‘Terrible Twins’ Átha Cliath agus ceachtanna eile CLG

Agus Ciarraí agus Baile Átha Cliath cáilithe do chluiche ceannais chraobh peile na hÉireann faoi cheann trí seachtaine, caitheann Tuairisc.ie cuid súil ar chuid de na hábhair cainte is mó

‘Terrible Twins’ Átha Cliath agus ceachtanna eile CLG

‘Terrible Twins’ Átha Cliath

Bhí Ciarán Kilkenny i dTuaim i nGaillimh le gairid, fód dúchais fear muinteartha leis leis – Seán Purcell, duine de laochra móra na peile i nGaillimh. Tugadh na ‘Terrible Twins’ ar Purcell agus a leathbhádóir Frank Stockwell mar gheall ar an gcumas a bhí iontu scrios a dhéanamh ar fhoirne sna caogaidí.

Léirigh Kilkenny agus Con O’Callaghan an mianach céanna Dé Domhnaigh i gcoinne Mhaigh Eo. Rinne Colm Boyle agus Lee Keegan sárjab an bheirt a choinneáil faoi chois sa chéad leath ach scéal iomlán eile a bhí ann sa dara leath.

Ba é O’Callaghan a bhris croíthe Mhaigh Eo le dhá chúl taobh istigh den chéad deich nóiméad den dara leath agus ba é Kilkenny a chruthaigh na deiseanna dhó.

Con O’Callaghan. Pictiúr: INPHO/James Crombie

Ní raibh fiú dhá nóiméad imeartha sa dara leath nuair a d’aimsigh Áth Cliath an chéad chúl. Ghearr Kilkenny isteach ó thaobh clé na páirce agus nuair a sciorr Lee Keegan istigh sa chúinne, bhí beagán spáis ag O’Callaghan den chéad uair sa chluiche. Chuir Kilkenny an liathróid isteach chuige ar an bpointe agus bháigh fear Chuala san eangach í.

Chruthaigh Kilkenny an-deis ar chúl do Niall Scully trí nóiméad ina dhiaidh sin ach chuir Scully a iarracht thar an trasnán. Ní dhearna O’Callaghan an botún céanna nuair a chruthaigh Kilkenny seans eile dó tar éis 45 nóiméad. Bronnadh cic saor ar Áth Cliath 60m amach ón gcúl. D’fhéach Kilkenny isteach i dtreo O’Callaghan, bhuail sé cic fada cruinn isteach chuige agus rinne an t-ógánach an beart. Thug sé cor bréige ó Lee Keegan agus sheol sé iarracht eile isteach i gcúinne an chúil.

Ba é Brian Fenton a d’aimsigh an tríú cúl d’Áth Cliath ach, arís, bhí tionchar ag Kilkenny agus O’Callaghan ar an ngluaiseacht. Tháinig O’Callaghan amach chuig an líne 45m chun seilbh a fháil, thug sé pas láimhe do Kilkenny a bhí tagtha de rite reaite síos lár na páirce. Arís, d’fhan Kilkenny go dtí an nóiméad ceart chun pas eile a thabhairt do Fenton agus bhí a dtríú cúl ag Áth Cliath.

Bhí Fenton féin agus Paul Mannion ar fheabhas d’Áth Cliath ar an Satharn agus an ceathrar acu a spreag teacht aniar Átha Cliath.

 

Paddy Durcan. Pictiúr: INPHO/James Crombie

Thuas seal agus thíos seal a bhí Paddy Durcan agus Maigh Eo

Bhí an chuid is fearr agus an chuid is measa d’imirt Mhaigh Eo le feiceáil sa taispeántas a thug fear amháin i bPáirc an Chrócaigh, Paddy Durcan. Ní hé ba chúis le cliseadh na foirne, ná baol air, ach bhí na laigí agus na láidreachtaí céanna ag Durcan agus a bhí ag Maigh Eo Dé Sathairn, agus le roinnt blianta anuas.

Is ag marcáil Jack McCaffrey a bhí Durcan in aghaidh Átha Cliath. Rinne sé sárjab ar Ryan McHugh i gcoinne Dhún na nGall agus bhí sé chomh maith céanna sa chéad leath den chluiche seo. Thug McCaffrey an chéad 35 nóiméad ag rith i ndiaidh Durcan agus d’éirigh le fear Chaisleán an Bharraigh dhá phointe dheasa a fháil.

Níor chuir Maigh Eo ach iarracht amháin ar fóraoil sa chéad leath sin ach ní raibh an cruinneas céanna acu féin ná ag Durcan sa dara leath.

Durcan a thug faoin gcéad iarracht do Mhaigh Eo nóiméad isteach sa dara leath ach níor bhain sí an sprioc amach. Chuaigh Áth Cliath ar an ionsaí díreach agus is as sin a tháinig an chéad chúl ó Con O’Callaghan.

Taobh istigh den chéad 20 nóiméad den dara leath, bhí trí iarracht seolta ag Durcan isteach i lámha Stephen Cluxton agus ceann eile curtha ar fóraoil aige.

Chun a cheart a thabhairt do Durcan, ba é an t-aon fhear a bhí ag cruthú deiseanna do Mhaigh Eo ach an laige is mó atá ag Maigh Eo le roinnt blianta anuas ná go gcuireann siad an iomarca deiseanna amú.

 

Paul Murphy. Pictiúr: INPHO/James Crombie

Cosantóir le cois Chiarraí ag titim idir dhá stól

Roghnaigh bainisteoir Chiarraí Peter Keane imirt le cosantóir le cois i gcluiche leathcheannais na hÉireann inné, ach níor éirigh leis an bplean. Ba é Paul Murphy a roghnaíodh chun an cúram sin a dhéanamh an chuid is mó den am agus cé gur thapaigh sé an deis dul ar an ionsaí aon uair a raibh deis aige, ba bheag an chosaint a thug sé don líne lánchúil.

Is ar an líne 45m a bhí Murphy den chuid is mó agus bhí spás ollmhór idir é féin agus na himreoirí taobh thiar de. Mar bharr ar an olc, ní raibh Ciarraí ag cur mórán brú ar fhir Thír Eoghain agus iad ag seoladh na liathróide isteach i dtreo Chathail McShane, rud a d’fhág go raibh Murphy ag titim idir dhá stól agus an liathróid ag dul os a chionn i gcónaí.

D’fheabhsaigh cúrsaí do Chiarraí sa dara leath nuair a thosaigh siad ag cur níos mó brú ar Thír Eoghain timpeall lár páirce agus ba thábhachtach an t-athrú Morley a chur siar ag marcáil McShane. Sheas fear an Teampaill Nua os comhair McShane, rud a d’fhág nach raibh an spás céanna ag an lántosach.

Cé nár éirigh leis an bplean cosantóir le cois a imirt inné, ní shin le rá nárbh fhiú é a thriail i gcoinne Átha Cliath sa chluiche ceannais. Má thugtar an spás céanna do leithéidí Con O’Callaghan agus Paul Mannion agus a tugadh do McShane inné, déanfar slad.

 

Moladh do na réiteoirí

Ó tharla go ndéantar an oiread sin cáineadh ar réiteoirí nuair a bhíonn droch-chluichí acu, is ceart iad a mholadh nuair a éiríonn go maith leo. Bhí dhá chluiche crua againn i bPáirc an Chrócaigh an deireadh seachtaine seo ach rinne Conor Lane agus Maurice Deegan sárjab agus iad i mbun na feadóige.

Dea-chomhartha a bhíonn ann do réiteoir nuair nach luaitear iad san anailís i ndiaidh an chluiche agus ní dhearnadh tagairt ar bith do Lane ná do Deegan ar The Sunday Game.

Bhí buillí crua sa dá chluiche ach níor chaill ceachtar de na réiteoirí smacht ar a gcluiche. Ní fhéadfadh aon duine de na himreoirí ar taispeánadh cárta dóibh mórán argóna a dhéanamh agus bhain an bheirt úsáid mhaith as riail an bhuntáiste.

Déanfar an-chuid cainte faoin réiteoir don chluiche ceannais as seo go ceann trí seachtaine. Meastar gurb é David Gough rogha na coitiantachta chun an cúram sin a fháil.

Ba é Gough a bhí i gceannas ar an gcluiche an uair dheireanach ar chas Ciarraí agus Áth Cliath ar a chéile sa chraobh, cluiche leathcheannais 2016. Bhí conspóid ann ag deireadh an chluiche sin nuair nár bhronn Gough cic saor ar Chiarraí tar éis do Dhiarmuid Connolly  calaois a dhéanamh ar Peter Crowley in am cúitimh, tráth a thabharfadh cúilín Ciarraí ar ais ar comhscór.

D’admhaigh Gough cúpla mí i ndiaidh an chluiche go raibh botún déanta aige agus níl an botún sin maite ag lucht tacaíochta Chiarraí dó. Tá Gough ag obair mar mhúinteoir i mBaile Átha Cliath agus tá ráite ag an té a bhí ina bhainisteoir ar Chiarraí an lá sin, Éammon Fitzmaurice, nár cheart dó a bheith mar réiteoir i gcluiche ceannais na bliana seo dá bharr. Dúirt Fitzmaurice ar phodchraoladh CLG an Irish Examiner inné nár cheart go mbeadh aon réiteoir atá ina chónaí san ardchathair ina réiteoir ar chluichí Átha Cliath.

Fág freagra ar '‘Terrible Twins’ Átha Cliath agus ceachtanna eile CLG'