Teipthe sa Chúirt Uachtarach ar achomharc O’Brien faoi ráitis Dála

Chinn an Chúirt Uachtarach go mbeadh sé in aghaidh an bhunreachta ag na cúirteanna idiragairt a dhéanamh i gcás an fhír ghnó a bhain le ráitis a rinne beirt Teachtaí Dála faoina ghnóthaí baincéireachta

Teipthe sa Chúirt Uachtarach ar achomharc O’Brien faoi ráitis Dála

Theip sa Chúirt Uachtarach ar maidin ar achomharc Denis O’Brien maidir le ráitis a rinne beirt Teachtaí Dála i dTithe an Oireachtais faoina ghnóthaí baincéireachta.

Ag suí den chúirt in Ollscoil na hÉireann Gaillimh cinneadh go raibh an ceart ag an Ard-Chúirt diúltú do chás O’Brien i gcoinne Dháil Éireann.

Chinn an seachtar Breithiúna d’aon ghuth ar maidin go mbeadh sé in aghaidh an bhunreachta dá ndéanfadh na cúirteanna idiragairt sa chás seo, faoi mar a bhí á éileamh ag an bhfear gnó.

Cinneadh gurbh ionann dúshlán dlí O’Brien agus “ionsaí indíreach nó comhthaobhach” ar ráitis a rinneadh sa Dáil agus nach ceadmhach a leithéid faoin mBunreacht.

Bhain dúshlán dlí Denis O’Brien le dhá ráiteas a rinneadh i nDáil Éireann, ceann a rinne an Teachta Dála de chuid na nDaonlathach Sóisialta Catherine Murphy i mBealtaine 2015 agus ceann a rinne an Teachta Dála de chuid Shinn Féin, Pearse Doherty i Meitheamh na bliana sin.

Rinneadh na ráitis i ndiaidh do Denis O’Brien urghaire cúirte a fháil i gcoinne RTÉ i mí Aibreáin 2015 a chuir cosc ar an gcraoltóir aon ní a chraoladh faoina chaidreamh leis an gCorparáid Éireannach um Réiteach Banc. 

Diúltaíodh san Ard-Chúirt do chás O’Brien ach ghéill an Chúirt Uachtarach go n-éistfí a achomharc toisc a thromchúisí is a bhí na ceisteanna a bhain leis an gcás.

Ar na ceisteanna sin, bhí ceist scaradh na gcumhachtaí agus cé acu an bhfuil nó nach bhfuil cead ag na cúirteanna cur isteach ar chás ina maítear nár chloígh Coiste Oireachtais lena chuid rialacha féin.

Mhaígh lucht dlí O’Brien go bhféadfadh na cúirteanna idiragairt a dhéanamh sa chás seo mar nár chuir an Coiste Oireachtais um Nós Imeachta agus Pribhléidí a rialacha féin i bhfeidhm i gceart nuair a rinne sé gearán faoi ráitis na dTeachtaí Dála. 

Chuir na Teachtaí Dála Pearse Doherty agus Catherine Murphy fáilte roimh chinneadh na cúirte. Dúirt Doherty, Teachta Dála Gaeltachta, go raibh “ríméad” air “go raibh an lá leis an stuaim”.

Fág freagra ar 'Teipthe sa Chúirt Uachtarach ar achomharc O’Brien faoi ráitis Dála'