TG4 ag obair ‘síoraí seasta’ ar cheist na bhfotheideal

Thug Leas-Phríomhfheidhmeannach an stáisiúin le fios do Tuairisc.ie nach bhfuil aon athrú tagtha ar scéal na bhfotheideal ar TG4 in ainneoin go ndúirt an BBC go bhfuil na háiseanna teicneolaíochta acu le fotheidil roghnacha a chur ar fáil ar Freeview

subtitles

Tá TG4 ag obair “síoraí seasta” ar cheist na bhfotheideal ar an stáisiún. Dúirt Pádhraic Ó Ciardha, Leas-Phríomhfheidhmeannach an stáisiúin, le Tuairisc.ie gur beag tionchar atá ar scéal na bhfotheideal ag an méid a dúirt an BBC an tseachtain seo caite faoi fhotheidil roghnacha ar Freeview na Breataine.

Dheimhnigh an BBC do Tuairisc.ie an tseachtain seo caite go bhfuil na háiseanna teicneolaíochta acu le fotheidil roghnacha a chur ar fáil do lucht féachana an stáisiúin Gáidhlig BBC Alba.

Dúirt Ó Ciardha go seasann na dúshláin atá roimh TG4 maidir leis na hardáin éagsúla atá in úsáid sa tír seo.

“Ní oibríonn siad uilig ar an gcóras céanna. Da mbeadh sé ag obair ar chóras UPC, ní oibreodh sé ar Saorview, mar shampla. Tá an BBC ag rá gur féidir leo é a chur ar fáil ar ardán amháin, Freeview, ach tá na fadhbanna fós againn é a chur ar fáil ar na hardáin ar fad le chéile.

“Tá muid ag cur brú i gcónaí ar na hardáin éagsúla, Sky, UPC, Saorview agus eile, faoin gceist seo agus ba mhaith linn é a réiteach,” a dúirt sé le Tuairisc.ie.

Tá feachtas ar bun in Albain le tamall ag an ngrúpa Gáidhlig TV atá ag déanamh stocaireachta ar BBC Alba in aghaidh ró-úsáid’ na bhfotheideal dobhainte Béarla ar chláracha de chuid an stáisiúin sin.

Chuaigh Tuairisc.ie i dteagmháil le Sky, UPC agus Saorview chun ceist na bhfotheideal roghnach a fhiosrú ach ní raibh aon toradh ar na fiosrúcháin sin.

Fág freagra ar 'TG4 ag obair ‘síoraí seasta’ ar cheist na bhfotheideal'

  • JP

    Cacamas. D’fhéadfaidís a rogha rud a dhéanamh ó thaobh na bhfortheideal de ar TG4.tv ar aon chuma.

  • Lisa Storey

    Má tá mé ag tuiscint “JP” ceart, is é na craoltóirí is ciontach? Sin mar atá sé an Alba. MG ALBA agus BBC Scotland – http://www.gaidhlig.tv Ag súil go rachaidh go maith leat an Eirinn.

  • seán

    ní fhéachaim a thuilleadh ar TG4 mar gheall ar na fotheidil chéanna agus ní fhéachfad go mbeidh rogha agam iad a chealú.