TG4 agus cás an scríbhneora á reic ag Comhdháil Litríochta agus Cultúir in OÉG

Cuirfear tús tráthnóna le Comhdháil Litríochta agus Cultúir Ollscoil na hÉireann, Gaillimh

Ceistneoir-Darach Mac An Iomaire

Cuirfear tús inniu in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh le comhdháil bhliantúil, atá ar siúl le breis agus fiche bliain, agus a dhéanann ceiliúradh ar chúrsaí litríochta Gaeilge na tíre trí shraith cainteanna.

I mbliana, cuirfear tús leis an gcomhdháil le seoladh shaothar Shéamais Uí Dhireáin, Suirbhé ar an nGaeilge Labhartha in Oileáin Árann, Co. na Gaillimhe. Is i dTéatar Uí Chearbhalláin in Áras na Gaeilge a bheidh an seoladh sin, ag 1. 30 pm, agus is é an tOllamh Nollaig Mac Congáil a sheolfaidh é.

Is as California ó dhúchas don Dr Séamas Ó Direáin, ach is de shliocht Árann é. Tá cúig bliana is fiche dá shaol caite aige i mbun an tsaothair seo, ar staidéar mionchruinn é ar Ghaeilge labhartha Oileáin Árann.

Dírítear ann ar na difríochtaí tíreolaíocha agus sóisialta a bhaineann leis na glúnta, idir shean agus óg, agus na codarsnachtaí a bhí idir buachaillí agus cailíní agus fir agus mná san am a caitheadh, mar aon leis an an leibhéal oideachais a bhain daoine difriúla amach.

Tá mioneolas sa staidéar i dtaobh éagsúlacht foghraíochta, gramadaí agus stór focal, agus i gcás an oileáin is mó, Árainn (nó Inis Mór, mar a thugtar air in amanna), déantar briseadh síos agus mionscagadh ar eolas sin ó bhaile fearainn go baile fearainn.

Cloisfear scata cainteanna ar ghnéithe den litríocht ina dhiaidh sin agus ansin ag a sé a chlog, tabharfaidh aoichainteoir an lae, Darach Mac Con Iomaire, spéic uaidh dar teideal ‘TG4 – Beatha nó Bás an Scríbhneora’.

Is aisteoir, scríbhneoir agus stiúrthóir é Mac Con Iomaire a bhfuil Gradam Stewart Parker agus Gradam Walter Macken bronnta air as ucht a chuid saothar. Is é a scríobh agus a stiúraigh an tsraith teilifíse Corp agus Anam (2011 & 2014) agus beidh go leor daoine ag súil lena bhfuil le rá aige.

Ardófar na seolta arís maidin amárach le caint faoi lucht foghlama na Gaeilge na linne seo. Sa seisiún sin, díreoidh an Dr John Walsh ar nuachainteoirí na teanga.

Is é an Dr Barry McCrea aoichainteoir an lae amáraigh. Léachtóir le Béarla in Ollscoil Notre Dame é McCrea agus beidh sé ‘sa tóir ar theanga phríobháideach’ na litríochta ina léacht amárach, ag tarraingt ar shaothair le Seán Ó Ríordáin agus Pier Paolo Pasolini, i measc údair eile.

I measc na saothar aige, tá Languages of the Night: Minor Languages and the Modern Literary Imagination in Twentieth-Century Ireland and Europe (Yale University Press), atá le foilsiú i mbliana.

Fág freagra ar 'TG4 agus cás an scríbhneora á reic ag Comhdháil Litríochta agus Cultúir in OÉG'

  • Ailbhe

    Aoichainteoir nár luadh san alt: Caitríona Ó Dochartaigh a bheidh ag caint ar mheánlae Dé Sathairn.