Teipthe ar chainteanna Stormont i bhfianaise aighneas faoi Acht Gaeilge agus liostaí siopadóireachta

Dheimhnigh ceannaire an DUP Arlene Foster agus ceannaire Shinn Féin ó thuaidh, Michelle O’Neill, tráthnóna gur theip ar an mbabhta idirbheartaíochta is déanaí

Teipthe ar chainteanna Stormont i bhfianaise aighneas faoi Acht Gaeilge agus liostaí siopadóireachta

Tá teipthe ar na hiarrachtaí is déanaí ag na páirtithe ó thuaidh teacht ar mhargadh maidir le hathbhunú fheidhmeannas Stormont agus an sprioc don idirbheartaíocht le cur siar anois go dtí an fómhar.

Cé nach bhfuil fógra oifigiúil déanta go fóill ag Rialtas na hÉireann agus Rialtas na Breataine maidir le sos sna cainteanna, meastar go bhféadfadh go gcuirfí siar go dtí an fómhar iad.

Meastar chomh maith gurbh amhlaidh go bhfágfar riar an Tuaiscirt faoi chúram státseirbhísigh Stormont.

Dúirt Arlene Foster inniu go raibh an t-éileamh ar Acht Teanga don Ghaeilge amháin mar chuid de “liosta cúng siopadóireachta ” Shinn Féin agus gur gá do Gerry Adams féachaint “ar an bpictiúr mór”.

Dúirt ceannaire Shinn Féin ó thuaidh Michelle O’Neill nach raibh á éileamh ag a páirtí ach “cearta bunúsacha” do dhaoine.

“Más liosta siopadóireachta é sin, is liosta siopadóireachta é a bhfuilim an-bhródúil as, mar baineann sé le cearta a sholáthar do dhaoine,” a dúirt O’Neill.

Dheimhnigh ceannaire an DUP Arlene Foster agus ceannaire Shinn Féin ó thuaidh, Michelle O’Neill, tráthnóna gur theip ar an mbabhta idirbheartaíochta is déanaí faoi athbhunú roinnt na cumhachta.

Thug Foster le fios go leanfaí leis na hiarrachtaí teacht ar réiteach i rith an tsamhraidh.

Dúirt Rúnaí Stáit Thuaisceart Éireann, James Brokenshire, inné go raibh dóchas aige fós go dtiocfaí ar réiteach an tseachtain seo.

Stadadh den chaint arís inniu, áfach, agus gan aon dul chun cinn déanta faoi cheist an Achta Gaeilge agus na ceisteanna eile atá ag cur bac ar réiteach.

Ba í ceist an Achta Gaeilge don Tuaisceart an chnámh spairne ba mhó le linn an bhabhta idirbheartaíochta is déanaí idir an DUP agus Sinn Féin agus ba í ceist na reachtaíochta Gaeilge ba mhó ba chúis le teip na gcainteanna.

Tá Sinn Féin ag iarraidh go dtabharfaí isteach reachtaíocht chosanta don Ghaeilge amháin, ach tá an DUP ag iarraidh go dtabharfaí aitheantas chomh maith don Ultais agus do ghnéithe den chultúr Oráisteach.

In alt léi ar an Belfast Telegraph inniu, chuir Arlene Foster i leith Shinn Féin go raibh feidhmeannas Stormont ‘i ngreim acu’.

“Ba chóir do Shinn Féin scaoileadh leis an ngreim atá acu ar athbhunú roinnt na cumhachta agus gan iad ach ag iarraidh buntáiste beag polaitiúil i dtaobh na Gaeilge,” a dúirt Foster.

Dúirt Michelle O’Neill nár léirigh an DUP aon phráinn le linn na gcainteanna is déanaí, ach chuir sí an locht chomh maith ar Phríomh-Aire na Breataine, Theresa May, as teip na hidirbheartaíochta.

“Is é atá i gceist anseo ná teip mhór mhillteach de chuid Theresa May, agus an obair a rinneadh anseo in imeacht na mblianta curtha blianta fada ar gcúl aici.

“Seo é a bhfuil dá bharr againn, mar is eol dúinn ar fad, an DUP a bheith ag tacú leis an bPríomh-Aire, agus an Príomh-Aire a bheith ag tacú leis an DUP,” a dúirt O’Neill.

Fág freagra ar 'Teipthe ar chainteanna Stormont i bhfianaise aighneas faoi Acht Gaeilge agus liostaí siopadóireachta'