Teip ghlan atá sa choirdhráma is déanaí ó RTÉ

Ar an gcéad luí súl thaibhseofaí duit go bhfuil tréithe suimiúla ag baint le ‘Clean Sweep’, ach imíonn rudaí sa bhfraoch an-tapa ar fad

Teip ghlan atá sa choirdhráma is déanaí ó RTÉ

Cuireadh na sé ghála den tsraith drámaíochta Clean Sweep ar sheinnteoir RTÉ ar an Domhnach. Iarracht an folúntas a d’fhág an saothar iontach sin Kin a líonadh b’fhéidir. B’fhánach an mhaise acu é óir go bhfuil Kin ar cheann de na saothair is cumasaí a tháinig os ár gcomhair le roinnt blianta, níos fearr ná Love/Hate ar a shlite féin. Ar an láimh eile is saothar neafaiseach é an scéinséir is déanaí seo.

Ar an gcéad luí súl thaibhseofaí duit go bhfuil tréithe suimiúla ag baint leis an saothar. Scéal á insint ó thaobh an dúnmharfóra, é bunaithe ar scéal fíor agus an t-aisteoir iontach Charlene McKenna sa phríomhról. Imíonn rudaí sa bhfraoch an-thapaidh ar fad, áfach.

Sa chéad radharc címid Shelly (McKenna) ag iarraidh fuil a ghlanadh dá gúna agus gunna lena hais. De gheit tagann a hiníon isteach agus ba dhóbair go mbeireann sí uirthi. Déantar sinn a theilgean siar naoi n-uair an chloig le go bhfeicimis na heachtraí aite a thug an ceann feadhna chuig an staid sin.

Máthair a fhanann sa mbaile í Shelly. Í gafa le tógáil a triúr clainne, cúraimí tí agus cruinnithe chumann tuismitheoirí agus múinteoirí. An saol ag imeacht chun leadráin uirthi agus é á thabhairt le fios dúinn go bhfuil Jason (Barry Ward), an Garda atá mar fhear céile aici, ag imeacht thar claí. Téamaí seanchaite go maith.

An lá cinniúnach úd tagann iar-leannán nach bhfuil feicthe aici le blianta aniar aduaidh uirthi. Ní mó ná sásta atá sí; go deimhin tá eagla uirthi. I radharc ciotach, liobarnach amháin tugtar le fios dúinn go bhfuil cúlra dorcha aici, gur theith sí ó chomthéacs dainséarach éigin agus gur chruthaigh sí aitheantas nua di féin. Cuirean sí piléar sa bhfear seo atá ar tí na rúin atá faoi cheilt le fiche bliain a nochtadh. Thit an lug ar an lag orm ag an bpointe sin. Vae linn ar bhóthar na hainnise.

Ar ámharaí an tsaoil, agus faoi mar atá an lucht féachana ag súil leis, tugtar an cúram do Jason an dúnmharú a fhiosrú. Cad é teannas agus uisce fé thalamh, mar dhea, sa tigh. Tuigimid nach aon chríoch shona atá i ndán d’éinne. Tá an scéal tanaí go maith mar sin agus le húdar a thabhairt do na sé ghála déantar téamaí fánacha eile a shníomh isteach. Tá mac na lánúine breoite, tá a bpósadh ar tí titim as a chéile ar aon nós agus tá leathshúil ag Shelly ar thuismitheoir Meiriceánach sa scoil.

Tá snáithe an scéil áiféiseach agus tá an comhrá liobarnach. Is aisteoir fíorchumasach í McKenna ach tá sí teanntaithe ag script/scéal neafaiseach agus carachtar gan mórán téagair. Ní haon dóithín é Ward ach is amhlaidh an scéal leis siúd.

D’fhéadfadh an scéal seo a bheith inste i leath an ama agus fiú leis sin ní bheadh an saothar seo thar mholadh beirte.

Fág freagra ar 'Teip ghlan atá sa choirdhráma is déanaí ó RTÉ'