon. Cuireann sí an-suim ann agus imíonn léi chun an luch chéanna a aimsiú.

15271116333_a7f0588ec9_k

Cluichí na Bliana

3.15pm
Cluiche Ceannais Peile na hÉireann:
Deis eile Ciarraí v Dún na nGall a fheiceáil i gCluiche Ceannais Peile na hÉireann 2014 ar Pháirc an Chrócaigh. Garry Mac Donncha a bheidh i mbun tráchtaireachta. D’éirigh le foireann Chiarraí a 37ú Craobh na hÉireann a bhuachan i gcluiche dheacair a chríochnaigh 2-09 in aghaidh 0-12. Scóráil Paul Geaney cúl sa chéad nóiméad den chluiche agus thug cúl Kieran Donaghy sa 52ú nóiméad cúnamh mór d’fhoireann Chiarraí.

Rugbaí Beo

4.30pm
Mumha v Laighin:
Craoladh beo ar Mhumha v Laighin ar Pháirc Thuamhan sa 11ú babhta den tSraith Guinness PRO12. Beidh Cúige Laighean ag iarraidh an ceann is fearr a fháil ar Chúige Mumhan go háirithe tar éis d’fhoireann na Mumhan iad a bhualadh san Aviva an 5ú Deireadh Fómhair leis an scór 23 in aghaidh 34. Á chur i láthair ag Máire Treasa Ní Dhubhghaill.

15921401592_63c36954e5_k

Séamus Begley & a chairde

7pm
Clár le ceiliúradh a dhéanamh ar an gceoltóir agus ar an amhránaí iomráiteach, Séamus Begley, a taifeadadh le linn Oireachtas na Gaeilge 2014. I measc na gceoltóirí agus na n-amhránaithe den scoth a bheidh ina theannta beidh Sharon Shannon, Dermot Byrne, Steve Cooney, Jim Murray, Oisín Mac Diarmada, Noel Hill, Rita Connolly, Rinceoirí Seit Chiarraí Thiar, a chlann féin agus a mhuintir ó Bhaile na bPoc agus tuilleadh nach iad.

Ó Ghaillimh go dtí An Ghraonlainn

8.00pm
Clár faisnéise ar aistear farraige as Gaillimh go dtí an Ghraonlainn ar thug criú ar bheagán taithí faoi in éineacht leis an mairnéalach Jamie Young. Nuair a shroich siad an Ghraonlainn thug siad faoi aillte a dhreapadh, dul ag cadhcáil agus pictiúir a thógáil den tírdhreach álainn. Ach bhí stoirm mhór san Atlantach Thuaidh le sárú ar dtús acu.

 

An Bronntanas

15890106352_e0eab46121_z

9.05pm
Dráma nua-léirithe Gaeilge, scéinséir comhaimseartha suite i gConamara ina bhfuil an mhaith agus an t-olc fite fuaite ina chéile agus i saol na ndaoine cois cósta atá ag streachailt le roghanna casta in am an ghátair. Glaoitear amach ar an mbád tarrthála le linn stoirme agus tagann an criú ar bhád a bhfuil an t-aon duine ar bord dúnmharaithe go brúidiúil. Ar bord freisin tá lastas drugaí ar fiú os cionn €1 milliún é. Socraíonn criú an bháid tarrthála an lastas a choinneáil ach ní bheidh an saol ceart níos mó orthu.

Roger Corman i gConamara

15890750535_4187548c77_z

11.15pm 
Scéal stiúideo scannán Roger Corman i gConamara. Is é Roger a chuir Coppola, Scorsese, Nicholson agus De Niro os comhair an phobail. Shocraigh sé teacht go hÉirinn sna 1990idí agus stiúideo a oscailt ann. Bhí na céadta ag obair i stiúideo Corman i gConamara thar na mblianta agus rinneadh 20 scannán ar fad i gConamara le criú agus aisteoirí as Éirinn. Ach ní raibh a fhios ceart riamh cén sórt scannán a bhíodh á dtaifeadadh ann… go dtí anois.