‘TG4 ar liosta gearr de bhuaicphointí pholasaí an Stáit i leith na teanga’ – an tUachtarán Higgins

Ag labhairt dó ag ceiliúradh 20 bliain TG4 sa Ghaillimh anocht, dúirt an tUachtarán gur chóir ‘dea-scéal TG4’ a bheith ‘ina spreagadh dúinn’ an teanga a chur chun cinn i réimsí eile an tsaoil

‘TG4 ar liosta gearr de bhuaicphointí pholasaí an Stáit i leith na teanga’ – an tUachtarán Higgins

Ba “éacht i stair na tíre” bunú Theilifís na Gaeilge Oíche Shamhna 20 bliain ó shin, dar le hUachtarán na hÉireann, Micheál D. Ó hUigínn.

Ag labhairt dó ag ceiliúradh 20 Bliain TG4 in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh anocht, dúirt an tUachtarán gur fhág teacht TG4 go raibh deis ag pobal na Gaeilge toradh iomlán “a samhlaíochta, a gcruthaitheacht, a machnamh agus a gcumas ” a léiriú don saol mór “ina dteanga dhúchais”.

Dúirt sé gurb iontach “an cur chuige a bhí ag foireann an stáisiúin nua” agus gurbh “aoibhinn toradh a ndíograise”.

Dúirt an tUachtarán, a bhí ina Aire Gaeltachta nuair a bunaíodh Teilifís na Gaeltachta agus atá ar dhuine de na daoine  is mó a luaitear le bunú an stáisiúin, nach “go héasca a tharla sé”.

“Rugadh Teilifís na Gaeilge de thoradh dianiarrachtaí iliomad daoine. Thugadar faoi fheachtas fada chun a bhfís a shaolú: fís a chuirfeadh ar a gcumas an meán cumarsáide is cumhachtaí, an teilifís, a bheith acu ina dteanga féin mar cheart teanga, agus a bheith ar fáil d’Éireannaigh i gcoiteann.

“Is gníomh a bhí i gceist ar son cearta an duine agus cearta an phobail a úsáideann Gaeilge mar bhealach cumarsáide.”

Dúirt an tUachtarán gur “pribhléid” dó agus é ina Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta baint a bheith aige le bunú an stáisiúin.

“Tugann sé sásamh as-cuimse dom a bheith ar ais in bhur dteannta anocht, mar Uachtarán na hÉireann, agus muid ag ceiliúradh fiche bliain ag fás,” a dúirt sé leis an slua a bhí bailithe san ollphuball san Ollscoil don cheolchoirm speisialta ceiliúrtha, a craoladh beo ar TG4 féin.

Dúirt sé gur tréimhse “chinniúnach” a bhí sna 90aidí i stair an chraolacháin.

“Bhí na céadta seirbhísí nua á dtuar de bharr na dteicneolaíochtaí nua agus bhí géarghá, mar sin, leis an gcinneadh a ghlacadh Teilifís na Gaeilge a bhunú sula gcaillfí an deis.

“Inniu, tá an oiread sin iomaíochta idir craoltóirí ag leibhéil Eorpacha agus domhanda gur cúis bhróid agus sásaimh dom go bhfuil a háit glactha ag TG4, craoltóir Gaeilge, i measc chraoltóirí an domhain.”

Dúirt an tUachtarán gurbh é “an sprioc is tábhachtaí” a bhain le bunú TG4 “ná nasc a chothú idir na pobail scaipthe a úsáideann an Ghaeilge”.

“Is bunriachtanas é i mbuanú na teanga go gcloisfeadh agus go bhfeicfeadh cainteoirí Gaeilge guthanna agus aghaidheanna a bpobal féin ag labhairt ina dteanga féin, ar chuile ábhar – nua-aoiseach agus traidisiúnta.

 

Mhaígh sé go dtugann “an spás a chruthaíonn TG4 tacaíocht dóibh siúd atá ag déanamh a ndícheall an teanga a úsáid agus a neartú, lá i ndiaidh lae”.

Tá TG4 “mealltach” chomh maith “dóibh siúd atá ar bheagán Gaeilge, nó “as cleachtadh”, a dúirt sé. Luaigh sé chomh maith an dream ar iarr sé féin go minic orthu aimsir bhunú TG4 “an tarna seans a thabhairt don teanga”.

Mhaígh an tUachtarán go raibh “páirt lárnach glactha ag TG4 chun an meon diúltach sin a bhí ann i leith na teanga a dhíbirt agus beocht agus dóchas nua a thabhairt dúinne ar fad atá ag obair ar leas na Gaeilge”.

Mhol sé “sceideal tarraingteach, ilchineálach” an stáisiúin le 20 bliain.

“Cinntíonn clársceideal TG4 go bhfuil an tSúil Eile  beo agus ar oscailt,” a dúirt an tUachtarán.

“Ar deireadh, baineann tábhacht bhunúsach le TG4 i ndáil le saorántacht, le cearta  teanga agus leis an daonlathas. Is comhartha suntasach í dár bhféinmheas mar náisiún. Sa bhliain chomórtha seo,  caithfimid  cuimhneamh go bhfuil muid ag obair fós chun fís na laochra  sin ó thús an 20ú haois, a bhí chomh tógtha le hathbheochan na Gaeilge, a bhaint amach.

“Tá an dúshlán céanna romhainn is a bhí rompu siúd, ach tá uirlisí agus meáin sa bhreis againn, mar shampla san teicneolaíocht, ach iad a úsáid go cruthaitheach, mar atá déanta ag TG4.”

Dúirt sé go raibh go leor dúshlán fós romhainn “maidir le caomhnú agus neartú na Gaeilge”.

“Caithfear a thógaint san áireamh gurb í bunú TG4 an chéim is dearfaí atá glactha le fada an lá i leith na Gaeilge, agus go bhfuil sí ar liosta gearr de bhuaicphointí pholasaí an Stáit i leith na teanga.

“Ba chóir dúinn dea-scéal TG4 a bheith ina spreagadh dúinn brú ar aghaidh agus dul chun cinn níos fearr a dhéanamh leis an teanga i réimsí eile an tsaoil.”

Mar chlabhsúr ar a chuid cainte chuir an tUachtarán TG4 i gcomparáid le foilseacháin na hathbheochana ag tús na haoise seo caite.

“B’iad na nuachtáin agus na hirisí a chothaigh nasc i measc lucht na Gaeilge.  An Lóchrann an teideal a bhí ar cheann de na hirisí seo –  léas solais a lonraigh agus a thug dóchas. Go leana TG4 a bheith ina lóchrann dúinne agus go maire sí an céad.”

Fág freagra ar '‘TG4 ar liosta gearr de bhuaicphointí pholasaí an Stáit i leith na teanga’ – an tUachtarán Higgins'