Maidin Dé Máirt cuireadh ar ceal iad, ceithre lá sula raibh siad in ainm is a bheith ar siúl. Faoi am lóin bhí ceann acu ar ais ar an gclár ama don mhí seo chugainn… b’fhéidir.
Scrúduithe do pháistí deich mbliana nó aon bhliain dhéag d’aois. Ní scrúduithe stáit iad seo ach cinn a bhfuil comhlachtaí príobháideacha ina bhfeighil, córas a bhunaigh lucht cosanta na scoileanna graiméir chun a bpribhléid agus a stádas a bhuanú.
Más mian le tuismitheoirí áit a fháil do pháiste i scoil ghraiméir caithfidh an gasúr caighdeán áirithe a bhaint amach i gceann de dhá scrúdú. Ní hiontas go bhfuil strus agus brú uafásach ag baint leo i bhfianaise chomh hóg is atá na daltaí agus an bhéim a leagtar ar an toradh mar chéim chinniúnach saoil.
Ritear na scrúduithe i mí na Samhna de ghnáth ach cuireadh siar iad i bhfianaise na paindéime. Cháin roinnt tuismitheoirí an t-athrú go dtí an tseachtain a mbeadh páistí ag filleadh ar scoil tar éis na laethanta saoire. ‘Goideadh an Nollaig ó na daltaí,’ a dúirt siad. Bhí go leor eile míshásta, roinnt daoine mar nár cuireadh na scrúduithe aistrithe ar ceal don bhliain seo i ngeall ar an víreas agus a thuilleadh atá dubh dóite in aghaidh an chórais.
Roghnú ar bhonn acadúil atá i gceist sna scrúduithe aistrithe don chéim ó bhunscoil go dara leibhéal. Cé go bhfuil roinnt mhaith meánscoileanna ar ardchaighdeán, áirítear gur teip thromchúiseach is ea gan áit i scoil ghraiméir a bhaint amach. Is minic é ráite cheana sa cholún seo gur cleachtas é an roghnú acadúil ag deich mbliana d’aois a bhuanaíonn an éagothroime agus tá móramh mór oideachasóirí den bharúil sin.
Maíonn lucht cosanta an roghnaithe acadúil gur mhaise é ar chóras oideachais Thuaisceart Éireann. Baineann an fhianaise faoin líon ard daoine a dteipeann an córas oideachais orthu an bonn den mhaíomh sin.
Luíonn sé le réasún gur fearr go mór an seans a bheidh ag dalta a bhfuil deiseanna foghlama aige/aici sa bhaile, agus a muintir in acmhainn teagascóir príobháideach a fhostú ná mar a bheidh ag an té atá d’uireasa tacaíochta ag baile. Is measa fós an scéal in aimsir an choróinvíris, nuair a chaill páistí míonna d’am scoile agus na daoine is boichte gan na háiseanna sa bhaile acu le haghaidh cianstaidéir. Is fíor go n-éiríonn le daoine ardchumais ó chúlra bocht sna scrúduithe agus go n-éiríonn leo deiseanna a thapú dá réir ach fágtar an iomarca páistí ar an trá fholamh.
Chuir Martin McGuinness Sinn Féin deireadh leis an scrúdú stáit, an 11+ mar a thugtaí air in 2002 ach níor éirigh lena pháirtí córas aistrithe nua a chur ina áit. Tá teipthe ar Stormont an cheist a fhuascailt. Tá aontachtaithe i bhfabhar scrúdú aistrithe agus an chuid eile ina choinne. Bunaíodh an dá scrúdú aistrithe, ceann do na scoileanna stáit (36 acu) a ritheann an comhlacht AQE agus ceann do na scoileanna Caitliceacha (33) atá faoi stiúir PPTC. Glacann ocht scoil graiméir le torthaí ón bpéire. Is minic a dhéanann daltaí an dá cheann.
Thug an chuid ba mhó de na scoileanna Caitliceacha droim láimhe leis an scrúdú don bhliain seo mar gheall ar an bpaindéim. I bhfianaise na srianta Covid-19 is deireanaí d’fhógair PPTC an tseachtain seo nach rithfeadh siad aon scrúdú don gheábh seo.
Cuirfear suim mhór sna critéir a úsáidfidh na scoileanna le haghaidh iontrála – féachaint an bhfuil siad cothrom agus an mbeidh difríocht le sonrú idir na daltaí a ghlacfar isteach i mbliana agus na rollaí blianta eile. An dtiocfaidh said ar mhúnla aistrithe nua a bheadh sásúil?
Bhí an DUP tiomanta don scrúdú aistrithe agus tá i gcónaí. Rinneadh diancháineadh ar an Aire Oideachais Stormont, Peter Weir toisc gur dhiúltaigh sé as éadan treoir a thabhairt do AQE agus PPTC le linn na paindéime.
Dúirt sé nach raibh aon ról aige i leith na gcomhlachtaí príobháideacha. D’admhaigh sé áfach gur theastaigh uaidh an roghnú acadúil a chosaint.
Bhí “cur chuige idé-eolaíoch” á chaitheamh ag an dá thaobh lena chéile mar a bheadh Dia á rá leo. Mhaígh Weir agus a cheannaire Arlene Foster gur idé-eolaíocht faoi ndear Sinn Féin, SDLP agus Alliance a bheith ag iarraidh go gcuirfí na scrúduithe ar ceal don bhliain seo – cealú go deo a bhí uathu i ndáiríre, dar leis an DUP. Níl aon dabht faoi fhreasúra na bpáirtithe sin don gcóras ach bhí cinneadh don ghearrthéarma uathu ó Weir agus iad cinnte gur idé-eolaíocht an DUP faoi ndear a sheasamh.
Cibé léamh a bheadh agat air ba náireach an mhaise é do Peter Weir gan plean in ionad na scrúduithe a chur ar fáil sna cúinsí eisceachtúla a bhaineann leis an mbliain seo.
Lig sé don éiginnteacht faoi cad a bhí i ndán do na paistí maireachtáil ar feadh míonna in 2020. Baineadh croitheadh as páistí agus tuismitheoirí nuair a d’fhógair AQE Dé Máirt cúpla uair an chloig tar éis scrúduithe an tSathairn a chur ar ceal go rithfí scrúdú amháin ar an 27 Feabhra – más féidir sin i bhfianaise na paindéime.
Sin seacht seachtaine eile de bhrú agus d’éiginnteacht. Mheas fiú aontachtaithe eile go raibh sé thar am ag Weir freagracht a ghlacadh ar mhaithe leis na páistí. Ní hé leas aon duine go leanfadh an ghuagacht agus an phraiseach dho-mhaite atá déanta den scéal.
Fág freagra ar 'Teip náireach an DUP maidir le scrúduithe na bpáistí'