TG4 le dul i muinín na hearnála neamhspleáiche do chláir bhreise cúrsaí reatha

D’fhógair TG4 ag ‘Lá na Léiritheoirí’ babhtaí coimisiúnaithe nua don mhaoiniú breise €4.2 milliún a tugadh dóibh i mBuiséad 2022

TG4 le dul i muinín na hearnála neamhspleáiche do chláir bhreise cúrsaí reatha

Tá clár cúrsaí reatha breise á lorg ag TG4 ón earnáil neamhspleách.

Faoi láthair RTÉ a chuireann an t-ábhar sin ar fáil do TG4 – Nuacht TG4 agus 7Lá – ach d’fhógair an stáisiún Gaeilge inné go bhfuil iarratas ar choimisiún cúrsaí reatha á lorg acu ó léiritheoirí neamhspleácha.

Tá díospóireacht ar siúl le tamall faoina laghad cúrsaí reatha a bhíonn ar fáil i nGaeilge.

Dúirt TG4 in aighneacht chuig an gCoimisiún um Thodhchaí na Meán nach raibh “aon chlúdach domhain” á dhéanamh ar chúrsaí reatha i nGaeilge, ar theilifís ná ar raidió, mar gheall ar easpa acmhainní.

D’fhógair TG4 ag ‘Lá na Léiritheoirí’, seisiún eolais don earnáil neamhspleách, babhtaí coimisiúnaithe nua don mhaoiniú breise €4.2 milliún a tugadh dóibh i mBuiséad 2022.

Dúirt lucht an stáisiúin go gcabhródh an maoiniú breise le TG4 dul i bhfeidhm níos mó ar an dream óg agus “freastal níos fearr a dhéanamh ar mhuintir na Gaeltachta agus ar lucht labhartha na Gaeilge”.

Dúradh go raibh béim ar leith sna babhtaí nua coimisiúnaithe “ar an óige” agus ar an lucht féachana faoi 35 bliain “a mhealladh” chuig TG4.  

Chuige sin táthar ar thóir smaointe do chláir cheoil nua agus do chláir chomhaimseartha a dhíreodh ar dhaoine 35.   Fógraíodh chomh maith conarthaí trí bliana €525,000 do na hardáin ar líne Bloc agus Molscéal.

Mar a tuairiscíodh cheana, cainéal nua a bheidh dírithe ar chláir do leanaí le bunú ag TG4 leis an maoiniú breise a tugadh dóibh.

Fógraíodh inné chomh maith roinnt conarthaí ollsoláthair ceithre bliana. Tá conradh á thairiscint don Fhaisnéis Náisiúnta agus don tSiamsaíocht don Teaghlach nó Siamsaíocht don Chroí-Lucht Féachana. Is fiú €1.8 milliún an ceann iad na conarthaí ceithre bliana seo.

Tá iarratais á lorg freisin do mhaoiniú do chláir faisnéise staire, ceol traidisiúnta agus ceol tíre.

Dúirt Ard-Stiúrthóir TG4 Alan Esslemont gur as ”éagsúlacht, fuinneamh agus cruthaitheacht” earnáil na léiriúchán neamhspleách “a eascraíonn ‘súil eile’ TG4” agus go raibh lúcháir ar lucht an stáisiúin na coimisiúin nua a fhógairt.

Fág freagra ar 'TG4 le dul i muinín na hearnála neamhspleáiche do chláir bhreise cúrsaí reatha'