Teipthe ar an Státchóras freastal mar is ceart ar ghasúir na Gaeltachta – an Roinn Oideachais

Caithfear aird ar leith a dhíriú ar chearta teanga na ngasúr Gaeltachta ar chainteoirí dúchais iad agus a aithint nach ionann iad agus cearta na bhfoghlaimeoirí

02/12/2014. Cabinet Meetings. Labour Party Minister for Education and Skills Jan O Sullivan talking to the media while arriving at Goverment Buildings in Dublin for Cabinet. Photo: Sam Boal/Photocall Ireland

Tá teipthe ar an Státchóras freastal mar is ceart i gcaitheamh na mblianta ar “an líon réasúnta beag de ghasúir” a bhfuil an Ghaeilge mar theanga teaghlaigh acu agus tá “an seans deireanach ann anois beart samhailteach cróga a ghlacadh” dar le tuarascáil nuafhoilsithe ón Roinn Oideachais agus Scileanna.

Deirtear sa tuarascáil a seoladh inné mar chuid den phróiseas le polasaí nua oideachais a fhorbairt don Ghaeltachta go gcaithfear “aird ar leith a dhíriú ar chearta teanga na ngasúr” ar cainteoir dúchais iad agus a aithint “nach ionann iad agus cearta na bhfoghlaimeoirí”.

Mura ndéanfar é seo, maítear go leanfaidh “an gcomhshamhlú atá ag tarlú i suíomhanna mionteanga ar fud an domhain” agus go rachaidh “tobar na Gaeilge i ndísc”.

D’eascair an tuarascáil seo as staidear a rinne saineolaithe as Coláiste Phádraig, Droim Conrach faoi stiúir an Dr. Phádraig Uí Duibhir ar iarratas ó COGG ar son na Roinne Oideachais. Iarradh go ndéanfaí athbhreithniú ar riaradh an oideachais i ndlinsí eile a bheadh inchurtha leis na ceantair Ghaeltachta. Scrúdaíodh cás na Breatnaise, na Bascaise, na Catalóinise, Naabeehó, na Fraincise, na Freaslainnise, na Gáidhlig, na Haváise, na Maoraise agus na Sualainnise.

Idir an dá linn, chuir Foras na Gaeilge agus Údarás na Gaeltachta araon fáilte roimh an dréachtpholasaí ar oideachas Gaeltachta a foilsíodh inne freisin.

Bhí ionadaithe ón bhForas ar an gCoiste Ardleibhéil Oideachais a bhí ag plé leis an dréachtpholasaí a fhorbairt le tamall de bhlianta anuas. Dúirt Ferdie Mac an Fhailigh, Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge, gur iarracht chothrom atá sa dréachtpholasaí dul i ngleic le ceisteanna atá “ciotach agus casta” agus atá ag baint as iarrachtaí an Ghaeilge a chosaint agus a chur chun cinn sa Ghaeltacht le blianta fada.

Dúirt urlabhraí de chuid an Údaráis go rabhthas ag súil go dtapófar an deis aiseolas ar na moltaí a thabhairt don Roinn Oideachais.

Duradh go raibh géarghá le polasaí cuimsitheach oideachais a thógann san áireamh na cúinsí éagsúla, ina measc “éagsúlacht teangeolaíocht, riachtanais na gcainteoirí dúchais Gaeilge agus riachtanais na bhfoghlaimeoirí, riachtanais churaclaim, inniúlacht teanga agus cumas teagaisc na múinteoirí chomh maith le ról phobal na scoile i gcoitinne”.

Duirt urlabhraí an Udarais go raibh “páirt fíorthábhachtach ag oideachas sa phróiseas pleanála teanga” agus go rabhthas ag súil “go nglacfaidh pobal na Gaeltachta an deis atá ar fáil dóibh anois ionchur a bheith acu i múnlú an pholasaí chríochnúil”.

Fág freagra ar 'Teipthe ar an Státchóras freastal mar is ceart ar ghasúir na Gaeltachta – an Roinn Oideachais'